An difríocht idir athruithe ar: "Cumannachas"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 8:
 
Cuid lárnach de theagasc an chumannachais is ea an cinnteachas stairiúil. Is é sin, creideann an cumannaí go bhfuil stáisiúin na staire léarscáilithe cheana féin. Roimh an gcaipitleachas, bhí an feodachas; i ndiaidh an chaipitleachais, tiocfaidh an sóisialachas, agus ní bheidh sa sóisialachas féin ach céim idirmheánach roimh an gCumannachas, an todhchaí Útóipeach, ina mbeidh caidreamh na ndaoine chomh sibhialta, chomh nádúrtha agus nach mbeidh gá leis an stát féin a thuilleadh.
[[Íomhá:Marx and Engels.jpg|mion|Karl Marx sa bhliain 1867 agus Friedrich Engels]]
 
Go praiticiúil, ní raibh na páirtithe cumannacha ábalta an Útóipe chumannach a bhaint amach in aon tír ina raibh siad ag rialú. Na tíortha inar tharla réabhlóid chumannach, chuaigh siad in abar sa "sóisialachas idirmheánach", agus an córas polaitiúil ag dul ó mhaith ar fad le deachtóireacht, géarchéim eacnamaíochta, breabaireacht, míleatachas agus mionghadaíocht. Is iad na [[GULag|campaí géibhinn]] is mó a shamhlaítear leis an [[Aontas Sóivéadach]] inniu, nó níor tháinig tuar riamh ar thairngreachtaí na luath-chumannaithe faoi shaoirse na hÚtóipe - a mhalairt ar fad. Ón taobh eile de, bhí páirtithe cumannacha in ann leas na ndaoine bochta a chur chun cinn ina lán tíortha Iartharacha ina raibh siad sásta rialacha an daonlathais a urramú - rud a bhréagnaigh teoiricí an chumannachais féin.
[[Íomhá:Vietnamese Communist Propaganda Poster - Hanoi 2014 C.jpg|clé|mion|Bolscaireacht i [[Vítneam]] (Páirtí Cumannach Vítneam), 2014]]
 
== Stair an Chumannachais ==
Line 16 ⟶ 17:
== Tíortha cumannacha faoi láthair ==
 
Seo iad na [[Tír|tíortha]] a bhfuil rialtais Chumannacha i gceannas orthu i láthair na huaire. Tugtar ainm an pháirtí atá i bhfeidhm idir lúibíní. Ar ndóigh, ní córas ná sochaí Chumannach atá i gceist mar a thuig Marx an focal, ach córas "idirmheánach" Sóisialach.
[[Íomhá:Posters in Yangtaishan Community concerned CPC 18th National Congress 20131231.jpg|mion|[[Páirtí Cumannach na Síne]] - Yangtaishan, 2013]]
 
* [[Cúba]] ([[Páirtí Cumannach Chúba]])
* [[Laos]] (Daon-Pháirtí Réabhlóideach Laos)
* Daon-Phoblacht na [[Daon-Phoblacht na Síne|Síne]] ([[Páirtí Cumannach na Síne]])
* [[Vítneam]] (Páirtí Cumannach Vítneam)
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}{{síol}}
 
[[Catagóir:Polaitíocht]]