An difríocht idir athruithe ar: "Seán Ó Cathasaigh"

Content deleted Content added
Líne 19:
An chéad dráma leis an gCathasach ar glacadh leis le haghaidh stáitsiú, mar atá, ''The Shadow of a Gunman'' ("Scáil an Ghunnadóra"), léirigh Amharclann na Mainistreach é sa bhliain 1923. Ina dhiaidh sin, bhí baint ag an drámadóir agus ag an amharclann le chéile a chuaigh chun leasa don bheirt acu, ach tháinig cineál drochdheireadh leis an mbaint sin.
 
Is é is ábhar don dráma ná an dóigh a ndeachaigh an pholaitíocht réabhlóideach i gcion ar mhuintir na slumanna i mBaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin, léirigh an amharclann ''Juno and the Paycock'' sa bhliain 1924 agus ''The Plough and the Stars'' dhá bhliain ina dhiaidh sin. Is dócha gurbh iad an dá cheann seo na drámaí ab fhearrtogha a tháinig ó pheann an údair riamhshaothair.
 
Sa chéad cheann acu, caitear súil an lucht oibre, súil na mbocht, ar imeachtaí an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogaidh Chathartha]]. An dara ceann, arís, tá sé suite i mBaile Átha Cliath le linn [[Éirí Amach na Cásca]]. Leis an meánaicme ba mhó a bhain an tÉirí Amach sin, agus ní raibh mórán bainte ag na bochta leis.