An difríocht idir athruithe ar: "An Triail (Máiréad Ní Ghráda)"

Content deleted Content added
Eefa98 (plé | dréachtaí)
No edit summary
Eefa98 (plé | dréachtaí)
Líne 60:
Máthair míthrocáireach, coiméadach a bhí inti.  Glacann sí páirt thábhachtach sa dráma seo.  Bhí saol crua aici ag sclábhaíocht ar an bhfeirm.  Bean an-údarásach a bhí inti, chomh maith, toisc go bhfuil pleananna móra saoil leagtha amach aici don triúr acu.  Bhí sí ceartaiseach freisin agus í ag súil go rachadh Máire sna mná rialta, go mbeadh Seán ina shagart agus go bhfágfadh sí an fheirm do Liam<ref name=":3" />.  Ní theastaíonn ar na páistí na bealaigh sin a roghnú, ach ní éisteann sí leo<ref name=":4" />. Nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil Máire torrach, tá fearg uirthi nach thiocfadh a cuid uaillmhianta i gcríoch. Déanann sí iarracht leanbh sa bhroinn a mharú, mar dar léi ''‘níl aon pheaca deireadh a chur le rud neamhghlan- rud a bhí mallaithe ag Dia agus ag duine’''<ref name=":2" />.  Níor thaispeáin sí grá mháthair dá híníon.  Tá sí buartha faoi thuairimí na gcomharsan agus ceapann sí gur mór an peaca leanbh a bheith ag máthair shingil.<ref name=":1" />
Pádraig Mac Carthaigh
Is é an fríthlaoch an dráma seo.  Fear fimíneach é, iarábhar sagairt agus múinteoir scoile agus bhí meas mór ag gach duine leis.  Feicimid Pádraig den chéad uair sa theach scoile.  Buaileann sé le Máire.  Tuigeann sé go bhfuil cumhacht aige ar Mháire agus úsáideann sé é sin chun a shlí féin a bheith aige<ref name=":4" />.  Meallann sé Máire.  Tuigeann sé go maith go bhfuil sí óg, saonta agus simplí.  Cuireann sé faoi gheasa í ag rá gur rud ''‘beannaithe’'' atá ar siúl eatarthu.  Bhí bua na cainte aige.  Síleann sé go bhfuil Máire faoi smacht a máthair<ref name=":1" />.  Déanann sé dúshaothrú mínáireach ar shoineantacht Mháire.  Tá sé fimíneach chomh maith, mar, os comhair an mhuintir, is duine urramach é, máistir scoile. Ach san oíche, i ngan fhios d’éinne, tá sé ag bualadh le Máire, agus iarrann sé uirthi gan aon rud a rá le héinne<ref name=":4" />.  Is bréagóir é, nuair a fhaigheann sé amach go bhfuil sí ag iompar clainne, tréigeann sé í mar is ar a shon féin atá sé i gcónaí.  Ag an deireadh, chuireann Máire lámh in bás féin agus go maraíonn sí a leanbh mar gheall ar mheabhla gur bhraith sí.
Is é Pádraig Mac Cárthaigh fríthlaoch an dráma seo. Is é Pádraig údar gach olc i saol Mháire.
Mailí
Ní ghlactar leis an bpríomhphearsa, Máire Ní Chathasaigh, ina teach féin, ina paróiste féin, san ionad oibre, san eaglais, no fiú amháin i measc strainséirí. Níl cabhair le fáil aici ach amháin ó Mhailí, striapach- bean eile atá imeallaithe ag an tsochaí.