An difríocht idir athruithe ar: "An Triail (Máiréad Ní Ghráda)"

Content deleted Content added
Eefa98 (plé | dréachtaí)
No edit summary
Eefa98 (plé | dréachtaí)
Líne 50:
 
Ba í Máire an phríomh-charactar an dráma seo.  Cailín ciúin cúthail a bhí inti.  Tá sí go mór faoi smacht ag a máthair.  Chomh maith, bhí meas aici ar a máthair agus rinne sí gach rud dá máthair, mar, beidh Máire ag dul isteach sna mná rialta, dar léi, ach tá Máire féin in amhras faoi sin.  Ní raibh mórán de thaithí an tsaoil ag Máire bocht.  Nuair a bhuail sí le Pádraig Mac Cárthaigh den chéad uair, ba cailín goilliúnach soineanta í.  Bhí sí an-dílís do Phádraig.  Níor scar sí lena ainm nó a sloinne<ref name=":3">Wikipedia. 2019. ''An Triail''. Ar fáil: <nowiki>https://en.wikipedia.org/wiki/An_Triail#Main_characters</nowiki>. Dáta rochtana: 24/02/19.</ref>. Cuireann a máthair mallacht uirthi, nuair a fhaigheann sí go bhfuil Máire ag iompar clainne.  Glaonn sí striapach uirthi, agus ruaigeann sí ón teach í<ref name=":1" />.  Bhí saol dian uaigneach ag Máire nuair a fuarthas amach go raibh sí ag iompar clainne.  Thréig gach duine í, a clann san áireamh mar bhí siad burtha faoi ‘''thuairim na gcomharsan''’.  I rith an dráma ar fad, bhí Máire ag fás agus ag forbairt mar charactar.  Cailín ciúin soineanta a bhí inti ar dtús, ach, fuair sí neart agus misneach nuair a chuaigh sí go dtí Baile Átha Cliath.  Ach sroicheann sí deireadh na feide nuair a thréig Pádraig í agus a leanbh agus nuair a chuireann sé striapach uirthi, níl puinn dóchais fágtha aici.  Mar sin, tugann sí a breithiúnas féin ar an bhfadhb ina bhfuil sí: ''<nowiki/>'Mharaigh mé mo leanbh de bhrí gur cailín í. Fásann gach cailín suas ina bean. Ach tá m’iníon saor. Ta sí saor. Ní bheigh sí ina hóinsín bhog ghéilliúil ag aon fhear. Tá sí saor''<nowiki/>'<ref name=":4">O Laoghaire, D. 2015. ''An Triail''. Ar fáil: <nowiki>http://dolaoghaire.wdfiles.com/local--files/drama/An%20Triail.pdf</nowiki>. Dáta rochtana: 24/02/19.</ref>.
 
''<nowiki/>''
''<nowiki/>''<nowiki/>''<nowiki/>''
Bean Uí Chathasaigh (máthair Mháire)
Máthair míthrocáireach, coiméadach a bhí inti.  Glacann sí páirt thábhachtach sa dráma seo.  Bhí saol crua aici ag sclábhaíocht ar an bhfeirm.  Bean an-údarásach a bhí inti, chomh maith, toisc go bhfuil pleananna móra saoil leagtha amach aici don triúr acu.  Bhí sí ceartaiseach freisin agus í ag súil go rachadh Máire sna mná rialta, go mbeadh Seán ina shagart agus go bhfágfadh sí an fheirm do Liam<ref name=":3" />.  Ní theastaíonn ar na páistí na bealaigh sin a roghnú, ach ní éisteann sí leo<ref name=":4" />. Nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil Máire torrach, tá fearg uirthi nach thiocfadh a cuid uaillmhianta i gcríoch. Déanann sí iarracht leanbh sa bhroinn a mharú, mar dar léi ''‘níl aon pheaca deireadh a chur le rud neamhghlan- rud a bhí mallaithe ag Dia agus ag duine’''<ref name=":2" />.  Níor thaispeáin sí grá mháthair dá híníon.  Tá sí buartha faoi thuairimí na gcomharsan agus ceapann sí gur mór an peaca leanbh a bheith ag máthair shingil.<ref name=":1" />