An difríocht idir athruithe ar: "Breandán Ó Beacháin"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 18:
 
== Saol ==
Rugadh Breandán Ó Beacháin i lár chathair [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] ar an [[9 Feabhra]] 1923. Bhí cónaí ar an teaghlach i dteach a sheanmháthar, bean a raibh roinnt tithe aici sa cheantar.[[Íomhá:Brendan Behan and Jackie Gleason NYWTS.jpg|clé|250px|thumb|Breandán le [[Jackie Gleason]].]]Ba d'aicme an lucht oibre iad agus bhí a athair ina phéintéir tí. Bhí an-dúil sa léann acu, áfach, agus ba ghnách leis an athair scéalta clasaiceacha Béarla a léamh dá chlann ag am luí. Thógadh an mháthair a clann ar thurasanna [[litríocht]]a ar fud na cathrach. Ba dheirfiúr í le [[Peadar Ó Céarnaigh]], a chum [[Amhrán na bhFiann]], agus ba chara pearsanta le [[Mícheál Ó Coileáin]] í.
 
Ba d'aicme an lucht oibre iad agus bhí a athair ina phéintéir tí. Bhí an-dúil sa léann acu, áfach, agus ba ghnách leis an athair scéalta clasaiceacha Béarla a léamh dá chlann ag am luí. Thógadh an mháthair a clann ar thurasanna [[litríocht]]a ar fud na cathrach. Ba dheirfiúr í le [[Peadar Ó Céarnaigh]], a chum [[Amhrán na bhFiann]], agus ba chara pearsanta le [[Mícheál Ó Coileáin]] í.
 
D'fhág Breandán an scoil agus é tri bliana déag agus lean sé lorg a athar sa phéintéireacht.
[[Íomhá:Wax statue of Brendan Behan, National Wax Museum Plus, Dublin.jpg|clé|mion|National Wax Museum, Dublin]]
 
== Gníomhaíocht Phoblachtach ==
I 1937 bhog an teaghlach amach chun cónaí i scéim nua tithíochta de chuid an údaráis áitiúil i gCromghlinn, bruachbhaile de Bhaile Átha Cliath. Chuaigh Breandán isteach i bhFianna Éireann, eagraíocht aos óg an [[IRA]] agus foilsíodh filíocht agus prós dá chuid den chéad uair in iris na heagraíochta sin ''Fianna: the Voice of Young Ireland''. Gabhadh Ó Beacháin i Learpholl i 1939 agus ábhar pléasctha le haghaidh fheachtas buamála an IRA ina sheilbh aige. Gearradh trí bliana i scoil cheartúcháin air agus níor fhill sé ar Éirinn go dtí 1941. Gearradh téarma príosúin ceithre bliana déag air i 1942 ar chúis go ndearna sé iarracht beirt bhleachtairí a dhúnmharú i mBaile Átha Cliath. I bPríosún Mhuinseo a bhí sé ar dtús ach aistríodh go campa géibhinn an Churraigh é níos déanaí. Ligeadh saor i 1946 é nuair a cuireadh pardún ginearálta do phríosúnaigh phoblachtacha i bhfeidhm. Chaith sé seal i bpríosún i [[Manchain]] i 1947 de bharr iarracht a dhéanamh comrádaí poblachtach leis a shaoradh ó phríosún.
[[Íomhá:Home of Brendan Behan.jpg|clé|mion|295x295px|baile i mBÁC]]
 
== An Scríbhneoir ==
[[Íomhá:Brendan Behan and Jackie Gleason NYWTS.jpg|clé|250px|thumb|Breandán le [[Jackie Gleason]].]]
D'imir a tharla dó sa phríosún an-tionchar ar scríbhneoireacht Uí Bheacháin. Scríobh sé a chéad dráma, ''The Landlady'', i Muinseo agus thosaigh sé ag scríobh gearrscéalta agus próis eile ann freisin. Cuireadh cuid dá shaothar i gcló in The Bell príomhiris litríochta na hÉireann na linne sin. D'fhoghlaim sé Gaeilge sa phríosún agus, tar éis dó bheith scaoilte saor i 1946, chaith sé tamall i n[[Gaeltacht|nGaeltachtaí]] na Gaillimhe agus Chiarraí, áit ar thosaigh sé ag scríobh filíochta i nGaeilge. Faoi thús na gcaogaidí bhí sé in ann teacht i dtír ar a scríbhneoireacht don raidió agus do na nuachtáin agus bhí cáil bainte amach aige mar fhear barrúil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus i measc lucht litríochta.
 
Tháinig ardú mór ar a cháil i 1954 nuair a léiríodh dráma leis, ''The Quare Fella'' (béarlagair príosúin ar ‘duine daortha chun báis’), sa Pike Theatre i mBaile Átha Cliath. Mhair sé ar stáitse ar feadh sé mhí. I 1956 léiríodh sa [[West End]] i [[Londain]] agus ar Broadway i [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]] é agus bhain an Beachánach clú idirnáisiúnta amach dá bharr. I 1958 léiríodh dráma beag Gaeilge leis, ''An Giall'' (tháinig an leagan Béarla 'The Hostage' níos deanaí sa bhliain), in amharclann an Damer agus foilsíodh a úrscéal dírbheathaisnéise ''Borstal Boy''. Bhí Breandán Ó Beacháin anois ar dhuine de phríomhscríbhneoirí Éireannacha na linne. I measc shaothair eile Uí Bheacháin tá dráma, Richard’s Cork Leg, agus roinnt drámaí don raidió chomh maith le roinnt leabhar. Chum sé dhá amhrán chlúiteacha freisin, ''The Auld Triangle'' agus ''The Captains and the Kings''.
[[Íomhá:Brendan Behan statue 2015.jpg|clé|mion|An Chanáil Ríoga, BÁC]]
 
== Gaeilge ==
Ba chainteoir Gaeilge díograiseach é an Beachánach agus scríobh sé roinnt dá shaothar i nGaeilge i dtús ama..
 
== Deireadh Ré ==
Line 37 ⟶ 40:
 
Fuair sé [[bás]] in Ospidéal na Mí, Baile Átha Cliath i 1964 agus é bliain is daichead, agus cuireadh i [[Reilig Ghlas Naíon]] é.
[[Íomhá:REMEMBERING BRENDAN BEHAN (PUBLIC ART BESIDE LOCK 2 ON THE ROYAL CANAL)--111893 (24746427599).jpg|clé|mion]]
 
== Saothar ==
Line 70 ⟶ 74:
* [[An Giall]]
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}{{síol}}
 
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|Beacháin, Breandán Ó]]