An difríocht idir athruithe ar: "Éire"

Content deleted Content added
m Cealaíodh athruithe 2C0F:F930:0:3:0:0:0:221 (Plé); ar ais chuig leagan le Picapica
chlib amháin: Rollback
→‎Stair: Toghchán i 1918 An Chéad Dáil 1919
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 68:
I rith an [[19ú haois]], bhí aighneas ar son na saoirse ó am go ham. Bhí éirí amach in [[1803]], agus múchadh go héasca é, agus cuireadh an ceannaire, [[Robert Emmet]], chun báis. Timpeall na bliana [[1845]] a chuir [[Michael Davitt]] ón [[an tSráid|Sráid]] i g[[Contae Mhaigh Eo]] [[Conradh na Talún]] ar bun. Is é a bhí á iarraidh acu ná ''cíos cothrom, ceart seilbh agus cead díolta''. Bhí Conradh na Talún ar bun ar fud na tíre. Bhí [[Éirí Amach 1848 in Éirinn|Éirí Amach]] freisin in [[1848]]. Theip ar an éirí amach sin, mar a theip ar gach ceann roimhe.
 
Ag deireadh an 19ú haois, bhí [[Páirtí Parlaiminteach na hÉireann]] (''Irish Parliamentary Party'') gníomhach ag lorg saoirse don tír. Ba é [[Charles Stewart Parnell]] a bhí ina fheighil ar feadh i bhfad, ach nuair a cuireadh cairdeas a bhí aige le bean pósta [[Kitty O'Shea]], ina leith, chuaigh an eaglais Chaitliceach ina choinne, agus uaidh sin thréig muintir na tíre é, gur chaill sé a cheannaireacht i [[1890]]. Ina dhiaidh siúd, bhí [[John Redmond]] i bhfeighil ar an bpáirtí, agus lean siad go dtí gur éirigh le [[Sinn Féin]] uimhir mór feisirí a thoghadh i [[19171918]], tar éis [[Éirí Amach na Cásca]] i [[1916]]. Ní raibh ag páirtí Redmond ach seachtar fheisire, an chuid is-mó in Uladh (ceann amháin i [[Learpholl]]).
 
Chuir Sinn Féin [[an Chéad Dáil]] ar bun i [[19181919]] i m[[Baile Átha Cliath]] mar gur acu a bhí bunús na bhfeisirí a toghadh go parlaimint [[Londain]]. Reachtáladh [[Acht Rialtais Éireann]] i Londain i [[1920]], agus cé go raibh saoirse d'Éireann i gceist, deir [[R.F. Foster]] ina leabhar, ''Modern Ireland'', go raibh sé an-soiléir go mbeadh críochdheighilt freisin, mar go raibh rogha le bheith ag muintir an oirthuaiscirt gan a bheith páirteach sa neamhspleáchas. Go deimhin, cé go ndeachaigh an [[Bille um Riail Baile]] tríd an dteach íochtarach i Sasana i [[1914]], chuir [[Teach na dTiarnaí]] an oireadh athraithe air nár féadadh é a thabhairt i gcrích.
 
Ina dhiaidh seo, thosaigh [[Cogadh na Saoirse in Éirinn|Cogadh na Saoirse]] a lean go dtí an [[Conradh Angla-Éireannach]] i [[1919]]. Ach ní raibh aontas faoin gconradh, mar gur aithin sé [[Críochdheighilt na hÉireann|críochdheighilt na tíre]], agus as seo a tháinig an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Cogadh Cathartha]] nó Cogadh na gCarad, a bhí chomh crua céanna le Cogadh na Saoirse. Ach buaileadh an taobh Poblachtach a chuir i gcoinne an Chonartha, agus bhí rialtas neamhspleách anois sna 26 chontaethe ó dheas. Tá na sé chontaethe ó oir-thuaidh sa [[Ríocht Aontaithe]] ó shin, i ríocht Thuaisceart Éireann.