An difríocht idir athruithe ar: "Peadar Mór"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 22:
=== A Chéad Óige ===
Rugadh Pyotr Alexeyevich [[Rítheaghlach Romanov|Romanov]], nó an t-impire '''Peadar Mór''', sa bhliain [[1672]] ([[9 Meitheamh]]). Le linn a chéad óige ní rabhthas ar aon bharúil faoin gcomharbas. Bhí trioblóidí ar coipeadh sa chúirt, agus na daoine uaisle ag tógáil uisce faoi thalamh in aghaidh a chéile. Mar sin, ba chuid de shaoltaithí an bhuachalla bhig tiarnaí móra de chuid na tíre a fheiceáil báite ina gcuid fola le súile a chinn féin. Chun Peadar óg a choinneáil slán sábháilte ó chaimiléireacht na cúirte tógadh faoin tuath é, áit ar éirigh sé mór leis an gcosmhuintir
=== I gComhluadar na gCoimhthíoch ===
Is é is brí le Nemetskaya Sloboda ná Saorcheantar na
D'fhoghlaim Peadar óg léann nua-aimseartha an Iarthair agus go leor scileanna innealtóireachta ó mhuintir an tSaorcheantair. Ón taoibh eile de, ó tharla go raibh a fhios aige go raibh sé i ndán dó dul i gceannas ar an tír ab fhairsinge ar domhan, fágadh gan toilsmacht é. Ba dual dó ragairne rábach ó bhí sé ina dhéagóir óg aerach, agus é ag ól is ag bualadh craicinn ar nós an diabhail féin má bhuail an tallann é.
Líne 37:
=== Fear tallannach, fear cruálach ===
Ag filleadh abhaile dó fuair sé a chuid saighdiúirí i mbun ceannairce. Ó bhí sé i ndiaidh dhá reisimint den chéad scoth a chur ar bun roimh imeacht ar an gcoigríoch dó, agus iad mionnaithe dó go pearsanta, chuaigh aige lucht na
I ndiaidh an ródaigh seo rinne mo dhuine deimhin de nach dtitfeadh a leithéid amach arís. Chuir sé eagar agus inneall ar an arm, na [[Cosacaigh]] san áireamh, agus chuir sé coinscríobh i bhfeidhm ar aicmí nua den tsochaí. Mar a chonaic muid cheana, bhí a chroí sáite ina chuid long, agus é iontach gnóthach ag iarraidh cabhlach ceart a thógáilt don tír. Rinne sé téisclim mhór chogaidh ar bhealaí eile freisin, ag earcú is ag cóiriú reisimintí nua airm agus ag cur garastúin á dtógáil.
Líne 49:
=== An Phríomhchathair Nua ===
Nó is amhlaidh gur le linn an chogaidh seo a thoisigh Peadar a thógáil na cathrach a bhfuil a ainm is a chuimhne ceangailte di: [[Cathair Pheadair]]. Déanta na fírinne, bhí cathair ann cheana féin, baile beag daingnithe de chuid na Sualannach: Nyen as Sualainnis, nó Nevanlinna as Fionlainnis. Scrios Peadar daingean Nyen (nó Nyen-Skans) agus chuir sé d'fhiacha ar bhunadh an cheantair thart ar an
I ndiaidh an chogaidh, fógraíodh an chéad Impire uile-Rúiseach de Pheadar. Nó siúd is go raibh an teideal úd "Sár" á chleachtadh ag ríthe na [[An Mhoscóiv|Moscóive]] le
[[File:Peter_I_by_Kneller.jpg|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Peter_I_by_Kneller.jpg|mion|Godfrey Kneller, 1698.]]
=== Leasaitheoir an Riaracháin is na Sochaí ===
Ós rud é go raibh Peadar chomh tugtha sin d'eolaíocht is do léann an Iarthair, agus é ag cur suim i gcóras riaracháin is rialtais na dtíortha Iartharacha fosta, ní hionadh gur chaith sé cuid mhór dá am ag iarraidh malairt crutha a chur ar a thír dhúchais ag déanamh aithrise ar an Iarthar. Is é an rud a theastaigh uaidh ná deireadh a chur leis na ''prikazy'' (приказы), na húdaráis lárnacha a raibh gach aon cheann acu bunaithe ar ordú ar leith ón Sár seo nó siúd
[[File:Peter_I_by_Carel_de_Moor.jpeg|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Peter_I_by_Carel_de_Moor.jpeg|mion|le Carel de Moor, 1717]]
=== Fear Mór Tionsclaíochta agus Marsantachais ===
Chuir Peadar an chéad bhun leis an réabhlóid tionsclaíochta freisin, nó bhunaigh sé monarchana anseo is ansiúd le tráchtearraí déantúsaíochta a tháirgiú le haghaidh easpórtála, agus é ag iarraidh an margadh intíre a chosaint ar iompórtáil iasachta san am céanna trí dhleachtanna arda caomhnaitheacha a ghearradh is a
=== An Cultúr Nua ===
Líne 67:
Ní raibh moille ar Pheadar nuálacha a thabhairt isteach i gcúrsaí cultúir ach an oiread. Bhunaigh sé scoileanna le heolaithe mara agus loingseoireachta a oiliúint, agus téacsleabhair eolaíochta á bhfoilsiú sa [[Ceimic|cheimic]] is san [[Fisic|fhisic]], sa [[Geograife|gheograife]] is sa [[réalteolaíocht]], sa [[Matamaitic|mhatamaitic]] is san [[innealtóireacht]]. Chrom na saineolaithe ar imeallchríocha na Rúise a léarscáiliú agus ar theangacha a muintire a fhoghlaim is a staidéar. Chuir Peadar deireadh leis na féasóga fada agus le nósanna seanbhunaithe eile nár áirigh sé oiriúnach agus an tír le cur i dtreo na haoise nua. Níor leasc leis, fiú, na féasóga a ghearradh dá chuid cúirteoirí lena láimh féin, rud a chuir an-mhíchompord ar an duine bocht a fuair é féin faoi rásúr an Impire, agus a fhios aige nósanna brúidiúla Pheadair.
[[File:Peter_the_Great_Interrogating_the_Tsarevich_Alexei_Petrovich.jpg|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Peter_the_Great_Interrogating_the_Tsarevich_Alexei_Petrovich.jpg|mion|''Peadar agus a mhac Alexei'' (Nikolai Ge, 1871)]]
Ós rud é nach raibh Peadar, an fear mór ragairne, craicinn agus pléaráca a thréig an chéad bhean chéile s'aige ar mhaithe leis an mbean luí ab ansa leis,
Fuair Peadar Mór bás sa bhliain [[1725]] ([[8 Feabhra]]), agus é ag saothrú an bháis le tamall éigin cheana, leis na galair ghnéis agus ólacháin a d'fhág an saol sultmhar air.
|