An difríocht idir athruithe ar: "Peadar Mór"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 51:
Nó is amhlaidh gur le linn an chogaidh seo a thoisigh Peadar a thógáil na cathrach a bhfuil a ainm is a chuimhne ceangailte di: [[Cathair Pheadair]]. Déanta na fírinne, bhí cathair ann cheana féin, baile beag daingnithe de chuid na Sualannach: Nyen as Sualainnis, nó Nevanlinna as Fionlainnis. Scrios Peadar daingean Nyen (nó Nyen-Skans) agus chuir sé d'fhiacha ar bhunadh an cheantair thart ar an áit—[[an Ingearmanlann]] a thugtaí ar an gcúige ar na saolta sin—dul ag tógáil na cathrach nua dó. Bhí láithreán na n-oibreacha seo inchomórtais ar fad le sluachampaí géibhinn Stailín, agus na sclábhaithe chomh héigiontach le chéile sa dá áit. Lena cheart a thabhairt do Pheadar, áfach, ní mór dúinn a admháil gur éirigh leis rud fónta a chur i gcrích ar an mbealach gránna seo: ba bheag toradh úsáideach a bhíodh ar a raibh idir lámhaibh ag daoroibrithe Stailín, nó ní rabhthas go bunúsach ach á gcéasadh, gan aon chuspóir ceart a bheith lena streachailt. Maidir le Peadar, ní lena gcéasadh amháin a mhaslaigh sé na daoine, ach ar ndóigh, fuair an chuid ba mhó acu bás sa dá chás.
 
I ndiaidh an chogaidh, fógraíodh an chéad Impire uile-Rúiseach de Pheadar. Nó siúd is go raibh an teideal úd "Sár" á chleachtadh ag ríthe na [[An Mhoscóiv|Moscóive]] le fada—agus an focal féin - féin—''tsar''' (царь)—bunaithe ar ainm [[Iúil Caesar]] ar tús—ní bhíodh Impirí na Rúise ag tabhairt ''imperator'' orthu féin roimh Pheadar.
[[File:Peter_I_by_Kneller.jpg|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Peter_I_by_Kneller.jpg|mion|Godfrey Kneller, 1698.]]
 
=== Leasaitheoir an Riaracháin is na Sochaí ===
 
Ós rud é go raibh Peadar chomh tugtha sin d'eolaíocht is do léann an Iarthair, agus é ag cur suim i gcóras riaracháin is rialtais na dtíortha Iartharacha fosta, ní hionadh gur chaith sé cuid mhór dá am ag iarraidh malairt crutha a chur ar a thír dhúchais ag déanamh aithrise ar an Iarthar. Is é an rud a theastaigh uaidh ná deireadh a chur leis na ''prikazy'' (приказы), na húdaráis lárnacha a raibh gach aon cheann acu bunaithe ar ordú ar leith ón Sár seo nó siúd fadó—déanta na fírinne, "ordú" is bunchiall leis an fhocal ''prikaz'' (приказ) féin—agus a gcuid dualgaisí ag teacht salach ar a chéile go mion minic. Bhí sé de rún ag Peadar córas ní ba solúbtha a chur in áit tranglam na b''prikazy''. San am céanna, lean Peadar ag cloí na sean-uasalaicme—na tiarnaí talún—le haicme nua de mhaorlathaigh oilte a chur ina hionad. D'aicmigh Peadar na maorlathaigh de réir tábla céimíochtaí in aithris ar chóras na gcéimeanna míleata: an duine a bhainfeadh amach céim sách ard ag dul suas an dréimire seo, bhronnfaí gradam uaisleachta air is ar shliocht a shleachta. Dá thoradh seo, tháinig uasalaicme nua—uasalaicme na maorlathach - inmaorlathach—in iomaíocht leis na seantiarnaí talún.
[[File:Peter_I_by_Carel_de_Moor.jpeg|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Peter_I_by_Carel_de_Moor.jpeg|mion|le Carel de Moor, 1717]]
 
Líne 67:
Ní raibh moille ar Pheadar nuálacha a thabhairt isteach i gcúrsaí cultúir ach an oiread. Bhunaigh sé scoileanna le heolaithe mara agus loingseoireachta a oiliúint, agus téacsleabhair eolaíochta á bhfoilsiú sa [[Ceimic|cheimic]] is san [[Fisic|fhisic]], sa [[Geograife|gheograife]] is sa [[réalteolaíocht]], sa [[Matamaitic|mhatamaitic]] is san [[innealtóireacht]]. Chrom na saineolaithe ar imeallchríocha na Rúise a léarscáiliú agus ar theangacha a muintire a fhoghlaim is a staidéar. Chuir Peadar deireadh leis na féasóga fada agus le nósanna seanbhunaithe eile nár áirigh sé oiriúnach agus an tír le cur i dtreo na haoise nua. Níor leasc leis, fiú, na féasóga a ghearradh dá chuid cúirteoirí lena láimh féin, rud a chuir an-mhíchompord ar an duine bocht a fuair é féin faoi rásúr an Impire, agus a fhios aige nósanna brúidiúla Pheadair.
[[File:Peter_the_Great_Interrogating_the_Tsarevich_Alexei_Petrovich.jpg|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Peter_the_Great_Interrogating_the_Tsarevich_Alexei_Petrovich.jpg|mion|''Peadar agus a mhac Alexei'' (Nikolai Ge, 1871)]]
Ós rud é nach raibh Peadar, an fear mór ragairne, craicinn agus pléaráca a thréig an chéad bhean chéile s'aige ar mhaithe leis an mbean luí ab ansa leis, — ós rud é nach raibh sé in ann aon tabhairt suas cheart a chinntiú dá mhac, ní bhfuair seisean—Alexey ab ainm dó, agus é ainmnithe as athair Pheadair - lePheadair—le hoidhreacht ach drochthréithe a athar. Bhí sé corrach guagach mar dhuine, agus é ag braiteoireacht ón gcráifeacht go dtí an ragairne óil. Bhain an freasúra coimeádach eaglasta a ngaisneas as an mac, nó bhí siad meáite ar Pheadar a ruaigeadh as an ríchathaoir agus Alexey a chur ina áit mar bhalbhán fannlag d'Impire, le go mbeidís féin ag rialú na tíre. Tháinig an chomhcheilg seo chun solais, áfach, agus thug an t-Impire drochíde mhíthrócaireach dá mhac le hainmneacha na gcomhchealgairí eile a fháscadh as. Sa deireadh thiar thall, maraíodh Alexey sa phríosún.
 
Fuair Peadar Mór bás sa bhliain [[1725]] ([[8 Feabhra]]), agus é ag saothrú an bháis le tamall éigin cheana, leis na galair ghnéis agus ólacháin a d'fhág an saol sultmhar air.