An difríocht idir athruithe ar: "Iompar"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 13:
 
== Iompar san aer ==
Tháinig glaoch ar an mbalún mar áis thaistil agus shiamsa chomh luath leis an 18ú haois (féach na deartháireacha [[Montgolfier]] sa Fhrainc) ach níor ceapadh na chéad [[eitleán|eitleáin]] go dtí deireadh an 19ú haois, a bhuíochas sin ar [[William Hargreaves]] san Astráil, na [[Deartháireacha Wright]] i Meiriceá agus eile. Tháinig an [[aerlong]] chun cinn freisin, cé gur tháinig droch-chlú uirthi mar áis iompair de bharr [[hidrigin]], gás an-inlasta, a bheith á húsáid ag an am mar áis shnámha. Ba iad na heitleáin a rug bua, mar sin. Cumadh an chéad [[scairdeitleán]] roimh an Dara Cogadh Domhanda, agus tar éis an chogaidh tháinig sé i réim i gcúrsaí tráchtála de réir a chéile agus i gcúrsaí troda go hanluath. Ach tá easpa breosla á tuar anois de bharr laghdú an méid ola, agus cuireann na scairdeitleáin go mór leis an méid [[dí-ocsaíd charabónach|dí-ocsaíde charbónaí]] , gás teaschaomhnaithe, san atmaisféar. Ó am go chéile déantar trácht ar an úsáid nua a d’fhéadfaí a bhaint as na haerlonga agus iad i bhfad níos sábháilte anois, ach ní cosúil go bhfuil deireadh le réim na n-eitleán go fóill.
 
[[Catagóir:Iompar|*]]