An difríocht idir athruithe ar: "Adolf Hitler"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 95:
Na coimeádaigh agus na míleataigh timpeall ar Hindenburg, bhí siad ag áitiú ar an Uachtarán rialtas náisiúnaíoch a cheapadh agus Hitler a chur ina cheannas. Bhí tacaíocht ag teacht do Hitler i gcónaí ó na gróintíní tionsclaíochta agus ó na baincéirí, nó bhí siad den bharúil gurbh eisean an sciath chosanta ab fhearr ar na Cumannaigh. Thairis sin, má bhí Hitler ag gealladh atharmáil na tíre, b'ionann sin agus an tionsclaíocht a chur ag táirgiú treallamh cogaidh don Stát, agus ar ndóigh, ba díol spéise é sin do na gróintíní. Bhí claontachtaí áirithe taobh istigh den NSDAP féin chun frithchaipitleachais, ach má bhí, bhí éirithe le Hitler iad a choinneáil faoi smacht, rud a thaitin go mór le lucht an rachmais, ní nárbh ionadh. B'fhearr le Hitler, ar ndóigh, an milleán a fhágáil ar na Giúdaigh, seachas ar na rachmasóirí.
[[Íomhá:Bundesarchiv Bild 183-S38324, Tag von Potsdam, Adolf Hitler, Paul v. Hindenburg Recolored.jpg|clé|mion|Potsdam, Adolf Hitler, Paul v. Hindenburg, 21 Marta 1933]]
In óráid a thug sé do Chlub Tionsclaíochta Düsseldorf sa bhliain 1932, mhol Hitler na scothaicmí caipitleacha, agus é ag rá nach dtiocfadh rath ná bláth ar eacnamaíocht na Gearmáine choíche, dá mbeadh "duine as gach beirt den tuairim gurb ionann rachmas agus gadaíocht" - tagairt—tagairt a bhí anseo do na Daonlathaigh Shóisialta agus do na Cumannaigh. Na coimeádaigh náisiúnaíocha, arís, chinntigh Hitler a dtacaíocht siúd dó féin nuair a ghlac sé le Franz von Papen mar Leas-Sheansailéir. Bheadh cead ag Papen bheith i láthair agus an Seansailéir ag dul i bhfianaise an Uachtaráin. Shíl von Papen féin go mbeadh sé in ann "srianta a choinneáil le Hitler" ar an dóigh seo. Bhí dóchas ag na míleataigh go dtreiseodh Hitler leis na fórsaí armtha agus go gcuirfeadh sé Conradh Versailles ar ceal. Maidir leis na coimeádaigh náisiúnaíocha, bhí siadsan ag dréim le tuilleadh cobhsaíochta i saol polaitiúil na tíre agus le cultúr polaitiúil nua a bheadh níos cairdiúla i leith na monarcachta.
 
=== Tús na Deachtóireachta ===
Líne 126:
=== Géarleanúint na nGiúdach ===
 
Ar dtús, tháinig frith-Ghiúdachas Hitler agus na Naitsithe chun solais sa dóigh a ndéantaí leatrom oscailte ar na Giúdaigh, agus a gcuid cearta sibhialta á mbaint díobh. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, chuaigh an polasaí sin chun géaradais nuair a tosaíodh ar na Giúdaigh a mharú ina sluaite - ansluaite—an t[[Uileloscadh]], mar a thugtar air. Bhí sé tugtha le fios ag Hitler ina leabhar ''Mein Kampf'' gur theastaigh uaidh na Giúdaigh go léir a chur de dhroim an tsaoil, mar "fhuascailt dheiridh" ar an "gceist Ghiúdach". Áirítear go raibh timpeall ar shé mhilliún Giúdach ar feadh na hEorpa thíos leis an bhfeachtas ollscriosta seo.
 
Go gairid i ndiaidh do Hitler teacht i gcumhacht, tosaíodh ag imirt leatroim ar na Giúdaigh go fairsing. I Mí Aibreáin na bliana 1933, d'eagraigh an rialtas nua baghcat trí lá ar na siopaí Giúdacha. Is é an t-ábhar a luaigh siad leis an mbaghcat ná go raibh "na Giúdaigh sa choigríoch ag scaipeadh scéalta uafáis" faoin nGearmáin. Sna sálaí ag an mbaghcat, reachtaíodh dlíthe agus achtanna nua le tuilleadh srianta a chur le cearta daonna na nGiúdach agus le saoránaigh den dara grád a dhéanamh díobh. Mar shampla, na Giúdaigh a bhí ina státseirbhísigh, chaill siad a gcuid post i ndiaidh dlí nua, agus cuireadh isteach ar na Giúdaigh a raibh jabanna de chineál eile acu freisin. Ní raibh cead ag na dochtúirí Giúdacha, mar shampla, ach othair Ghiúdacha a leigheas, agus ní fhéadfadh na dlíodóirí Giúdacha freastal ach ar chliaint Ghiúdacha.
Líne 132:
Sa bhliain 1935, reachtaíodh "[[Dlíthe Nürnberg]]" a bhain na cearta sibhialta de na Giúdaigh go deifnideach. Thar aon rud eile, toirmisceadh ar na Giúdaigh daoine neamh-Ghiúdacha a phósadh nó comhriachtain ghnéis a bheith acu leo. Chabhródh an stát agus an páirtí le gnóthadóirí neamh-Ghiúdacha gnóthais Ghiúdacha a shealbhú. Na Giúdaigh a bheadh le dul ar imirce, chaithfeadh siad cáin ard a íoc, i gcruth is nach mbeadh pingin rua acu agus iad ag cromadh ar an saol nua thar lear. Roimh an Uileloscadh féin, b'í [[Kristallnacht|Oíche na Gloine Briste]] (''Reichskristallnacht'') ón naoú go dtí an deichiú lá de Mhí na Samhna 1938 buaicphointe na géarleanúna. Rinneadh ionsaithe ar na Giúdaigh, ar a gcuid gnóthas, sionagóg agus fothuithe eile de réir mar a d'eagraigh Joseph Goebbels, an tAire Bolscaireachta, iad, agus é ag fógairt san am céanna gurbh í "fearg spontáineach an phobail" ba chúis leis na hionsaithe.
[[Íomhá:Bundesarchiv Bild 183-R99035, Adolf Hitler und Leni Riefenstahl crop.jpg|clé|mion|Adolf Hitler agus Leni Riefenstahl, 1934]]
I ndiaidh don Dara Cogadh Domhanda pléascadh amach, ní ghabhfadh Hitler leor le gnáth-ghéarleanúint na nGiúdach a thuilleadh—theastaigh uaidh iad a mharú agus a dhíothú go fisiciúil. Ní raibh cead eisimirce ag na Giúdaigh a thuilleadh, agus de réir mar a bhí trúpaí na Gearmáine ag forghabháil tíortha eile, bhí géarleanúint na nGiúdach ag dul i bhfairsinge. Ón chéad lá de Mhí Mheán Fómhair 1941 i leith, chaithfeadh na Giúdaigh go léir, a bhí ní ba sine ná sé bliana d'aois, an réalta bhuí a fhuáil dá gcuid éadai ionas go mbeadh sí le feiceáil go héasca. Cuireadh srianta éagsúla le saol na nGiúdach. Ní raibh cead acu dul ar bhord na mbusanna, ná gluaisteán, raidió nó fiú madra nó cat a bheith acu. De réir a chéile, chaithfidís a seantithe agus a seanárasáin a thréigean le haghaidh a thabhairt ar na geiteonna agus na campaí géibhinn. Sa bhliain 1942, tógadh na chéad champaí díothúcháin sa Pholainn, a bhí forghafa ag na díormaí Gearmánacha: [[Auschwitz]]-[[Birkenau]] agus [[Majdanek]]. Sna campaí díothúcháin, bhí na daoine á marú mar a bheadh tionsclaíocht ann, is é sin, b'éigean dóibh dul isteach i seomraí gáis inar tachtadh iad le [[hidriginchiainíd]] ("aigéad Prúiseach", "Zyklon B"). Níorbh iad na Giúdaigh amháin a bhí á marú iontu, ach Polannaigh Chaitliceacha - intleachtóiríChaitliceacha—intleachtóirí ach go háirithe, nó níor theastaigh ó Hitler aos léinn dá gcuid féin a fhágáil ag na náisiúin Shlavacha—agus Giofóga, ach go háirithe.
[[Íomhá:Bundesarchiv Bild 183-1990-1002-500, Besuch von Hitler und Goebbels bei der UFA retouched.jpg|mion|Hitler agjus Goebbels, 1935]]
Iad siúd atá ag iarraidh an tUileloscadh a shéanadh, tá siad ag áitiú nach féidir Hitler a chiontú san Uileloscadh, ós rud é nár thángthas trasna ar aon doiciméad oifigiúil ina mbeadh Hitler féin ag ordú go ndíothófaí na Giúdaigh, doiciméad a bheadh sínithe ag an deachtóir. Ón taobh eile de, tá sé soiléir go hiomlán go raibh an cinedhíothú ag freagairt dá mhianta pearsanta. Luaigh sé cinedhíothú na nGiúdach ina leabhar ''Mein Kampf'', ag tabhairt le fios gur shíl sé gur cuidiú le cás na Gearmáine sa Chéad Chogadh Domhanda a bheadh ann dá gcuirfí na Giúdaigh chun báis san am sin, agus in óráid a thug sé don Pharlaimint (''Reichstag'') ar an 30ú lá de Mhí Eanáir 1939, bhagair sé go gcuirfeadh sé "cine na nGiúdach san Eoraip de dhroim an tsaoil" dá mbeadh cogadh ann. De réir mar ba chuimhin le Heinrich Himmler, d'ordaigh Hitler go pearsanta in Earrach na bliana 1941, agus é dóchasach i gcónaí go mbeadh an lá ag an nGearmáin, go marófaí na Giúdaigh go léir. Dúirt Himmler lena shuathaire pearsanta, [[Felix Kersten]], san am céanna, roimh an ionsaí ar an Aontas Sóivéadach, nár mhór "na Giúdaigh, gach aon duine acu, a dhíothú roimh dheireadh an chogaidh. Sin é an rud atá ag teastáil ón bh''Führer''". Sa bhliain 1943, nuair a bhí breithlá an deachtóra á cheiliúradh, thug Himmler óráid do cheannairí an SS agus iad cruinnithe i bPosen ([[Poznań]] sa Pholainn), agus é ag trácht go hoscailte ar an Uileloscadh agus ar an dóigh a gcuirfí i gcrích é. Is éadócha go ndéanfadh sé a leithéid gan faomhadh soiléir a fháil roimh ré ón bh''Führer''.
Líne 192:
==== Ag Dul Soir ====
 
Ar dtús, tháinig díormaí na Gearmáine chun fortachta do [[Benito Mussolini|Mussolini]] a bhí díreach ag iarraidh an Ghréig a chur faoi chois, rud nach raibh ag éirí lena chuid fórsaí. Theastaigh ó Hitler na tíortha Balcánacha go léir a fhorghabháil le taobh theas an chathéadain in aghaidh an Aontais Shóivéadaigh a choinneáil faoi smacht. Thosaigh an t-ionsaí ar an Aontas Sóivéadach - Sóivéadach—"Oibríocht Barbarossa" ar an 22ú lá de Mhí Iúil, 1941. Rinne bolscaireacht na Naitsithe idéalú ar an ionradh seo mar "chath an Iarthair in aghaidh dhorchadas na hÁise agus an Oirthir". Cuireadh béim ar leith ar chomh barbartha is a bhí na Rúisigh agus ar ról na "mBoilséiveach Giúdach" i bhforbairt an chórais Chumannaigh. Tugadh le fios, fosta, go raibh Hitler leis na Sóivéadaigh a shaoradh ó bhráca an Bhoilséiveachais, ach tríd is tríd, cogadh díothúcháin a bhí ann, an chuid is mó. Cé go raibh fórsaí armtha na Gearmáine ag comhoibriú in áiteanna le náisiúnaithe frith-Rúiseacha a raibh ag teastáil uathu a dteanga agus a gcultúr a chur chun cinn i ndiaidh dóibh saoirse a fháil ó chuingir an Aontais Shóivéadaigh, is é an plean a bhí ag Hitler na náisiúntachtaí seo a chur i ndaoirse agus an tsibhialtacht, an léamh agus an scríbhneoireacht féin a bhaint díobh sa deireadh thiar thall. Ar ndóigh, bhí Hitler meáite ar na Giúdaigh san Aontas Sóivéadach a mharú scun scan.
 
Ar dtús, d'éirigh le Hitler go gleoite, ach i Mí na Nollag 1941, chuaigh an fórsa ionraidh in abar nuair a bhí sé ag druidim isteach le Moscó. Faoin am céanna, d'ionsaigh an tSeapáin, comhghuaillí na Gearmáine sa Chian-Oirthear, bunáit chabhlaigh na Stát Aontaithe i Haváí, Pearl Harbor, gan súil gan choinne, agus tarraingíodh na Meiriceánaigh isteach sa chogadh. Le teann dlúthpháirtíochta leis an gcomhghuaillí, d'fhógair Hitler cogadh do na Stáit Aontaithe ar an 11ú lá de Mhí na Nollag. Ar an 19ú lá de Mhí na Nollag, ghlac sé chuige féin ardcheannasaíocht na bhfórsaí armtha. D'éirigh leis an Wehrmacht cromadh ar ais ar an ionsaí sa bhliain 1942, ach ansin, i dtús na bliana 1943, briseadh an cath ar na Gearmánaigh i Stalingrad. Ba é sin an díomua ba mhó a d'éirigh don Wehrmacht go nuige sin, agus b'ansin a casadh taoide an chogaidh in aghaidh Hitler. Ba é Hitler féin ba chiontaí sa díomua seo, nó choisc sé ar na fórsaí cúlú ó Stalingrad. Mar sin, níor tharraing siad siar in am, agus an chuid acu nach bhfuair bás sa teagmháil, ghéill siad iad féin do na Rúisigh agus cimíodh iad.
Líne 206:
==== Bás Hitler ====
 
Ní raibh coimpléasc capaill ag Hitler riamh, agus ag druidim chun deiridh don chogadh ní raibh sláinte an deachtóra ach ag dul chun donais. Creidtear inniu go raibh [[galar Parkinson]] air, agus é ag éirí [[Néaltrú|néaltraithe]] chomh maith. Mar sin féin, bhí sé in ann geasa agus draíocht a chur ar na daoine ina thimpeall i gcónaí. Ar an 19ú lá de Mhárta 1945, d'eisigh sé an t-ordú ar a dtugtar an ''Nerobefehl'' go coitianta, nó "ordú Nero" - ordú—ordú atá ainmnithe as [[Nearó|Nero]], Impire na Róimhe, faoina ndeirtear gur chuir sé an Róimh trí thine d'aon ogham. Is é an rud a d'ordaigh Hitler dá chuid trúpaí ná infreastruchtúr na Gearmáine a dhíothú de réir mar a bhí siad ag cúlú. Níor aithin sé ach an dá rogha: an bua nó an léirscrios. Ba leis na Rúisigh an todhchaí, dar le Hitler, agus ní fhéadfadh na Gearmánaigh, anois, ach stáitse na staire domhanda a fhágáil ina ndiaidh agus imeacht de dhroim an tsaoil go hiomlán. Ní raibh Albert Speer, Aire na Téisclime Cogaidh, in inmhe an t-ordú seo a scaipeadh i measc na dtrúpaí a thuilleadh, ós rud é go raibh na línte cumarsáide briste faoin am seo.
 
Ar an 22ú lá de Mhí Aibreáin, chlis a chuid néaróga ar Hitler, nuair a bhí sé ag cardáil an tsuímh mhíleata lena fhoireann thíos sa bhuncar. Bhí sé tar éis ordú a thabhairt do Felix Steiner, ginearál de chuid an SS, teacht chun fortachta do Bheirlín lena chuid tancanna. Bhí Steiner inbharúla go raibh na cúrsaí chomh dona is nach bhféadfadh sé a leithéid a dhéanamh, agus dhiúltaigh sé glan amach an t-ordú a chomhlíonadh. Bhí Hitler suite siúráilte anois go raibh sé ligthe síos ag an SS féin, agus nach mbeadh a dhath le déanamh ach féinmharú. Cé gur áitigh Martin Bormann, Wilhelm Keitel agus Hermann Göring air Beirlín a thréigean agus an fód deireanach a sheasamh in áit éigin eile, d'fhan Hitler san áit a raibh sé. Thug sé cead do dhaoine dá fhoireann éalú ón bpríomhchathair, agus d'fhág sé faoina ''aide de camp'', Julius Schaub, a chuid doiciméad a loscadh.
Líne 222:
Bhí [[Sebastian Haffner]] ina scríbhneoir agus ina iriseoir, agus chaith sé blianta an chogaidh ar a sheachnadh ó Hitler i Sasana. Bhí sé cairdiúil le [[George Orwell]] ansin. Scríobh sé an nóta thuas sa bhliain 1939.
 
[[Thomas Mann]]: ''In airde na spéartha mar atá sé inniu, agus é ag cur eagla ar na daoine sa bhaile is i gcéin, agus é ag baint lán a shúl as an ródach a rinne sé, as an bhfuil agus as na deora a doirteadh mar gheall air, as an éadóchas inar chuir sé na daoine agus as an oiread acu a chuir lámh ina mbásanna fein, - cé go síleann sé gur pearsa mhór stairiúil é, ní fhágfar a dhath ar bith dá chuid cainteanna ná dá chuid gníomhartha, nó ní raibh iontu riamh ach bréag gan chiall, agus ní bheidh de chlú iarbháis air ach an náire shaolta.''
 
Scríbhneoir mór Gearmánach ab ea Thomas Mann. Thuill a chuid saothar [[Duais Nobel na Litríochta]] dó. Go gairid roimh an gcogadh, chuaigh sé ar deoraíocht go Meiriceá, agus é ag labhairt go tráthrialta ar raidió bolscaireachta na gComhghuaillithe. Bhreac sé síos an méid thuas in aiste a chum sé sa bhliain 1938.