An difríocht idir athruithe ar: "An Ghaeilge"

74 bytes removed ,  3 bliana ó shin
ce
mNo edit summary
(ce)
{{Teanga
{{Teanga|ainm=An Ghaeilge|tír_a_labhraíonn_í_with_in=[[Poblacht na hÉireann]] (538,283), [[an Ríocht Aontaithe]] (95,000), [[Ceanada]] (7,195), [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] (25,000), [[An Astráil]] (1,895 duine á húsáid mar theanga theaghlaigh, gan trácht ar chainteoirí aonair). Ceann de theangacha oifigiúla [[an tAontas Eorpach|an Aontais Eorpaigh]]
|ainm=An Ghaeilge
|ainm_sa_teanga=Gaeilge
{{Teanga|ainm=An Ghaeilge|tír_a_labhraíonn_í_with_in=[[Poblacht na hÉireann]] (538,283), [[an Ríocht Aontaithe]] (95,000), [[Ceanada]] (7,195), [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] (25,000), [[An Astráil]] (1,895 duine á húsáid mar theanga theaghlaigh, gan trácht ar chainteoirí aonair). Ceann de theangacha oifigiúla [[an tAontas Eorpach|an Aontais Eorpaigh]]
|réigiún=[[An Ghaeltacht]], le cainteoirí ar fud na tíre
|cainteoirí=Timpeall 200,000 le Gaeilge líofa; 104,000 a úsáideann gach lá í (70,000 duine fásta, os cionn naoi mbliana déag d'aois).
|rialtóir=[[Foras na Gaeilge]]
|iso1=ga|iso2=gle|iso3=gle}}
{{DEFAULTSORT:Ghaeilge, An}}
 
Is ceann de na [[Teangacha Ceilteacha|teangacha Ceilteacha]] í '''an Ghaeilge''' (nó ''Gaeilge na hÉireann'' mar a thugtar uirthi corruair), agus ceann den dtrí cinn de theangacha Ceilteacha ar a dtugtar na [[Teangacha Gaelacha|teangacha Gaelacha]] (.i. an Ghaeilge, [[Gaeilge na hAlban]] agus [[Gaeilge Mhanann]]) go háirithe. Labhraítear in [[Éire|Éirinn]] go príomha í, ach tá cainteoirí Gaeilge ina gcónaí in áiteanna eile ar fud an domhain.
 
 
Tá go leor ainmneacha eile réigiúnda nó stairiúla ar an teanga freisin: ''Gaedhealg'', ''Gaedhilge'' agus ''Gaedhilg'' (i g[[Conamara]]); ''Gaedhilic'', ''Gaeilic'' agus ''Gaeilig'' (in áiteanna i gCúige [[Cúige Uladh|Uladh]] agus [[Maigh Eo]]); ''Gaedhealaing'', ''Gaoluinn'' agus ''Gaeilinn'' (i b[[Port Láirge]]); ''Gaelainn'' (sa [[Cúige Mumhan|Mhumhain]]); ''Gaedhlag'' ([[Ó Méith]], [[Contae Ard Mhacha|Ard Mhacha]] agus [[Contae Lú|Lú]]); agus ''Guithealg'' nó ''Goidelc'' (sa [[an tSean-Ghaeilge|Shean-Ghaeilge]]). Go minic, níl i gceist leo seo ach litrithe malartacha ar an bhfocal "Gaeilge" agus iad ag baint leis an tréimhse réamhchaighdeánach (féach thíos chun a thuilleadh eolais a fháil), ach tabhair faoi deara gurb iondúil inniu a úsáidtear an leagan Muimhneach d'ainm na teanga, ''Gaelainn'', le tagairt a dhéanamh do chanúint an chúige ina gcluinfeá an t-ainm seo uirthi. D'fheicfeá ''Gaoluinn'', leis, toisc gur mar ''é'' fada a fhuaimnítear ''ao'' an litrithe sna [[canúint]]í deisceartacha.
[[Íomhá:Trier_Stadtbibliothek_137_Fol_56.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Trier_Stadtbibliothek_137_Fol_56.jpg|clé|mion|333x333px|8ú haois:  Collectio Canonum Hibernensis sa Trier Stadt[[Leabharlann|bibliothek]] (137 Fol 56), [[An Ghearmáin]], agus níos déanaí, an Civitate Dei (Augustinus)]]
 
== Stair ==
=== An tSean-Ghaeilge agus an tOgham ===
B'é an t[[Ogham]] an chéad chóras scríofa don Ghaeilge, ach is gnách an teanga a chur ar pár i litreacha Laidineacha le níos mó ná míle bliain anuas. Sa tseachtú haois a tháinig an chéad leagan caighdeánaithe den teanga, mar atá, an tSean-Ghaeilge, ar an bhfód, agus í sách difriúil fós leis an gcineál Gaeilge a labhraítear inniu. D'úsáidtí Sean-Ghaeilge, ar dtús, i ngluaiseanna míniúcháin a chuirtí le téacsanna Laidine, le cuidiú leis na daltaí óga nach raibh ach ag foghlaim theanga na Críostaíochta Caitlicí.
[[Íomhá:Irish_Verse_in_Codex_Boernerianus.JPG|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Irish_Verse_in_Codex_Boernerianus.JPG|mion|344x344px| [[An Bíobla]] (1 Cor 2-3) a scríobh manach Éireannach i [[Sankt Gallen]], [[An Eilvéis]]]]
De réir a chéile, áfach, thosaigh na manaigh ag breacadh síos na scéalta miotaseolaíochta, leithéidí na [[Rúraíocht]]a is na [[Fiannaíocht]]a. Ní raibh siad chomh drochamhrasach i leith na seanscéalta Págánacha agus a shílfeá, ach mar sin féin bhain siad gach tagairt nithiúil don chreideamh réamh-Chríostaí de na leaganacha a rinne siad de na scéalta seo. Mar sin, fág is go bhfuil blas na Págántachta ar na seanscéalta [[Gaeil|Gaelacha]] ó thaobh an spioraid agus an tsaoldearcaidh, is deacair aon tagairt do dhéithe Págánta na gCeilteach a aithint iontu.
 
 
Tabhair faoi deara go dtugann téacsleabhair áirithe "Meán-Ghaeilge" ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach freisin. Ní botún é seo go díreach, ach cleachtas a d'imigh as úsáid idir an dá linn.
[[Íomhá:Elizabeth I's primer on Irish.jpg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Elizabeth%20I's%20primer%20on%20Irish.jpg|mion|300x300px|leabhar frásaí (1560-1580) a scríobh Sir Christopher Nugent, 9th Baron of Delvin.  Bhain [[Eilís I Shasana]] úsáid as is cosúil]]
 
=== An Nua-Ghaeilge ===
 
=== Le Déanaí ===
[[Íomhá:Ga_mid_allophones.svg|link=https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:Ga_mid_allophones.svg|clé|mion|288x288px|allafóin Ga mid]]
I ndeireadh na [[19ú haois|naoú haoise déag]], cuireadh an Nua-Ghaeilge chomhaimseartha ar bun. Ar dtús, rinne lucht an ghlanteangachais, a raibh daoine ar nós [[Risteard de Hindeberg]] orthu, iarrachtaí áirithe ar chaighdeán na Nua-Ghaeilge Clasaicí a athréimniú, ach ba é an scríbhneoir biseach úd, an tAthair [[Peadar Ua Laoghaire]], a rug bua ar de Hindeberg agus tugadh tús áite do chaint na ndaoine. Is é sin le rá gur bunaíodh an Nua-Ghaeilge scríofa ar an nGaeilge a bhí á labhairt ag muintir na Gaeltachta, seachas ar Ghaeilge Cheitinn.
 
 
== Litríocht na Gaeilge ==
[[File:Irish speakers in 2011.png|thumb|299x299px|Cainteoirí sa bhliain 2011.|clé]]Thosaigh litríocht na Gaeilge ag forbairt as an nua, nuair a tháinig úrscéal an [[Peadar Ua Laoghaire|Athar Peadar Ua Laoghaire]], ''[[oldwikisource:Séadna|Séadna]]'', i gcló go gairid i ndiaidh do [[Dubhghlas de hÍde|Dhubhghlas de hÍde]] a óráid mhór a thabhairt uaidh faoi chomh tábhachtach is a bhí sé an galldachas a ruaigedh as [[Éire|Éirinn]]. Is fíor nach raibh i leabhar an Athar Peadar ach dornán scéalta ón mbéaloideas, agus iad ceangailte le chéile le scéal an ghréasaí Séadna féin, fear a dhíol a anam leis an diabhal agus ar diúltaíodh faoina ligean isteach in Ifreann chomh maith leis na Flaithis. Mar sin féin, bhí Gaeilge líofa nádúrtha ann, rud a thaitin go mór mór le lucht athbheochana na teangan. I ndiaidh ''Shéadna'', aistriúcháin nó athinsintí ar scéalta clasaiceacha ba mhó a tháinig ó pheann an Athar Pheadair, leithéidí an leagain Ghaeilge a rinne sé de ''[[Don Quixote]]'', agus dála go leor daoine aithnidiúla eile i saol na Gaeilge, scríobh sé dírbheathaisnéis freisin, ''Mo Scéal Féin'', a áirítear ar bhunchlocha litríocht na Gaeilge chomh maith céanna.
 
Is mar réabhlóidí ba mhó a bhain [[Pádraig Mac Piarais]] amach a chlú iarbháis, ach is gá aird a tharraingt air gur scríbhneoir Gaeilge a bhí ann, leis. Scríobh sé roinnt gearrscéalta rómansúla, traigéideacha fiú, agus iad suite i saol na Gaeltachta. Is é "Eoghainín na nÉan" an ceann is mó a théann i bhfeidhm ar an léitheoir, go háirithe ar an léitheoir atá eolach ar chinniúint an scríbhneora.[[Íomhá:Cainteoirí Gaeilge - Irish Speakers.svg|deas|200px|thumb|Cainteoirí Gaeilge sa bhliain 2007.]]Bhí [[Pádraic Ó Conaire]] ina státseirbhíseach sóisearach i Londain nuair a chuala sé iomrá ar athbheochan liteartha na Gaeilge. B'as Gaillimh dó, agus canúint an cheantair timpeall aige, siúd is gur féidir lorg Ghaeilge Chontae an Chláir a aithint ar a stíl fosta, canúint a chuaigh i léig idir an dá linn. Scríobh sé scéalta faoi imirce na nÉireannach go Sasana, faoin saol crua a bhí acu thall ansin, faoin bhfánaíocht agus faoi athbheochan an spioraid náisiúnta. B'é an t-úrscéal greanntragóideach úd "Deoraíocht" a mhórshaothar. Thairis sin, scríobh sé roinnt mhaith gearrscéalta agus altanna iriseoireachta.
Is iad na dírbheathaisnéisí Gaeltachta a cuireadh i gcló idir an dá chogadh domhanda, áfach, na clasaicigh mhóra chomhaimseartha. An triúr is clúití acu, is iad ''An tOileánach'' le [[Tomás Ó Criomhthain]], ''Peig''—tuairisc a thug [[Peig Sayers]] ar imeachtaí a beatha féin, agus "Fiche Bliain ag Fás" le [[Muiris Ó Súilleabháin]]. B'as an mBlascaod Mór do na dírbheathaisnéisithe seo: seandaoine a bhí sa chéad dís acu, agus iad ag tabhairt cur síos ar a saol féin i nGaeilge ghlan an oileáin; ach fear óg a bhí i Muiris, agus súil eile ar fad aige ar na cineálacha imeachtaí a bhí ar siúl san áit. Thar aon rud eile, bhí na leabhair seo ceaptha le Gaeilge mhaith dhúchasach de chuid na sean-[[An Ghaeltacht|Ghaeltachta]] aonteangaí a scaipeadh i measc na scoláirí, ach is é an gnáthghearán inniu ná gur baineadh mí-úsáid pholaitiúil as na leabhair seo—[[Peig Sayers|Peig]] go háirithe—le coimeádachas cultúrtha agus reiligiúnda a chur chun cinn i measc na bpáistí, dála shíolteagasc na dtíortha ollsmachtúla. [[Íomhá:geill_sli.jpg|260px|thumb|[[Comhartha tráchta]] "Géill Slí" i g[[Contae Phort Láirge]]|clé]]
 
Is deacair gan an cheist a chur, nárbh fhearr do na máistrí scoile an dírbheathaisnéis ó Ghaeltacht [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]], ''Rotha Mór an tSaoil'' le [[Micí Mac Gabhann]], a chur os comhair na ndaltaí in áit an triúr Blascaodach. Scéal is ea é gur beag duine nach gcuirfeadh sé spéis ann, nó bhí saol suimiúil ag Micí: chuaigh sé go Meiriceá le hór a bhaint as talamh sioctha Alasca in Klondyke, agus é ag saothrú luach a phasáiste ag rúpáil oibre anseo is ansiúd, aon áit a raibh na fostóirí sásta post a thabhairt d'Éireannach a bhí—mar a fheictear don léitheoir—dall go leor ar an mBéarla an chuid ba mhó den am.
 
Bhí muintir na gcúigí eile ag fáil deacair ciall a bhaint as an litríocht [[Cúige Mumhan|Mhuimhneach]]. Mar sin, bhí siad den tuairim gur chóir a gceart a bhaint amach do na canúintí eile sa litríocht. B'iad an bheirt deartháracha ó na Rosa, [[Séamus Ó Grianna]] agus [[Seosamh Mac Grianna]], na scríbhneoirí ba mhó ó [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]]. Bhí siad páirteach i g[[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh Saoirse na hÉireann]] agus i g[[Cogadh Cathartha na hÉireann]], agus chaith siad tamall i mbraighdeanas i ndiaidh an dá chogadh, ach bhain gach duine acu deireadh súile den náisiúnachas a fhad agus a bhí leas mhuintir na Gaeltachta i gceist. Tá an frustrachas le haithint ar go leor dár scríobh siad. Mar sin féin, bhí siad sách difriúil le chéile mar scríbhneoirí. Scríobhadh Seosamh, an duine ab óige acu, leabhair uaillmhianacha ardealaíonta, leithéidí an úrscéil ''An Druma Mór'' agus na dírbheathaisnéise ''Mo Bhealach Féin''; ach sháraigh air mórán ratha a bhaint amach dó mar scríbhneoir. Tháinig críoch dheifnideach lena chuid scríbhneoireachta nuair a cuireadh i dteach na ngealt é agus síocóis dhúlagrach ag luí ar a intinn. Maidir le Séamus, áfach, chaith sé a shaol ag scríobh leabhar i ndiaidh a chéile i stíl sheanaimseartha rómansúil, go dtí gur éirigh sé as an nGaeilge ar fad roimh dheireadh a bheatha sna seascaidí. Le teann éadóchais i dtaobh thodhchaí na teanga, chuaigh sé leis an ngluaiseacht [[Language Freedom Movement]], a bhí in aghaidh mhúineadh éigeantach na Gaeilge.
[[Íomhá:Aire-leanai.jpg|deas|200px|thumb|Comhartha bóthair.]]
[[Íomhá:Irish road sign.png|thumb|260px|Fógra dátheangach i mBéarla agus Gaeilge]]
Is é [[Máirtín Ó Cadhain]] an scríbhneoir Gaeilge ba thábhachtaí san fhichiú haois, áfach. Duine nua-aimseartha ar fad a bhí ann, fear a chuir spéis bheo bhíogúil i gcúrsaí a chomhaimsire sa bhaile is i gcéin, agus é ag baint úsáide as gach cineál cleasa nua ina chuid scríbhneoireachta leis an teanga agus an litríocht a thabhairt i gcrann. Scríobh sé roinnt mhaith gearrscéalta agus trí úrscéal nár tháinig ach an chéad cheann acu, ''Cré na Cille'', amach lena shaol féin. Úrscéal atá ann a thugann cur síos criticiúil ar shaol na Gaeltachta ó bhéal na marbhán atá ag déanamh créafóige sa reilig—rud ba mhó a shamhlófaí le litríocht [[Meiriceá Theas|Mheiriceá Theas]]. Connachtach a bhí i Máirtín, agus é ag cloí le gramadach a chanúna féin, fiú i gcomhthéacsanna ar ghá, dar leat, caighdeánú níos déine ná sin a chur i bhfeidhm ar an teanga. Ní raibh drogall ar bith air roimh fhocail de chuid canúintí eile, ó [[Gaeilge na hAlban|Ghaeilge na hAlban]], ón Nua-Ghaeilge Chlasaiceach agus ó bhéarlagair na dtéarmadóirí i mBaile Átha Cliath a ghlacadh isteach ina chuid Gaeilge de réir mar a theastódh uaidh.
 
 
== An Cló Gaelach ==
[[Íomhá:Gaelic-font-Corcaigh.png|deas|200px|thumb|An focal "Corcaigh" scríofa sa chló Gaelach.]]
Bhí ceist an chaighdeáin litrithe fite fuaite le ceist an chló Ghaelaigh, mar a thugtar air. Is é an rud atá i gceist leis an gcló Gaelach ná leagan ar leith den aibítir Laidneach agus é bunaithe ar stíl peannaireachta na sean-lámhscríbhinní. Leis an nGaeilge is mó a shamhlaítear an stíl inniu, ach le fírinne, tá sí an-chosúil leis an mionpheannaireacht a chleachtaítí i Mór-roinn na hEorpa i laethanta [[Séarlas Mór|Shéarlais Mhóir]]. Mar shampla, cuireadh an chéad fhoclóir Laidine-Gearmáinise, an t[[Abrogans]], ar pár i litreacha atá an-chosúil leis an gcló Gaelach.
 
Cé is moite d'fhoirmeacha na litreach féin, is é an ponc scriosta nó an ''punctum delens'' príomhchomhartha sóirt an chló Ghaelaigh. Ar dtús, sna lámhscríbhinní Laidine sna Meánaoiseanna, ba nós litreacha a scríobhadh de thaisme a chur ar neamhní tríd an bponc seo a chur os a gcionn—sin é an tuige go dtugtar "ponc scriosta" air. Ós rud é gurb ionann an litir f- a shéimhiú agus an fhuaim f- a bhá go hiomlán, thosaigh na scríobhaithe an ponc scriosta a úsáid mar chomhartha do shéimhiú an f-. De réir a chéile, fairsingíodh an úsáid seo ar na consain shéimhithe eile, cé gurbh é athrú na fuaime, in áit a scriosta, a bhí i gceist lena séimhiú-san.
[[Íomhá:1913 Seachtain na Gaeilge poster.png|clé|mion|288x288px|[[Seachtain na Gaeilge]], 1913]]
[[Seachtain na Gaeilge]], 1913
]]
Nuair a chuaigh an chéad leabhar Gaeilge i gcló i réimeas [[Eilís I Shasana|Éilís a hAon]], a choimisiúnaigh foilsiú litríochta Protastúnaí sa Ghaeilge, gearradh clófhoireann ar leith le haghaidh na Gaeilge. Bhí an chlófhoireann seo ceaptha le bheith cosúil le peannaireacht na lámhscríbhinní Gaeilge, le go mbeadh na leabhair ní ba soléite acu siúd a bhí i dtaithí na léitheoireachta sa teanga. Is féidir a rá nár tháinig an cló Gaelach, mar ''chló'', ar an bhfód roimhe sin.
 
{{reflist}}
 
{{DEFAULTSORT:Ghaeilge, An}}
{{Teangeolaíocht na Gaeilge}}
{{Teangacha oifigiúla an AE}}