An difríocht idir athruithe ar: "Marco Polo"
Content deleted Content added
Saol méadaithe |
|||
Líne 1:
[[Íomhá:Marco Polo portrait.jpg|mion| Marco Polo.|342x342px]]
Ceannaí agus taiscéalaí Véinéiseach ab ea '''Marco Polo''' (
<br />
== Saol ==
Rugadh Marco Polo sa Véinís sa bhliain 1254. Ceannaithe Veiníseacha ab ea a athair agus a uncail agus suíomhanna trádala acu timpeall an [[An Mheánmhuir|
B‘éigean dosna deartháracha Polo fanacht trí bliana chun leitir Cúbla Cán a shíneadh don bPápa, toisc [[Pápa Clement IV|an Róimh a bheith gan pápa idir 1268 agus 1271]], ach nuair a toghadh [[Pápa
Chaith Marco Polo ceithre bliana fichead (idir 1271-1295) san Oirthear, ag taisteal trí impireacht na Mongóile is é ag obair mar fheisire ar son [[Cúbla Cán]]. Is beag cúntas atá againn ar a chuid imeachtaí ó bhliain go bliain áfach, mar ná fuil ina leabhar ach tuarascálacha geografacha agus eitneografacha ar na tíortha gur thaisteal sé tríothu agus gur chualaidh sé trácht orthu le linn do a bheith thall. Sa bhliain 1291, thug Cúbla Cán cead dosna Pólaigh éirí as a sheirbhís agus filleadh go dtí an Eoraip.
Nuair a d’fhill Marco agus na deartháracha Polo thar n-ais go dtí an Eoraip sa bhliain 1295, bhí sé ina chogadh idir an [[An Veinéis|Véinís]] agus [[Genova]], an dá phoblacht mara is cumhachtaí san Iodáil ag deireadh an tríú céad déag. Níl a fhios go díreach conas nó cathain a gabhadh Marco Polo, ach is dóichide gur ghaibh na Genovéisigh é sa bhliain 1296, le linn imruagaithe ar longa Véiníseacha ar chósta na hAnatóile nó tar éis dóibh buachaint ar loingeas Véiníseach i gCath Curzola. Chuireadar Marco i bpriosún Genova agus d’fhan sé ann nó gur fuasclaíodh é sa bhliain 1299, agus ligeadh do filleadh abhaile dtí an Véinís. De réir tuairisce a faightear i ndíonbhrollach an ''[[Il Milione|Eachtra]]'', dheachtaigh Marco Polo cúntas dá thuras do Rustichello da Pisa, scéalaí Ártúraíochta le linn dóibh a bheith in aonchillín lena chéile i bpriosún Genova. <blockquote>''Le quell puis, demorant en la charchre de Jene, fist retraire toutes cestes chouses a messier Rustaciaus de Pise, que en celle meissme charter estoit, au tens qui’l avoit .MCCXCVII. anç que Jeçucrit nesqui.''<ref>{{Lua idirlín|url=http://virgo.unive.it/ecf-workflow/books/Ramusio/testi_completi/F_marcato-main.html|teideal=Marco Polo digitale {{!}} Dei Viaggi di Messer Marco Polo, Gentilhuomo Venetiano (Giovanni Battista Ramusio, Navigationi et Viaggi, II, 1559): Edizione digitale|work=virgo.unive.it|dátarochtana=2019-03-06}}</ref></blockquote><blockquote>Agus b’é an fear céanna, le linn do a bheith i bpriosún Genova, a dheachtaigh gach rud anseo don uasal Rustaciaus de Pise, a bhí in aonchillín leis. Agus ba é bliain an tighearna an t-am san MCCXCVII.</blockquote>D’fhill Marco Polo abhaile go dtí an Véinís sa bhliain 1299 mar ar chaith sé an chuid eile dá shaol, nó go bhfuair sé bás ar an 9ú lá d’Eanáir 1324.<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Consuelo Dutschke|date=1993|url=|title=Francesco Pipino and the Manuscripts of Marco Polo’s Travel (Unpublished PhD Thesis)|journal=|volume=|issue=}}</ref>
== Tagairtí ==
|