An difríocht idir athruithe ar: "Ceiriam"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 10:
}}
Is é an '''ceiriam''' [[Dúil cheimiceach|dúil]] uimhir a 58, agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná '''Ce'''. Ceann de na lantanóidigh é, agus mar sin, rangaítear ar na [[Tearcithir|tearcithreacha]] é, ach níl sé chomh tearc sin - le fírinne, is é an lantanóideach is flúirsí ar an Domhan é. Cosúil leis na miotail tearc-chré eile, tá sé ar fáil sa
Is iomaí leas a bhaintear as sa tionsclaíocht agus san [[innealtóireacht]]. Cuirtear trí-ocsaíd dé-cheiriam, nó Ce<sub>2</sub>O<sub>3</sub> le breosla díosail leis an dóiteán inmheánach a chatalú agus foirmiú na haonocsaíde carbóin CO a chosc. Maidir leis an dé-ocsaíd ceiriam, CeO<sub>2</sub>, úsáidtear é le snas agus loinnir a chur ar na lionsaí optúla. Is féidir ocsaídí ceiriam a mheascadh tríd an n[[gloine]] féin, nó athraíonn siad comhéifeacht athraonta na gloine. Níl anseo ach cúpla sampla de chomh húsáideach is a bhíonn an ceiriam, dáiríre, nó is dúil ardtábhachtach é san innealtóireacht.
Líne 16:
Miotal is ea é a bhfuil loinnir an airgid ann, ach is dí-ocsaídeoir láidir é agus é araiciseach chun imoibriúcháin leis na substaintí eile. Mar sin, tagann smúit ocsaíde air go sciobtha agus é ag imoibriú le h[[ocsaigin]] an aeir. Níl ról ná páirt aige i mbithcheimic an orgánaigh, ach ní féidir a rá gur nimh láidir chumhachtach a bheadh ann ach an oiread. Scéal eile ar fad é go mbíonn céatadán éigin den [[tóiriam]] radaighníomhach measctha tríd an gceiriam a bhíonn ar díol, rud a chuireann le nimhiúlacht an cheiriam, ar ndóigh.
Tá ceiriam an dúlra comhdhéanta as ceithre [[iseatóp]]: ceiriam a 136 (0.185 % den cheiriam nádúrtha), ceiriam a 138 (0.251 %), ceiriam
Is iad na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá ag an gceiriam ina chuid comhdhúl ná +3 agus +4. Bíonn dath láidir dearg nó buí sna [[comhdhúil]]e ceireacha (ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin + 4 ag an gceiriam), agus na comhdhúile ceiriúla (+3) bíonn siad bán nó liath. Is í an ocsaíd cheireach, nó an dé-ocsaíd, CeO<sub>2</sub>, an chomhdhúil is coitianta. Amach ón dá staid ocsaídiúcháin sin, tá an uimhir ocsaídiúcháin +2 ag an gceiriam i gcúpla comhdhúil, mar atá, an dé-hidríd ceiriam CeH<sub>2</sub>, an aonsuilfíd ceiriam CeS, agus an dé-iaidíd ceiriam CeI<sub>2</sub>.
|