An difríocht idir athruithe ar: "Núiclíd"

Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 3 interwiki links, now provided by Wikidata on d:Q108149
No edit summary
Líne 1:
Is é is brí leis an téarma [[fisic]]e '''núiclíd''' ná cineál [[núicléas (adamh)|núicléis]], nó cineál adaimh, má chaitear súil ar leith ar núicléas an adaimh. Na h[[adamh|adaimh]] a bhfuil an uimhir chéanna prótón agus an uimhir chéanna neodrón acu go léir, is samplaí den núiclíd chéanna iad.
 
Na núiclídí a bhfuil an uimhir chéanna [[prótón]] acu, is [[Iseatóp|iseatóip]] de chuid na dúile céanna iad. Iseatóip de chuid an charbóin iad an gnáthcharbón <sup>12-</sup>C agus an [[radacarbón]] <sup>14-</sup>C.
 
Na núiclídí a bhfuil an uimhir chéanna [[neodrón]] acu, is [[Iseaton|iseatoin]] iad. Iseatoin iad an tritiam (an hidrigin radaighníomhach <sup>3-</sup>H) agus an gnáth-héiliam <sup>4-</sup>He.
 
Is éard is maisuimhir ann ná an tsuim a gheofar má shuimítear uimhreacha prótón agus neodrón na núiclíde. Más ionann maisuimhir dhá núiclíd, is [[Iseabar (fisic núicléach)|iseabair]] iad. Iseabair iad an radacarbón <sup>14-</sup>C agus an ghnáth-nítrigin <sup>14-</sup>N. Le fírinne is é an t-iseatóp nítrigine céanna is toradh do mheath radaighníomhach an radacarbóin.
 
{{síol}}