An difríocht idir athruithe ar: "Poblacht Shacha"

Content deleted Content added
cata., comhaoin
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 23:
 
{{Commonscat|Sakha Republic|Poblacht Shacha}}
Poblacht de chuid Chónaidhm na Rúise is ea Poblacht Shacha ([[Rúisis]]: Республика Саха (Якутия), Sachais: Саха Өрөспүүбүлүкэтэ/Sakha Öröspüübülükete). In 2010 bhí daonra 958,528 duine aici, a raibh a bhformhór ina nIacútaigh agus ina Rúisigh.
{{síol}}
 
Tá sí ar an limistéar féinrialaithe fo-náisiúnach is mó ar domhan agus méid 3,083,523 ciliméadar cearnach inti. Is é Yakutsk an phríomhchathair. Tá aeráid dhian ag an bpoblacht agus na teochtaí is ísle sa leathsféar thuaidh taifeadta i gcuid de na cathracha. Tá meánteocht gheimhridh Yakutsk faoi bhun 35 °C.<ref name="area">[http://www.gks.ru/bgd/free/b10_107/IssWWW.exe/Stg//%3Cextid%3E/%3Cstoragepath%3E::%7Ctab1-01-09.xls Rosstat (Russian Statistical Service), 2010] {{webarchive|url=https://web.archive.org/web/20121018030426/http://www.gks.ru/bgd/free/b10_107/IssWWW.exe/Stg//%3Cextid%3E/%3Cstoragepath%3E::%7Ctab1-01-09.xls|date=October 18, 2012}} (xls). Léite ar an 15 Meitheamh 2012.</ref>
 
Bíonn an samhradh an-te i gcuid mhór den phoblacht de thoradh na gclaontaí hipir-ilchríochacha.
 
==Geografaíocht==
 
[[File:Sakha Republic Fauna.jpg|thumb|Fána de chuid Phoblacht Shacha: faoileán Ross, corr mhóna Shibéarach, béar bán, capall agus réinfhia. Mionleathanach stampaí poist ón Rúis, 2006.]]
 
Tá an phoblacht ag síneadh chomh fada ó thuaidh le hOileán Henrietta agus í ag críochantacht leis an Aigéan Artach. Faoi láthair bíonn an fharraige sin faoi oighear ar feadh idir naoi agus deich mí.
 
Tá an phoblacht roinnte ina trí chrios mhóra fásra. Tá timpeall 40% di os cionn an chiorcail Artaigh agus an chuid sin go léir ina talamh síorshioctha, rud a bhfuil tionchar mór aige ar éiceolaíocht an réigiúin. Tundra Artach agus fo-Artach is ea an réigiún láir agus é faoi chaonach agus léicean ar fad, an bia is ansa leis na réinfhianna. Sa chuid theas den tundra tá garráin mhionphéine Sibéirigh agus learóg feadh na n-aibhneacha. Laisteas den tundra tá coillte móra. Learóga is coitianta sa tuaisceart agus tá garráin ghiúise agus phéine sa deisceart. Tá beagnach 47% den phoblacht faoi choillte agus learóga is ea beagnach 90% de na crainn.
 
Tá an iliomad aibhneacha, lochanna agus oileán sa phoblacht.
 
[[File:120 На стоянке в устье реки Ура.jpg|thumb|Abhainn na hUra.]]
[[File:Olyokma river.jpg|thumb|Abhainn na hOlyokma.]]
 
===Acmhainní nádúrtha===
 
Tá mórán acmhainní nádúrtha sa phoblacht. Orthu sin tá ola, gás, gual, diamaint, ór, airgead, stán agus tungstan. Soláthraíonn an phoblacht 90% de dhiamaint Rúiseacha agus os cionn 25% de na diamaint a bhaintear sa domhan.<ref>{{cite journal|last1=Yakovleva|first1=Natalia P.|teideal=Natural resource use in the Russian North: a case study of diamond mining in the Republic of Sakha|journal=Environmental Management and Health|date=2000|volume=11|issue=4|pages=318–336|doi=10.1108/09566160010372743|url=https://www.emeraldinsight.com/doi/abs/10.1108/09566160010372743|accessdate=18 March 2018}}</ref><ref>{{cite news|last1=Bohlen|first1=Celestine|teideal=Poor Region in Russia Lays Claim to Its Diamonds|url=https://www.nytimes.com/1992/11/01/world/poor-region-in-russia-lays-claim-to-its-diamonds.html|accessdate=18 March 2018|work=New York Times|date=1992}}</ref>
 
===Réamhstair===
 
Tá tábhacht phailé-ointeolaíoch leis an tSibéir agus go háirithe leis an Iacúitia sa mhéid gur sa réigiún sin a thángthas trasna ar ainmhithe ón sealad Pléisticéineach a bhí caomhnaithe ag an oighear nó i dtalamh síorshioctha. Fuarthas coileáin leon uaimhe, mamait lomracha, srónbheannach lomrach, capaill agus buabhaill.<ref name=Thesiberiantimes2015>{{Cite web|teideal = Meet this extinct cave lion, at least 10,000 years old – world exclusive|url = http://siberiantimes.com/science/others/news/n0464-meet-this-extinct-cave-lion-at-least-10000-years-old/|website = siberiantimes.com|accessdate=January 30, 2016}}</ref>
 
Cultúr Neoiliteach Déanach sa tSibéir ba ea an cultúr Ymyakhtakh (c. 2200–1300 RCh) agus tá a chuid iarsmaí le fáil go forleathan. Thosaigh sé in Sacha agus leathnaigh soir agus siar.<ref>Kicki Näslund, [https://www.academia.edu/10336011/ Short summary of Siberian pre-history and cultures] – Academia.edu</ref>
 
===Stair luath===
Is dócha gur lonnaigh pobal Sachach nó “Iacútaigh” sa réigiún sa 13ú haois agus sa 14ú haois tar éis dóibh teacht aneas ó Loch Baikal go dtí lár abhainn na Lena. As sin d’imigh siad siar agus siar ó thuaidh de réir a chéile agus a n-aghaidh ar an Aigéan Artach.
Bunús Tuirciceach atá leis an ainm “Sacha,” focal a thagann ó "saqa-saha" nó bata. Bunús Tuirciceach atá le “Iacúit” freisin, ós leagan truaillithe é de ''zhaqut – yakut'' nó cloch lómhar. Rúibín atá i gceist.
 
Thug na Sachaigh tréadachas Lár-Áiseach isteach leo agus iad ag easáitiú na n-aoirí réinfhianna agus na sealgairí a bhí rompu ann, dreamanna a bhí i bhfad níos lú. Bhí na Pailé-Shibéaraigh agus na Tungusaigh, pobail dhúchais, comhtháthaithe leis na Sachaigh faoin 17ú haois.<ref>{{cite web|url=http://www.spri.cam.ac.uk/resources/rfn/sakha.html |teideal=Scott Polar Research Institute — Republic of Sakha|publisher=Spri.cam.ac.uk|date=|accessdate=February 25, 2014}}</ref>
 
==Concas Rúiseach==
 
Thosaigh an Rúis ag gabháil an réigiúin sa 17ú haois. Bhronn Tygyn, taoiseach Iacútach, talamh ar na Rúisigh i gcomhair áit lonnaithe mar mhalairt ar chomhaontú míleata a bheadh cogadh i gcoinne reibiliúnaigh dhúchasacha san Áise Thoir Thuaidh mar chuid de.
 
[[File:Map of Yakut oblast.jpg|thumb|right|Léarscáil Yakutsk Oblast 1821.]]
 
In 1638 bhunaigh an rialtas i Moscó líomatáiste riaracháin nua a bhí le rialú ag Lensky Ostrog, daingean a chuir Pyotr Beketov ar bun in 1632 agus a ndéanfai cathair Yakutsk de le himeacht aimsire. Is dócha gur sa 17ú haois a bhain lonnaitheoirí Rúiseacha amach Russkoye Ustye, áit iargúlta i ndeilt thuaisceartach Indigirka.<ref>А. И. Гоголев. "История Якутии: (Обзор исторических событий до начала ХХ в.)". (A. I. Gogolev. [http://www.ysu.ru/facultet/kfi/books/HistoryOfYakutiya.htm Stair na hIacúite: Athbhreithniú ar imeachtaí stairiúla siar go tús an fichiú haois.] {{webarchive|url=https://web.archive.org/web/20050527010736/http://www.ysu.ru/facultet/kfi/books/HistoryOfYakutiya.htm |date=May 27, 2005 }}) Yakutsk, 1999.</ref> Bunaíodh Gobharnóireacht na Sibéire mar chuid d’Impireacht na Rúise in 1708.
 
[[File:Станчиковая церковь.jpg|thumb|Eaglais in Russkoye Ustye]]
 
Thosaigh lonnaitheoirí Rúiseacha ag bunú pobail sa réigiún san 18ú haois. Ghlac siad chucu nósanna Iacútacha áirithe agus thugtaí “Yakutyane" (Якутя́не) orthu nó “bunlonnaitheoirí Lena” (ленские старожилы). Ach bhí siad comhshamhlaithe ag slua Rúiseach eile faoin bhfichiú haois.
 
==Impireacht na Rúise==
 
Rinne leasú riaracháin in 1782 agus bunaíodh Gobharnóireacht Irkutsk. In 1805 scaradh Yakutsk Oblast ón ngobharnóireacht. Sa chéad chuid den 19ú haois ba é Yakutsk Oblast an chríoch ab oirthearaí d’Impireacht na Rúise. Bunaíodh Primorskaya Oblast in 1856 agus dealaíodh críocha Rúiseacha an Aigéin Chiúin ón Iacúit.
 
[[File:Члены Сибирской областной Думы 1917.jpeg|thumb|right|Baill de Dhúma (oireachtas) Réigiúnach na Sibéire ó Yakutsk, 1917.]]
Chuir na Rúisigh feirmeoireacht ar siúl in abhantrach na Lena. Grúpaí reiligiúnacha a díbríodh go Sacha sa dara cuid den 19u haois thosaigh siad ag cur cruithneachta, coirce agus prátaí. Lean úsáid airgid thirim gnó an fhionnaidh. Cuireadh dlús le tionsclaíocht agus le hiompar i ndeireadh an 19ú haois agus i dtús na tréimhse Sóivéadaí. Cuireadh tús le sirtheoireacht gheolaíoch, mianadóireacht agus déantús na luaidhe, agus tháinig na chéad ghaltáin agus báirsí.
 
Bhí an Iacúit an-iargúlta agus sin é an fáth a gcuireadh rialtas an tSáir agus an rialtas Cumannach ionnarbthaigh ann.
 
===An ré Shoivéadach===
 
Ar an 27 Aibreán 1922 fógraíodh Yakust Oblast mar Phoblacht Fhéinrialaitheach Shoivéadach Shóisialach na hIacúite, cé go raibh oirthear na críche, agus cathair Yakutsk san áireamh, faoi smacht na Rúiseach Bán. In 1992, i ndiaidh thitim an Aontais Shóivéadaigh, aithníodh an Iacúit mar Phoblacht Shacha (na hIacúite) faoi dhlínse na Cónaidhme Rúisí. Tá an Iacúit ina cuid den tSibéir Rúiseach ó thaobh na staire de, ach tá sí ina cuid den Chianoirthear Rúiseach mar líomatáiste riaracháin ó bunaíodh an Dúiche Chianoirthearach Fheidearálach in 2000.
 
===Teangacha===
 
Is iad na teangacha oifigiúla an Rúisis agus an tSachais (a dtugtar Iacúitis uirthi freisin). Tá Sachais á labhairt ag tuairim is 40% den phobal. Baineann an tSachais leis an bhfine theangeolaíoch Thuirciceach.
 
===Reiligiún===
 
Sular tháinig Impireacht na Rúise i réim, chreid an chuid is mó de mhuintir na háite sa [[Teingreachas]], mar a rinne pobail Thuirciceacha eile na hÁise Láir, nó sa seamanachas dúchasach lena chuid [[seaman]] “geal” (a threoraigh an pobal) agus seaman “dorcha” (a leigheas daoine trí thuras spioraid). Ar theacht na Rúiseach rinneadh baill d’Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise de mhuintir na háite agus tugadh orthu ainmneacha Críostaí a thabhairt orthu féin, ach lean mórán acu orthu ag cleachtadh na seanreiligiún. Le linn an rialtais Shóivéadaigh d’imigh na seamain agus fágadh mórán acu gan chomharba.
 
Sna 1990í bhunaigh an t-iriseoir conspóideach Ivan Ukhkhan agus focleolaí a thugadh Téris air féin seamanachas nuaphágánach a tugadh ''aiyy yeurekhé'' air.<ref>[http://www.biblicalstudies.org.uk/pdf/rss/28-1_113.pdf Yakutia (Sakha) Faces a Religious Choice: Shamanism or Christianity]</ref> Chuaigh an grúpa seo agus grúpaí eile i gcomhar le chéile in 2002 chun teampall seamanach a thógáil i ngnócheantar Yakutsk.<ref>[http://www.biblicalstudies.org.uk/pdf/rss/33-1_057.pdf Whose Steeple is Higher? Religious Competition in Siberia]</ref>
 
In 2008 dúirt ceannairí Ceartchreidmheacha go raibh bundúchasaigh na poblachta (nó an chuid díobh a raibh suim éigin acu i gcúrsaí reiligiúin) dílis do chreideamh “déach” nó go raibh claonadh chun an tsincréiteachais acu. Thabharfadh muintire na háite seaman isteach ar dtús agus ansin sagart chun deasghnách a dhéanamh i ngeall ar imeacht éigin.<ref>{{cite news|url=http://www.taday.ru/text/135461.html
|teideal =В Якутии господствует двоеверие (Ч. 1) (San Iacúit tá creideamh déach faoi réim)|údar=Елена Дятлова (Yelena Dyatlova)
|date=1 Deireadh Fómhar 2008
|quote=Во многих случаях нам говорили, что при совершении тех или иных обрядов или просто действий приглашают сначала шамана, потом священника. Правда, именно в таком порядке, признавая христианство чем-то высшим по отношению к местной магической языческой традиции, но это соединяя. Даже среди тех представителей якутской интеллигенции, с которыми мы общались, это стремление к синкретизму было отчетливо приметно. (Dúradh linn, agus deasghnátha éigin nó bearta ar siúl i ngeall ar a lán gnóthaí, go gcuirtear cuireadh chun seasmain ar dtús agus ansin chun sagairt. Is fíor, de réir an oird seo, go n-aithnítear go bhfuil an Chríostaíocht níos airde ná traidisiúin phágánacha dhraíochtacha áitiúla, ach seo nasc eatarthu. Go fiú i measc na n-intleachtóirí iatúcacha a rabhamar ag caint leo, bhí an claonadh seo chun sincréiteachais le haithint go soiléir.)
}} (Agallamh le Maxim Kozlov, sagart ó Mhoscó a bhí tar éis filleadh ó thuras misinéireachta síos abhainn na Lena i dteannta Easpag Yakutsk).</ref>
 
De réir an Lárionaid Eolais faoi Uachtarán Phoblacht Shacha (na hIacúite), (Информационный центр при Президенте РС(Я)), bhí déimeagrafaíocht reiligiunach an poblachta mar a leanas:<ref>{{cite web|url=http://www.religare.ru/2_43720.html |teideal=РЕЛИГАРЕ – Современная религиозная ситуация в Республике Саха (Якутия): проблемы и перспективы |publisher=Religare.ru |date= |accessdate=February 25, 2014}}</ref> Ceartchreidmheacht: 44.9%, Seamanachas: 26.2%, Gan religiún: 23.0%, Religiúin nua: 2.4%, Ioslamachas: 1.2%, Búdachas: 1.0%, Protastúnachas: 0.9%, Caitliceachas: 0.4%.
 
De réir suirbhé a rinneadh in 2012,<ref name="2012ArenaAtlas">[http://sreda.org/en/arena "Arena: Atlas of Religions and Nationalities in Russia"]. Sreda, 2012.</ref><ref name="2012Arena-religion-maps">[http://c2.kommersant.ru/ISSUES.PHOTO/OGONIOK/2012/034/ogcyhjk2.jpg 2012 Arena Atlas Religion Maps]. "Ogonek", № 34 (5243), 27/08/2012. Retrieved 21/04/2017. [https://web.archive.org/web/20170421154615/http://c2.kommersant.ru/ISSUES.PHOTO/OGONIOK/2012/034/ogcyhjk2.jpg Archived].</ref> baineann 37.8% den phobal le hEaglais Cheartchreidmheach na Rúise, 13% le Teingreachas nó seamanachas Iacútach, 2% leis an Ioslamachas, 1% le Críostaíocht gan eaglais, 1% le cineálacha Protastúnachais, agus 0.4% le Búdachas Tibéadach. Dúirt 26% gurbh aindiachaithe iad, dúirt 17% go raibh siad sáite sa spioradáltacht seachas sa reiligiún, agus dúirt 1.8% gur bhain siad le reiligiúin eile nó níor thug siad freagra ar an gceist.<ref name="2012ArenaAtlas"/>
{{clear}}
 
==Polaitíocht==
 
[[File:Russia Day in Mirny, Sakha Republic 20.JPG|thumb|Lá na Rúise á cheiliúradh in Mirny, Poblacht Shacha, 12 Bealtaine 2014.]]
 
Tugtar an Ceann ar cheann an Rialtais, cé go dtugtaí an tUachtarán air. Bhí Mikhail Yefimovich Nikolayev ar an gcéad cheann de Phoblacht Shacha. Tá Yegor Borisov ina Cheann ón mbliain 2010 i leith, agus tá Yevgeniya Mikhaylova mar Thánaiste aige.
Is é Il Tumen, comhthionól aon seomra reachtaigh, an foras reachtaíochta is airde sa phoblacht.
 
Cothaíonn an phoblacht caidreamh dlúth leis na stáit neamhspleácha Thuirciceacha i gcúrsaí cultúir, polaitíochta, eacnamaíochta agus tionsclaíochta trína bheith ina ball den Chomhairle Thuirciceach, de Chomhriarachán Tuirciceach na nÉalaíon agus an Chultúir agus d’eagraíochtaí eile.<ref>{{cite web|url=http://www.todayszaman.com/newsDetail_getNewsById.action?load=detay&newsId=259275&link=259275|teideal=Turkey seeks to institutionalize relations with Turkic republics – Today's Zaman, your gateway to Turkish daily news|publisher=Todayszaman.com|date=October 9, 2011|accessdate=February 25, 2014|deadurl=yes|archiveurl=https://web.archive.org/web/20131014233821/http://www.todayszaman.com/newsDetail_getNewsById.action?load=detay&newsId=259275&link=259275|archivedate=October 14, 2013|df=mdy-all}}</ref><ref>http://www.turkishweekly.net/columnist/3540/turkey-and-the-turkic-republics-is-there-a-new-vision-.html</ref><ref>{{cite web|url=http://www.yakutiatoday.com/region/foreign.shtml |teideal=Foreign Relations of the Sakha Republic (Yakutia) |publisher=YakutiaToday.Com |date=January 1, 2008|accessdate=February 25, 2014}}</ref>
 
==Geilleagar==
[[File:Gold-tuc1009a.jpg|thumb|upright|Píosa neamhchoitianta óir ó Dhúiche Bulun in abhantrach na Lena. Timpeall sé ghram de mheáchan atá ann.]]
 
Ón tionsclaíocht a thagann an chuid is mó d’olltáirgeacht náisiúnta na Poblachta agus baint mhór aici le tochailt mianraí. Baintear diamaint, ór agus stán, in éineacht le húráiniam.
 
Tógann an pobal sachach eallach agus capaill agus tá an pobal dúchasach Pailé-Áiseach ina sealgairí, ina n-iascairí agus ina n-aoirí réinfhianna.
 
==Iompar==
Ar uisce a iompraítear an chuid is mó de na hearraí. Tá sé chalafort abhann ann agus dhá chalafort mara. Tá ceithre chomhlacht loingis ann agus is í Abhainn na Lena na t-uiscebhealach is gnóthaí.
 
Ar eitleáin is mó a iompraítear daoine. Téann aerlínte go dtí an chuid is mó de réigiúin na Rúise agus tá aerphort idirnáisiúnta ag Yakutsk.
 
Tá dhá bhóthar fheidearálacha ag gabháil tríd an bpoblacht, Bóthar Mór A360 Lena (Yakutsk–Skovorodino) agus Bóthar Mór M56 Kolyma (Yakutsk–Magadan). Ní féidir asfalt a úsáid ar na bóithre de thoradh talamh síorshioctha agus tá na bóithre déanta de chré. Más mór an lán uisce atá caite aige déantar pluda de na bóithre agus is minic taistealaithe sáinnithe dá bharr.<ref>EnglishRussia.com – [http://englishrussia.com/?p=315 ''Russian Roads'']</ref>
 
Tá iarnród Berkakit–Tommot curtha ar bun agus é ina nasc idir Príomhlíne Amur Yakutsk agus na lárionaid tionclaíochta theas.
 
==Oideachas==
Is iad na foras léinn is tábhachtaí Ollscoil Fheidearálach an Oirthuaiscirt agus Acadamh Stáit Feirmeoireachta Yakutsk.
 
==Cultúr==
In Yakutsk is díol spéise iad an Amharclann Stáit Rúiseach, a ainmníodh as A. S. Pushkin, Amharclann Shacha, a ainmníodh as P. A. Oiyunsky, Amharclann Stáit Acadúil an Cheoldráma agus an Bhailé, a ainmníodh as D. K. Sivtsev, agus Suorun Omoloon (Amharclann na hÓige).
 
Tá a lán músaem ann. Orthu sin tá Músaem Náisiúnta Ealaíon Shacha, Músaem an Bhéaloidis agus na Staire, a ainmníodh as E. Yaroslavsky, Músaem Khomus agus Músaem an Talaimh Shíorshioctha.
 
==Nótaí==
{{reflist}}
 
==Naisc Sheachtracha==
* [http://sakha.gov.ru/ Suíomh oifigiúil rialtas Phoblacht Shacha]
* [http://www.sakhalife.ru/ Sakhalife – Scéala]
* [http://www.sakhaexport.ru/ Suíomh oifigiúil Aireacht Gnóthaí Eachtracha Shacha]
* [http://doydu.sakhaopenworld.org/ Orto Doydu&nbsp;— Samplaí de cheol, d’amhráin agus d’fhíseáin i Sacha]
* [http://www.kyym.ru/ Kyym&nbsp;— nuachtán seachtainiúil]
* [http://www.yakutia.org/ Yakutia Organized&nbsp;— Cuntais taistil neamhspleácha, blaganna grianghrafanna, eolas]
* [https://archive.is/20121028041101/http://www.ysu.ru/ Suíomh offigiúil Ollscoil Stáit Yakutsk]
* [https://web.archive.org/web/20050527010736/http://www.ysu.ru/facultet/kfi/books/HistoryOfYakutiya.htm Stair na hIacúite]
* [http://www.yakutiaphoto.com/ An Iacúit trí phictiúir]
 
[[Catagóir:Poblacht Shacha]]