An difríocht idir athruithe ar: "Teorainn talún na hÉireann leis an Ríocht Aontaithe"

Content deleted Content added
No edit summary
vandalisms
Líne 1:
[[Íomhá:Ireland.svg|thumb|260px|Teorainn na hÉireann - líne dhubh]]
 
Socraíodh '''an Teorainn''' idir [[Poblacht na hÉireann]] (poblacht na sé gcontaetha fichead) agus an [[Ríocht Aontaithe]] sa bhliain 1921. Tá an teorainn 360 ciliméadar, nó 224 míle, ar fad, agus í ag rith ó [[Loch Cairlinn]] i g[[Contae an Dúin]] chois [[Muir Éireann|Mhuir Éireann]] go dtí [[Loch Feabhail]] in aice le [[Contae Dhún na nGall]]. Cosúil lena lán teorainneacha inmheánacha san [[Aontas Eorpach]], tá an teorainn seo sách oscailte. Cé nach cuid de [[Comhaontú Schengen|limistéar Schengen]] iad Éire agus an Ríocht Aontaithe, is comhlimistéar taistil iad.<ref>{{cite web|url=https://www.thejournal.ie/united-ireland-poll-no-deal-brexit-january-2019-4459944-Jan2019/|teideal=Majority of people want a referendum on a united Ireland in event of no-deal Brexit}}</ref>
 
== Críochdheighilt na hÉireann ==
Líne 18:
 
Sa bhliain 2007, tháinig sé chun solais go raibh pleananna idir lámhaibh ag údaráis na Breataine Móire a d'fhéadfadh deireadh a chur leis an gComhlimistéar Taistil a chuimsíonn Éire, an Ríocht Aontaithe, [[Oileán Mhanann]], agus [[Oileáin Mhuir nIocht]], ionas go bhfágfaí [[Tuaisceart Éireann]] i suíomh doiléir. Sa ráiteas a chuir sé os comhair [[Dáil Éireann|Dháil Éireann]], dúirt an Taoiseach [[Parthalán Ó hEachthairn]] "''nach raibh pleananna ar bith ag údaráis na Breataine Móire custam ná seiceálacha aitheantais a chur ar bun arís idir an Tuaisceart agus an Deisceart - is é an t-aon rud a theastaíonn uaidh ná cur leis an gcomhoibriú trasteorann, le srianta a chur leis an inimirce neamhdhlíthiúil.''" Mar sin féin, chuir na pleananna seo imní ar na h[[Aontachtóirí]] sa Tuaisceart, agus dúirt Jim Allister, polaiteoir [[Páirtí Aontachtach Daonlathach|Aontachtach Daonlathach]], go mbeadh sé doghlactha ar fad dá gcaithfeadh muintir na Ríochta Aontaithe pas a thaispeáint agus iad ag dul ó chuid amháin go cuid eile den Ríocht.
 
 
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
 
{{síol}}