An difríocht idir athruithe ar: "Déocsaíní"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Ábhair truaillithe chomhshaoil a tháirgtear i mionrianta i bpróisis áirithe tionsclaíochta is dóite, mar shampla, i ndéanamh páipéir is gluaisteán agus d...'
 
Íomhá, defsort
Líne 1:
[[Íomhá:Dioxin isomers.svg|mion|Struchtúr ginearálta na ndéocsaíní]]
Ábhair truaillithe chomhshaoil a tháirgtear i mionrianta i bpróisis áirithe tionsclaíochta is dóite, mar shampla, i ndéanamh páipéir is [[gluaisteán]] agus dó bruscair. Bíonn siad i mionrianta i luibhicídí áirithe freisin. Is fadsaolach iad de bhrí go meathann siad go mall sa [[Comhshaol|chomhshaol]], agus mar sin is scáfar an [[truailliú]] sa chomhshaol iad. Bíonn rian díobh sa [[Fíochán|bhfíochán]] sailleach i mbeagnach gach éinne, agus tá sé cruthaithe go bhfeidhmíonn siad in [[Ainmhí|ainmhithe]] is daoine ar shlí atá cosúil le hormóin stéaróideacha. Mar sin, má bhíonn siad iomarcach sna fíocháin, féadfaidh siad tús a chur le hailsí, míchumaí beirthe, dochar don [[Córas imdhíonach|chóras imdhíonach]], agus raon leathan galar eile. Le linn an chogaidh i [[Vítneam]] ([[1963]]-[[1975]]) spréigh arm Mheiriceá [[luibhicíd]] darb ainm [[Oibreán Flannbhuí|oibreán flannbhuí]] thar níos mó ná 1,000 km<small><sup>2</sup></small> chun na [[Duilleog|duilleoga]] a bhaint de na crainn thrópaiceacha. Tháinig an déocsaín i dteagmháil go tiubh leis na mílte [[saighdiúir]] ar an dá thaobh, rud a chuir gríos ar a [[Craiceann|gcraiceann]], agus ceaptar gur tharla deacrachtaí éagsúla beirthe ina bpáistí ina dhiaidh sin. Na hábhair chéanna a bhí ciontach sa truailliú míchlúiteach thart ar chathair Seveso san Iodáil i [[1976]], agus sa tubaiste i mBópal na h[[An India|India]] i [[1984]]. I [[1999]] fuarthas go raibh níos mó ná míle oiread an mhéid ceadaithe déocsaine i saill i gcomhair bia d'ainmhithe, agus aistarraingíodh bia-earraí feola ar fud [[An Eoraip|na hEorpa]]. Tharla eachtra den chineál céanna in [[Éire|Éirinn]] i [[2008]], agus bhí ar na húdaráis aistarraingt thubaisteach a dhéanamh ar mhuiceoil Éireannach ar fud [[An Domhan|an Domhain]].
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
 
{{DEFAULTSORT:Deocsaini}}