An difríocht idir athruithe ar: "Luaidhe (dúil)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 12:
Is í an '''luaidhe''' [[dúil cheimiceach]] uimhir a dó is ceithre scór (82), agus í 207.2 g/mol ar [[meáchan adamhach|mheáchan adamhach]]. '''Pb''' an t[[siombail cheimiceach]]. Miotal bog atá inti, agus bíonn [[comhdhúil]]e na luaidhe dainséarach go leor don duine agus don dúlra, mar is dual do na trom-mhiotail. Tá loinnir ghealghorm sa luaidhe nuaghearrtha, ach tagann smúit liath ocsaíde uirthi de réir a chéile agus í i dteagmháil le h[[ocsaigin]] an aeir. Is í an luaidhe an dúil is troime (de réir na huimhreach adamhaí) a bhfuil [[iseatóp|iseatóip]] chobhsaí aici, ach tá leathré an [[Biosmat|bhiosmait]] chomh fada agus go bhfuil sé chomh maith againn dearcadh ar an mbiosmat nádúrtha mar dhúil chobhsaí.
 
Úsáidtear luaidhe sna tógálacha, sna cadhnraí gluaisteáin, i bpiléir, agus i sciatha cosanta in aghaidh na [[radaighníomhaíocht]]a. Is maith an chosaint atá sa luaidhe ar an radaíocht, ós rud é go stopann sé cuid mhór de na gáma-ghathanna agus na X-ghathanna féin. Ina dhiaidh sin féin, táthar ag iarraidh éirí as an luaidhe don chuid is mó, toisc gur trom-mhiotal agus nimh atá inti. Déanann an luaidhe dochar agus damáiste do na néaróga ach go háirithe, agus í á carnadh sa cholainn.
 
Tá an luaidhe trom agus bog araon, rud a chiallaíonn gur féidir di camadh faoina meáchan féin.
 
Tá ceithre iseatóp nádúrtha ag an luaidhe, is é sin, Pb-204 (1.4 % de luaidhe an dúlra), Pb-206 (24.1 %), Pb-207 (22.1 %) agus Pb-208 (52.4 %). Iseatóp radaighníomhach é Pb-204, ach is féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht, ó tá a leathré chomh fada (1.4 x 10<sup>17</sup> bliain - is é sin, 14,000,000,000,000,000 bliain, nó 14 chuaidrilliún bliain).