An difríocht idir athruithe ar: "Luaidhe (dúil)"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 17:
 
Tá ceithre iseatóp nádúrtha ag an luaidhe, is é sin, Pb-204 (1.4 % de luaidhe an dúlra), Pb-206 (24.1 %), Pb-207 (22.1 %) agus Pb-208 (52.4 %). Iseatóp radaighníomhach é Pb-204, ach is féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht, ó tá a leathré chomh fada (1.4 x 10<sup>17</sup> bliain - is é sin, 14,000,000,000,000,000 bliain, nó 14 chuaidrilliún bliain).
 
Mianraí tábhachtacha luaidhe iad an ghailéin (PbS, suilfíd luaidhe), a bhíonn measctha trí mhianta since; an bhúlainséirít (Pb<sub>5</sub>Sb<sub>4</sub>S<sub>11</sub>, suilfíd mheasctha na luaidhe agus an antamóin), an anglaisít (sulfáit luaidhe, PbSO<sub>4</sub>) agus an cheiriúisít (carbónáit luaidhe, PbCO<sub>3</sub>).
 
Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta atá ag an luaidhe ina cuid comhdhúl ná +2, ach is féidir leis an luaidhe an uimhir ocsaídiúcháin is dual do na dúile eile sa ghrúpa - mar atá, +4 - a bhaint amach chomh maith. Níl sé furasta luaidhe a ocsaídiú go +4. Nuair a rachaidh an fluairín i bhfeidhm ar an miotal luaidhe, ní dhéanfar ach défhluairíd luaidhe PbF<sub>2</sub>, cé gurb iomaí dúil nach sroicheann an uimhir ocsaídiúcháin is airde ach amháin faoi thionchar an fhluairín.