An difríocht idir athruithe ar: "An Rúisis"

Content deleted Content added
Líne 57:
Bhí sinsir na Rúiseach, na mBealarúiseach agus na nÚcránach ag labhairt canúintí éagsúla de chuid na Slaivise Oirthearaí go dtí an 14ú haois, nuair a thosaigh an trí theanga seo á ndealú ó chéile. Fuair na canúintí a lán focal iasachta ón tSean-Lochlainnis nuair a bhí na hUigingigh ag creachadh rompu agus ag bunú cathracha sa tír, ach ón 12ú haois ar aghaidh, nuair a d'fhorghabh na Mongólaigh an Rúis, thosaigh focail Mhongólacha agus Thurcacha ag teacht isteach sa teanga labhartha.
 
Ba í an tSean-Slaivis Eaglasta a bhí á saothrú mar theanga liteartha go dtí gur chuir Peadar Mór tús leis an Rúisis mar theanga shibhialta chultúrtha. San am céanna, áfach, bhítí ag scríobh síos focail agus téacsaí iomlána sa teanga labhartha féin, go háirithe cáipéisí dlíthiúla, conarthaí trádála agus litreacha príobháideacha. Ba nós doiciméid den chineál sin a bhreacadh síos ar choirt beithe, agus tháinig na seandálaithe Sóivéadacha trasna ar chuid mhaith acu i gcathracha stairiúla na Rúise agus na hÚcráine ó thús na gcaogaidí i leith. Rinneadh an chéad chuasnógfhionnachtain den chineál seo i Novgorod sa bhliain 1951, agus is í an chathair sin an fhoinse is fearr litreacha coirte beithe inniu féin. Ba í teanga labhartha an phobail ba mhó a d'úsáidtí sna litreacha coirte beithe, an chuid ba mhó acu, agus is iad an t-ábhar is fearr agus is flúirsí a thugann spléachadh do na saineolaithe ar an gcineál teanga a bhí á labhairt sa Rúis sa 14ú haois.
 
Mar sin féin, bhí an lámh in uachtar ag an tSean-Slaivis Eaglasta i saol [[intleacht]]úil na [[tír]]e go dtí gur chrom Peadar Mór ar a fheachtas nua-aimsearthachta i gceart. Bhunaigh Peadar scoileanna agus chuir sé an teanga in úsáid i litríocht shaolta, ionas go raibh téarmaíocht eolaíoch nó teicneolaíoch ag teastáil. Fuair Peadar agus a chuid lucht léinn na téarmaí ó na teangacha iasachta, agus sin é an tuige, go bunúsach, go bhfuil Rúisis an lae inniu breac le focail Ollainnise, Ghearmáinise, Fhraincise agus Bhéarla.