An difríocht idir athruithe ar: "An Ghearmáinis"
Content deleted Content added
MacCambridge (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
No edit summary |
||
Líne 18:
Ós [[Teangacha Gearmáinice|teanga Gearmáinice]] í an Ghearmáinis, tá gaol cuibheasach dlúth aici leis an m[[An Béarla|Béarla]], cé nach bhfuil an Béarlóir in ann mórán adhmaid a dhéanamh den Ghearmáinis i ndiaidh an oiread craiceann a chuir stór focal an Bhéarla de faoi thionchar na [[An Laidin|Laidine]] agus na sean-Fhraincise. Tá sé níos fusa comhchosúlacht na Gearmáinise agus na h[[An Ollainnis|Ollainnise]] a aithint, mar shampla.
[[File:Knowledge of German EU map.svg|thumb|Eolas ar an [[Gearmáinis]] San A.E..]]
== "''Deutsch''" ==
Tá an t-ainm úd ''Deutsch'' bunaithe ar fhocal Gearmáinice a chiallaíonn "pobal", "cosmhuintir"
Chuaigh an focal sin ''deutsch'' nó an seanleagan de in úsáid sa Laidin mar ''theodiscus'', agus is as sin a tháinig an téarma [[An Iodáilis|Iodáilise]] ''tedesco''. Maidir leis an ainm ''Almáinis'', a úsáidtear san [[An Fhraincis|Fhraincis]] agus sa [[An Spáinnis|Spáinnis]], creidtear go bhfuil sé bunaithe ar na focail Ghearmáinise ''all'' = uile agus ''Mann'' = fear, nó ar sheanleaganacha na bhfocal seo. I gcanúineolaíocht na Gearmáinise, tugtar ''canúintí Almannacha'' ar na canúintí deisceartacha a labhraítear san Eilvéis agus sa chuid bheag den Ostair atá ag críochantacht leis an Eilvéis. Canúintí [[An Bhaváir|Baváracha]] a labhraítear sa chuid is mó den Ostair.
Line 34 ⟶ 32:
Tá an Ghearmáinis ina teanga oifigiúil sa [[An Ghearmáin|Ghearmáin]], san [[An Ostair|Ostair]], i [[Lichtinstéin]], agus i dhá dtrian den [[An Eilvéis|Eilvéis]]. Maidir le [[Lucsamburg]], tá canúint áitiúil den Ghearmáinis á labhairt ag cách ansin, ach is fearr le muintir na tíre [[An Fhraincis|Fraincis]] a shaothrú mar theanga scríofa. Tá an Ghearmáinis oifigiúil i Lucsamburg, in éineacht leis an [[An Lucsambuirgis|Lucsambuirgis]] agus an Fhraincis, ach is minice a úsáidtear sna nuachtáin phríobháideacha ná i bhfoilseacháin oifigiúla an rialtais í. Sa [[An Bheilg|Bheilg]], tá canúintí Gearmáinise á labhairt in oirthear na tíre, agus is teanga oifigiúil í an Ghearmáinis, in éineacht leis an [[An Ollainnis|Ollainnis]] agus an Fhraincis. Sa [[An Danmhairg|Danmhairg]] agus san [[An Iodáil|Iodáil]], níl ach stádas áitiúil nó réigiúnach ag an nGearmáinis mar theanga mhionlaigh.
Roimh an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]], bhí mionlaigh mhóra ag labhairt na Gearmáinise anseo agus ansiúd in Oirthear na hEorpa. I ndiaidh an chogaidh, áfach, díbríodh an chuid ba mhó de na Gearmánaigh seo go dtí an Ghearmáin féin. Is amhlaidh gur bhain [[Adolf Hitler|Hitler]] leas as na mionlaigh Ghearmánacha seo mar shiocair leis an t[[An tSeicslóvaic|Seicslóvaic]] a chur de dhroim an tsaoil agus leis an b[[An Pholainn|Polainn]] a ionsaí, agus i ndiaidh an chogaidh, bhí muintir na dtíortha seo meáite fáil réitithe den "[[Cúigiú colún|chúigiú colún]]" seo, ionas nach bhféadfadh aon Hitler nua an cleas céanna a imirt orthu a thuilleadh. Thairis sin, bhí Poblacht Chónaidhme na Gearmáine sásta lucht
[[Íomhá:DeutschsprachigeWelt.png|300px|thumb|clé|Tíortha ina labhraítear Gearmáinis.]]
Roimh bhlianta an Chumannachais, bhí pobail mhóra Ghearmánacha anseo is ansiúd in Impireacht na Rúise. Bhí [[Iósaf Stailín|Stalin]] thar a bheith drochamhrasach i leith na nGearmánach, go háirithe nuair a d'ionsaigh Hitler [[an tAontas Sóivéadach]], áfach, agus scaip sé na pobail seo ar fud an Aontais, murar cimíodh sna [[GULag|campaí géibhinn]] amach is amach iad. Mar sin, níl ach iarsmaí fágtha de Ghearmánaigh na Rúise, agus cónaí orthu ina lán poblachtaí iar-Shóivéadacha inniu. Fuair cuid mhór acu cead imirce a dhéanamh go dtí an Ghearmáin, cosúil le Gearmánaigh Oirthear na hEorpa.
Line 40 ⟶ 38:
San Afraic, tá an Ghearmáinis á labhairt go forleathan sa [[An Namaib|Namaib]], cé nach bhfuil stádas oifigiúil aici ansin. Iar-choilíneacht Ghearmánach is ea an Namaib, ar ndóigh.
San Oileán Úr, bíonn canúintí Gearmáinise á labhairt, thar aon dream eile, ag mionlaigh reiligiúnacha, go háirithe ag seicteacha [[Anabaistigh|Anabaisteacha]], cosúil leis na [[Meannóinítigh]] agus na h[[Amanaigh]]. Go minic, ní shaothraíonn dreamanna den chineál seo an Ghearmáinis chaighdeánach mar theanga liteartha, agus dá réir sin, imríonn an teanga oifigiúil
== Canúintí na Gearmáinise ==
Line 50 ⟶ 48:
Inniu, tá cuid de na canúintí pobail ag géilleadh don teanga chaighdeánach. Go háirithe i dTuaisceart na Gearmáine, tá na canúintí áitiúla imithe ar fad nó sna céadéaga. Ón taobh eile de, tá an chanúint láidir san Eilvéis agus i Lucsamburg, agus í á saothrú mar theanga liteartha, fiú.
Is gnách na canúintí Gearmáinise a dheighilt ina dhá bpríomhghrúpa, mar atá, na canúintí Ard-Ghearmáinise (''Hochdeutsch'') agus na cinn Íseal-Ghearmáinise (''Niederdeutsch'', ''Plattdeutsch''). Is í an difríocht is mó eatarthu ná go bhfuil an Dara Fuaimaistriú nó ''Zweite Lautverschiebung'' ar lár san Íseal-Ghearmáinis. Is é an fuaimaistriú seo a d'fhág cuma speisialta na "Gearmáinise" ar na consain i bhfocail cosúil le ''A'''pf'''el'' = úll (cf. ''a'''pp'''le'' sa Bhéarla), '''''Pf'''ad'' = cosán ('''''p'''ath''), ''ma'''ch'''en'' = déanamh (''ma'''k'''e''), '''''Z'''eit'' = "am" (is ionann mar fhocal é agus '''''t'''ide'' an Bhéarla, cé nach ionann an bhrí níos
Is minic a thugtar ''Platt'' nó ''Plattdeutsch'' ar an Íseal-Ghearmáinis, ach, le fírinne, níl an téarma seo go maith, ós rud é go bhfuil cuid mhaith canúintí Meán-Ghearmáinise ann a dtugann lucht a labhartha ''Platt'' ar a gcanúint
Ní mór cuimhne a choinneáil air, áfach, nach bhfuil an teorainn idir an Ard-Ghearmáinis agus an Íseal-Ghearmáinis soiléir ná neamh-dhébhríoch. Is gnách í a tharraingt de réir "líne Benrath", is é sin, an líne a dhealaíonn ó chéile na canúintí ina n-úsáidtear ''maken'' (Íseal-Ghearmáinis) agus na cinn ina n-úsáidtear ''machen'' (Ard-Ghearmáinis agus an teanga chaighdeánach). Ritheann líne Benrath ó [[Eupen]] sa [[An Bheilg|Bheilg]] trí [[Aachen]], [[Benrath]] (in aice le [[Düsseldorf]]), [[Olpe]], [[Kassel]], [[Nordhausen]], [[Aschersleben]], [[Dessau]] agus [[Beirlín]] go dtí [[Frankfurt an der Oder]]. Tá an líne ainmnithe as an áit ina dtrasnaíonn sí an [[An Réin|Réin]]. Níl na saineolaithe go léir ar aon bharúil, áfach, gur chóir an Ard-Ghearmáinis agus an Íseal-Ghearmáinis a aithint thar a chéile de réir na líne áirithe seo. Is fearr le cuid acu an líne idir ''ich'' agus ''ik'' ("mé") a roghnú mar chritéar. Tugtar "líne Uerdingen" ar an líne áirithe seo. Tá líne Uerdingen suite níos faide thuaidh ná líne Benrath.
Line 76 ⟶ 74:
=== Meán-Ard-Ghearmáinis ===
Tá i bhfad níos mó tábhachta leis an Meán-Ard-Ghearmáinis (''Mittelhochdeutsch''). Glactar leis go raibh Meán-Ard-Ghearmáinis á saothrú timpeall na mblianta [[1050]]-[[1350]]. Ní féidir a rá gur teanga chaighdeánach a bhí ann mar a thuigimid an téarma "caighdeán" inniu, ach ar a laghad, bhí claonadh láidir ann sórt scáthleagan nó leagan osréigiúnach den teanga a chruthú. Bhí an claonadh seo fite fuaite le riachtanais na filíochta. Is amhlaidh go raibh filí agus éigse ag aithris dánta, laoithe agus amhráin i gcúirteanna na linne, agus iad ag iarraidh a gcuid filíochta a dhéanamh intuigthe ag an lucht éisteachta i ngach caisleán. Na cúirteanna agus na rítheaghlaigh ba mhó a raibh tionchar acu ar na nósanna agus na béasaí - rítheaghlach mhuintir Hohenstaufen agus rítheaghlach na [[Na Hapsburgaigh|Hapsburgach]] ach go
Bhí tionchar na Meán-Ard-Ghearmáinise le mothú san Ísiltír féin, nó ní raibh an Ísiltíris agus an Ghearmáinis scartha ó chéile go fóill san am seo. Is fiú an file Hendrik van Veldeke, a mhair sa dóú haois déag, a lua. Bhí canúint Ollainnise ó dhúchas aige, agus sin é an teanga ba mhó a shaothraíodh sé ina chuid scríbhinní, ach chuir sé caol air gan focail a chur i rím le chéile nach ndéanfadh rím sa Mheán-Ard-Ghearmáinis. Is é sin, rinne sé iarracht a chinntiú go bhféadfaí a chuid dánta a aistriú go Meán-Ard-Ghearmáinise chomh héasca agus ab fhéidir, gan foclaíocht an bhuntéacs a athrú.
D'fhág na filí Meán-Ard-Ghearmáinise cuid mhór [[litríocht]]a ina ndiaidh. Thar aon rud eile, bhí an ''Minnesang'' ann, is é sin, an fhilíocht choinbhinsiúnta grá. Ba é an grá cúirtiúil a bhí i gceist, is é sin, grá an ridire don bhean uasal a n-ofrálann sé a anam ar a son i bpáirc an áir gan aon teagmháil cheart grá nó collaíochta. Ba é [[Walther von der Vogelweide]] máistir an chineál seo filíochta. Bhí an [[Artúraíocht]]
Ba é Wolfram von Eschenbach a scríobh an eipic úd ''Parzival'', an chéad téacs Gearmáinise ina ndéantar tagairt don t[[An Soitheach Naofa|Soitheach Naofa]].<ref>[http://www.litencyc.com/php/sworks.php?rec=true&UID=13213 Literary Encyclopedia - Wolfram von Eschenbach: Parzival]</ref>
Line 90 ⟶ 88:
Is ionann inniu an Ghearmáinis agus an Nua-Ard-Ghearmáinis, is é sin, an caighdeán a bhunaigh [[Martin Luther|Máirtín Liútar]] lena aistriúchán den Bhíobla. Chreid sé féin nach raibh sé ag cruthú aon chaighdeán nua, ach ag tarraingt ar na caighdeáin a bhí ann roimhe féin, is é sin, ar an gcineál Gearmáinis a chleachtadh Seansailéireacht an Impire Hapsburgaigh agus an cineál a bhíodh á scríobh i [[Meissen]], i Seansailéireacht an Rí Shacsónaigh. Le fírinne, d'aontaigh sé an chuid ab fhearr sa dá "chaighdeán" seo. Thairis sin, chuir sé béim ar leith ar shimplíocht na comhréire, agus é ag iarraidh aithris a dhéanamh ar dhul na cainte i mbéal na ngnáthdhaoine. Is é an mana a bhí aige ná "féach béal na ndaoine agus iad ag labhairt", agus, go fírinneach, bhí blas na cainte nádúrtha ar go leor dár scríobh sé.
Maidir le gramadach na Nua-Ard-Ghearmáinise, tá cuid mhór di bunaithe ar ghramadach na Meán-Ard-Ghearmáinise, go háirithe an tuiseal ginideach agus an aimsir
Thóg sé na céadta bliain, áfach, Gearmáinis chaighdeánaithe Mháirtín Liútair a thabhairt isteach mar chaint na ndaoine. Ní bhfuair sí an lámh in uachtar ar na canúintí roimh an bhfichiú haois, agus, déanta na fírinne, tá stádas na canúna láidir i gcónaí san Eilvéis agus i Lucsamburg. Sa Ghearmáin féin chomh maith leis an Ostair, áfach, tá an ''regionale Umgangssprache'' - an "chaint réigiúnda" - ag cur ruaigeadh ar an ''Dialekt'' nó an ''Mundart'', is é sin, an "chanúint". Ní raibh na seanchanúintí Gearmáinise bunaithe ar an teanga chaighdeánaithe ar aon nós, nó ba leaganacha den teanga iad a d'fhorbair beag beann uirthi. Is é an rud atá i gceist leis an "gcaint réigiúnach" ná an leagan réigiúnach den teanga chaighdeánaithe. Go minic, bíonn blas na canúna uirthi láidir go leor, ach san am céanna, níl a gramadach ná a stór focal bunaithe ar an gcanúint, ach ar an teanga chaighdeánaithe.
|