An difríocht idir athruithe ar: "An Ghearmáinis"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 48:
Inniu, tá cuid de na canúintí pobail ag géilleadh don teanga chaighdeánach. Go háirithe i dTuaisceart na Gearmáine, tá na canúintí áitiúla imithe ar fad nó sna céadéaga. Ón taobh eile de, tá an chanúint láidir san Eilvéis agus i Lucsamburg, agus í á saothrú mar theanga liteartha, fiú.
 
Is gnách na canúintí Gearmáinise a dheighilt ina dhá bpríomhghrúpa, mar atá, na canúintí Ard-Ghearmáinise (''Hochdeutsch'') agus na cinn Íseal-Ghearmáinise (''Niederdeutsch'', ''Plattdeutsch''). Is í an difríocht is mó eatarthu ná go bhfuil an Dara Fuaimaistriú nó ''Zweite Lautverschiebung'' ar lár san Íseal-Ghearmáinis. Is é an fuaimaistriú seo a d'fhág cuma speisialta na "Gearmáinise" ar na consain i bhfocail cosúil le ''A'''pf'''el'' = "úll" (cf. ''a'''pp'''le'' sa Bhéarla), '''''Pf'''ad'' = "cosán" ('''''p'''ath''), ''ma'''ch'''en'' = "déanamh" (''ma'''k'''e''), '''''Z'''eit'' = "am" (is ionann mar fhocal é agus '''''t'''ide'' an Bhéarla, cé nach ionann an bhrí níos mó—"taoide" is ciall leis an bhfocal Béarla, ar ndóigh). Bíonn na focail Íseal-Ghearmáinise ag breathnú níos cosúla leis na focail Bhéarla ó thaobh na gconsan de—''maken'' in áit ''machen'', mar shampla.
 
Is minic a thugtar ''Platt'' nó ''Plattdeutsch'' ar an Íseal-Ghearmáinis, ach, le fírinne, níl an téarma seo go maith, ós rud é go bhfuil cuid mhaith canúintí Meán-Ghearmáinise ann a dtugann lucht a labhartha ''Platt'' ar a gcanúint féin—''Koblenzer Platt'' i g[[Koblenz]], cuir i gcás.
Líne 90:
Maidir le gramadach na Nua-Ard-Ghearmáinise, tá cuid mhór di bunaithe ar ghramadach na Meán-Ard-Ghearmáinise, go háirithe an tuiseal ginideach agus an aimsir chaite—''das Präteritum'', mar a deirtear as Gearmáinis. Foirm bheo is ea an tuiseal ginideach sa Ghearmáinis scríofa: ''das Auto des Vaters'' ("gluaisteán an athar") a scríobhtar, ach is iad na struchtúir a úsáidtear sa teanga labhartha ná ''das Auto vom Vater'' ("an gluaisteán den athair") nó ''dem Vater sein Auto'' ("don athair a ghluaisteán féin"). Cosúil leis sin, struchtúr de chuid na teanga liteartha is ea é ''er schrieb den Brief'' ("scríobh sé an litir", cf. ''he wrote the letter'' sa Bhéarla), ach is í an aimsir fhoirfe a úsáidtear sa chaint: ''er hat den Brief geschrieben'' ("tá sé tar éis an litir a scríobh", "tá an litir scríofa aige", cf. ''he has written the letter'' sa Bhéarla). I gcomparáid leis an Meán-Ard-Ghearmáinis, áfach, d'athraigh an fuaimniú ar go leor bealaí: rinneadh [ai] den [ei], cé gurb é "ei" an litriú i gcónaí ("schreiben" [ʃraibən]), d'iompaigh an t-"iu" [y:] agus an t-"öi" ([øu], nó b'fhéidir [øi]) go h-"eu"/"äu" [ɔy].
 
Thóg sé na céadta bliain, áfach, Gearmáinis chaighdeánaithe Mháirtín Liútair a thabhairt isteach mar chaint na ndaoine. Ní bhfuair sí an lámh in uachtar ar na canúintí roimh an bhfichiú haois, agus, déanta na fírinne, tá stádas na canúna láidir i gcónaí san Eilvéis agus i Lucsamburg. Sa Ghearmáin féin chomh maith leis an Ostair, áfach, tá an ''regionale Umgangssprache'' - an—an "chaint réigiúnda" - ag—ag cur ruaigeadh ar an ''Dialekt'' nó an ''Mundart'', is é sin, an "chanúint". Ní raibh na seanchanúintí Gearmáinise bunaithe ar an teanga chaighdeánaithe ar aon nós, nó ba leaganacha den teanga iad a d'fhorbair beag beann uirthi. Is é an rud atá i gceist leis an "gcaint réigiúnach" ná an leagan réigiúnach den teanga chaighdeánaithe. Go minic, bíonn blas na canúna uirthi láidir go leor, ach san am céanna, níl a gramadach ná a stór focal bunaithe ar an gcanúint, ach ar an teanga chaighdeánaithe.
 
== Tagairtí ==