An difríocht idir athruithe ar: "Grianghrafadóireacht"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata) - The interwiki article is not good
cur mé tagairt faoi camra obscura
Líne 3:
 
== Stair ==
Tosaíodh ar íomhánna a cheapadh i g''[[camera obscura]]'' a theilg íomhá trí lionsa laistigh de [[Seomra dorcha|sheomra dorcha]].<ref>{{Luaigh foilseachán|title=The Eye as an Optical Instrument: From Camera Obscura to Helmholtz's Perspective|url=https://doi.org/10.1068/p3210|journal=Perception|date=2001-10|issn=0301-0066|pages=1157–1177|volume=30|issue=10|doi=10.1068/p3210|author=Nicholas J Wade, Stanley Finger}}</ref> Ba mar chabhair líníochta d'ealaíontóirí a bhí sé. Le forbairt na ceimice tugadh faoi deara go raibh tionchar ag an solas ar cheimicí áirithe, go háirithe clóiríd airgid. Ba é [[Joseph Nièpce]] a rinne an chéad ghrianghraf i samhradh na bliana [[1827]], ach ba é a chomhpháirtí [[Louis Daguerre]] a rinne forbairt ar dhóigh le plátaí grianghrafacha a tháirgeadh ionas go mbeadh íomhá buan ar fáil. Bhí an-ráchairt ar an bpróiseas nua láithreach bonn agus tosaíodh ar phortráidí agus ar thírdhreacha a ghlacadh ar fud na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh, agus ba chuid riachtanach de ghiúirléidí na taiscéalaíochta é do chuid mhór de na daoine a bhí ag taisteal chuig na háiteanna ba iargúlta ar domhan. Bhí an próiseas an-chostasach áfach agus ní raibh ach íomhá amháin le fáil as.
 
D'fhorbair [[William Fox Talbot|William Henry Fox Talbot]] an claonchló i [[1835]], rud a chuir ar chumas clódóirí macasamhla gan teoradh a dhéanamh de ghrianghraf ar bith. Ba ar [[páipéar|pháipéar]] a bhí an claonchló ar dtús, ach bhí torthaí níos fearr ar fáil ar ghloine, agus de réir a chéile rinneadh forbairt ar scannáin ([[ceallafán]]) agus ní raibh an oiread céanna ama ag teastáil chun grianghraf a ghlacadh. D'fhéadfaí gluaiseacht a reo i ngrianghraf agus bhí an-tóir air an bpróiseas úr sna nuachtáin.