An difríocht idir athruithe ar: "Caife"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Starr 070617-7325 Coffea arabica.jpg|thumb|right|230px|Síolta caife ar phlanda caife]]
Deoch is ea an '''caife''' a dhéantar as síolta rósta an phlanda caife nó ''coffea''. Creidtear gurb ó réigiún san [[An Aetóip|Aetóip]], Kaffa, a fuaireamar an focal "caife". Tháinig an focal dúinn trí ''kahve'' na [[An Tuircis|Turcais]]e ó ''qahwah'' (fíon) na h[[Araibis]]e. Is féidir é a sheirbheáil te nó fuar. Tá go leor scéalta taobh thiar de. Is é an réigiún [[Meánchiorcal]] an áit a bhfástar an caife. Is iad na réimsí sonracha ná [[Meiriceá Láir]] agus Theas, [[An Afraic]] agus an lár-oirthear agus [[an Áise]] Theas. Tá sé ar eolas go geografach mar an áit idir an Trópaic an Phortáin agus Trópaic an Ghabhair mar an "crio pónairí caife".
== Stair an Chaife ==
 
=== Finscéalaíocht ===
Tá scéal finscéalach ann a insítear faoin áit ar bunaíodh caife ar dtús. Thosaigh sé ar fad i réigiún na hAetóipe a chreidtear gurbh iad an chéad duine a d'aithin éifeacht fhuinniúil an ghléasra caife. Mar sin féin, níl aon fhianaise dhíreach a fuarthas níos luaithe ná an 15ú haois, rud a léiríonn cén áit ar fhás caife san Afraic ar dtús nó a d’fhéadfadh a bheith ina spreagthach ag na daonraí dúchasacha<ref>{{Luaigh foilseachán|author=Bennet Alan Weinberg agus Bonnie K Bealer|date=2001|url=|title=The world of Caffeine|journal=The World of Caffeine: The Science and Culture of the World's Most Popular Drug|volume=|issue=1st|publisher=Psychology Press}}</ref> Tá scéal an aoire óg a raibh tréad gabhar aige, lá amháin thug sé faoi deara go raibh gabhar ag ithe roinnt caora, tar éis iad a ithe, bhí sé lán de fuinneamh agus sceitiminí. Cheap sé go raibh sé an-aisteach mar sin rinne sé blaiseadh dó féin. Thosaigh an t-aoire féin ag mothú níos fhuinnmhithe tar éis dó na caora a ithe. Thosaigh an nuacht ag scaipeadh agus chuala manaigh faoi seo agus theastaigh uathu cuid acu féin. Triomaigh siad na caora nuair a fuair siad iad agus ansin ghrúdaigh siad iad le huisce te agus an chéad chupán caife mar thoradh air. Ach ní raibh sé seo i scríbhinn go dtí 1670
 
[[Íomhá:Espresso.jpg|thumb|right|230px|Caife ''espresso'']]
Is ceann de na honnmhairí talmhaíochta is mó ar domhan é an caife. Níl trádáil chomh mór sin in aon rud ar bith eile ann seachas an [[artola]].
 
 
 
 
Is caife le [[uisce beatha|huisce beatha]] é an caife Gaelach le aon pháirt uisce beatha do gach trí pháirt chaife.
 
 
<br />
 
{{stumpa}}