An difríocht idir athruithe ar: "Éire (Poblacht na hÉireann)"

Content deleted Content added
No edit summary
Blanked the page
clib: Blanking blanking
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Tíre|ainm_dúchasach=Poblacht na hÉireann<br />Republic of Ireland
|íomhá_na_brataí=Flag of Ireland.svg{{!}}border<!--Bratach Éireann Mór.png-->
|méid_brataí=150px
|íomhá_an_armais=Coat_of_arms_of_Ireland.svg<!--airm_éireann.png-->
|méid_armais=80px
|ainm_gin_bain=na hÉireann
|ainm_gin_fir=na hÉireann
|mana_náisiúnta=[[Íomhá:National anthem of Ukraine, instrumental.oga]]
|amhrán_náisiúnta=''[[Amhrán na bhFiann]]''
|íomhá_learscáile=EU-Ireland.svg
|príomhchathair = [[Baile Átha Cliath]] |dnlc=53|dnln=26|dnlNS=N|dnfc=6|dnfn=15|dnfEW=W|dnlNSgael=Thuaidh|dnfEWgael=Thiar
|cathair_is_mó=[[Baile Átha Cliath]]
|teangacha_oifigiúla=[[Gaeilge]]<br>[[Béarla]]<br>[[Teanga Chomharthaíochta na hÉireann]]
|cineál_rialtais= [[Poblacht]]|
|teidil_na_gceannairí=[[Uachtarán na hÉireann|Uachtarán]]<br />[[Taoiseach]]<br />[[Tánaiste]]
|ainmneacha_na_gceannairí=[[Mícheál D. Ó hUiginn]]<br />[[Leo Varadkar]]<br />[[Síomón Ó Cómhanaigh]]
|cineál_ardcheannais=[[Neamhspleáchas]]
|tarluithe_bunaithe=
|dátaí_bunaithe=[[Conradh Angla-Éireannach]]<br /> [[6 Nollaig]], [[1921]]
|achar_km=70,273
|rang_achair=117ú
|uisce_faoin_gcéad=2%
|bliain_an_mheastacháin_daonra=2015
|meastachán_daonra=4,635,400<ref>[https://www.cia.gov/library/publications/the-world-factbook/geos/ei.html CIA - Fact Book - Poblacht na hÉireann]</ref>
|bliain_an_daonáirimh_daonra=2011
|rang_an_mheastacháin_daonra=118ú
|daonáireamh_daonra=4,588,252<ref>[http://www.cso.ie/census/documents/Prelim%20complete.pdf CSO - Daonáireamh 2011 - Réamhthuairisc]</ref>
|rang_an_dlúis_daonra=142ú
|dlús_daonra=65.3
|bliain_OTI_PCC=2005
|OTI_PCC=$167.9 billiún
|rang_OTI_PCC=50ú
|OTI_PCC_an_duine=$34,100
|rang_OTI_PCC_an_duine=4ú
|Crios ama=[[UTC]]
|crios_ama_CSL=[[Am Caighdeánach na hÉireann|ACÉ]]
|aischur_UTC_CSL=+1
|aischur_UTC=+0
|airgeadra=[[Euro]] ([[€]])
|cód_airgeadra=EUR
|fearann=.ie
|glaochód=353
|fonótaí=|}}
Is stát í '''Éire''' ([[Béarla]]: ''Ireland'') ar an gcuid is mó d'[[Éire|oileán na hÉireann]], amach ó chósta thiar-thuaidh na [[an Eoraip|hEorpa]]. Is le [[Tuaisceart Éireann]], atá laistigh den [[Ríocht Aontaithe]], an chuid eile den oileán. ''Éire'' an teideal oifigiúil atá ar an stát, leis an gcur síos oifigiúil ''Poblacht na hÉireann'' ([[Béarla]]: ''Republic of Ireland''). Cé gur fhan an Phoblacht neodrach le linn [[An Dara Cogadh Domhanda|an Dara Chogaidh Domhanda]] agus cogaí eile ó shin, is ballstát de [[na Náisiúin Aontaithe]] agus den [[an Aontas Eorpach|Aontas Eorpach]] í, ach ní dheachaigh sí isteach in [[ECAT]], ar eagraíocht mhíleata í.
 
== Stair ==
{{main|Stair na hÉireann}}
===Rialtas Dúchais===
{{main|Rialtas Dúchais}}
D'eascair an difríocht idir oileán na hÉireann (a bhí faoi rialtas amháin cheana féin) agus stát na hÉireann (26 as 32 chontae an oileáin) as eachtraí bunreachtúla casta i rith an chéid leath den [[20ú haois|fhichiú haois]]. Ón [[1 Eanáir]] [[1801]] go dtí an [[6 Mí na Nollag]] [[1922]], ba thír laistigh den [[Ríocht Aontaithe]] í Éire.
 
===Éirí amach agus céimeanna i dtreo na saoirse===
Sa bhliain 1919, shocraigh an chuid is mó de [[Feisire Parlaiminte|Fheisirí Parlaiminte]] Éireann, a toghadh in [[ollthoghchán na Breataine, 1918]], a suíocháin i b[[Parlaimint na Breataine]] a dhiúltú. In áit dul go Londain bhunaigh siad parlaimint Éireannach, [[Dáil Éireann]]. I Mí Eanáir 1919, d'eisigh an Dáil seo [[Fógra Neamhspleáchais Aontaobhach]] in ainm [[Poblacht Éireannach|Poblachta Éireannaigh]]. Níor tugadh aitheantas idirnáisiúnta don ''phoblacht'' seo. Chuir Rialtas na Breatain an Dáil faoi chois, agus cuireadh go leor de na Teachtaí Dála i bpríosún. Thosaigh [[Cogadh na Saoirse]], a mhair go dtí 1921, nuair a thosaigh rialtais na Breataine agus Aireacht na Poblachta Éireannaigh ar idirbheartaíocht, a chríochnaigh le síniú an [[Conradh Angla-Éireannach|Chonartha Angla-Éireannaigh]] i [[1921]]. Chruthaigh sé seo córas iomlán nua rialtais in Éirinn, a bhí dleathach i súile na Breataine agus féinrialaitheach faoi [[stádas chríochach]] (''dominion status'').
 
Cruthaíodh stát nua Éireannach, "[[Saorstát Éireann]]" (as Béarla: ''Irish Free State''). Bhí sé ar intinn an oileán go léir a chur faoin Saorstát, ach ba é rogha "[[Tuaisceart Éireann|Thuaisceart Éireann]]" (a cruthaíodh de réir ''[[Acht Rialtais na hÉireann 1920]]'', agus ina raibh 6 des na 9 chontaetha in Ulaidh) fanacht laistigh [[an Ríocht Aontaithe|den Ríocht Aontaithe]]. Sa chaoi sin, is le Saorstát Éireann a bhí na 26 chontaetha eile; monarcacht bhunreachtúil faoi smacht ríocht na Breataine (ach leis an dteideal Rí Éireann tar éis [[1927]]). Ag an stát seo bhí ''[[Fear Ionaid an Rí]]'' (i mBéarla, ''Governor-General''), parlaimint le dhá sheomra, aireacht ar a raibh an teideal ''Executive Council'' (Comhairle Gnóthaí), agus príomh-aire leis an teideal ''[[Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Shaorstáit Éireann|Uachtarán na Comhairle Gnóthaí]]'' (''President of the Executive Council''). [[Bunreacht Shaorstáit Éireann]] a thugtar ar bhunreacht an stáit seo.
 
===Bunreacht na bliana 1937===
{{main|Bunreacht na hÉireann}}
 
Ar an [[29 Mí na Nollag]] [[1937]] tháinig bunreacht nua, [[Bunreacht na hÉireann]], i bhfeidhm. Cruthaíodh stát nua, ar a dtugadh Éire, in áit Saorstáit Éireann. Sa bhunreacht, bhí áis ann i gcomhair oifig nua, [[Uachtarán na hÉireann]], in áit an rí. Ina ainneoin seo, ní poblacht a bhí sa stát seo. De réir an dlí, bhí an príomhphost atá ag ceann an stáit; ionadaíocht a dhéanamh ar son an stáit go hidirnáisiúnta – fós ag an Rí.
[[Íomhá:1916proclamation.jpg|mion|[[Forógra na Poblachta|Forógra na Cásca]], 1916]]
Ritheadh Acht Phoblacht na hÉireann i 1948. Ar an [[1 Aibreán]] [[1949]] d'fhógair an [[Comhrialtas]] a bhí i gcumhacht ''Acht Poblachta na hÉireann'' ''Éire'' mar phoblacht, leis na postanna a bhí ag Rí na hÉireann roimhe sin tugtha do Uachtarán na hÉireann.
 
Ar an [[16 Aibreán]] [[1949]], d’éirigh Saorstáit Éireann ina Phoblacht. Tháinig sé i bhfeidhm ar [[Luan Cásca]] 1949, 33 bhliain díreach tar éis [[Éirí Amach na Cásca]]<ref>https://issuu.com/nasclegaeilge/docs/4aibre__ncr__och</ref>.
 
Cé go raibh ''Éire'' fós mar ainm oifigiúil ag an stát (Airteagal 4, "Éire is ainm don stát nó, sa Sacs-Bhéarla, ''Ireland''" <ref>http://www.taoiseach.gov.ie/irish/getFile.asp?FC_ID=305&docID=263</ref>) tháinig an téarma ''The Republic '' (gan ann ach cur síos oifigiúil ar an stát nua) in úsáid mar a hainm as Béarla. Agus Stát na hÉireann ag baint úsáide as an téarma ''Ireland'' chun cur síos uirthi féin as Béarla, go háirithe le hábhair taidhleoireachta (mar shampla ''President of Ireland'' agus ''Constitution of Ireland''). Chomh maith, d'fhógair Bunreacht 1937 gur pháirt dleathach den stát í Tuaisceart Éireann.
 
Leasaíodh an chuid sin den bhunreacht, Airteagal 2 agus 3, i [[1999]] mar chuid de Chonradh Aoine an Céasta.
[[Íomhá:COA IRELAND.PNG|clé|mion|211x211px|Armas]]
Ba bhallstát den [[Comhlathas Briotanach]] Saorstát Éireann/Éire fós, go dtí gur fógraíodh an Phoblacht i mí Aibreán [[1949]]. De réir rialacha an Chomhlathais ag an am sin, chuir fógairt na poblachta deireadh le ballraíocht sa Chomhlathas. Tharla sé seo roimh athrú na rialacha chun poblacht nua na hIndia a choimeád sa Chomhlathas. Fiú má chuaigh ballraíocht na hÉireann chun deiridh gan aon iarratas ar bhallraíocht nua, choimeád sí roinnt mhór de bhuntáistí na ballraíochta. Inniu féin, is féidir le saoránach Éireannach atá ina chónaí sa [[an Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]] gach ceart atá ag saoránach Bhriotanach a éileamh, fiú amháin seasamh i dtoghcháin áitiúla agus parlaiminte agus páirt a ghlacadh in airm na Breataine.
 
===Poblacht an lae inniu===
Ghlac Éire a ballraíocht sna [[Náisiúin Aontaithe]] i [[1955]] agus sa [[Comhphobal Eacnamaíoch Eorpach|Chomhphobal Eacnamaíoch Eorpach]] ([[an Aontas Eorpach]] anois) i [[1973]]. Tá athaontú na hÉireann iarrtha go síochánta ag rialtais Éireannacha agus iad ag cabhrú leis an mBreatain i gcoinne na gcaismirtí foréigneacha idir ghrúpaí [[paraimíleatach]]a i d[[Tuaisceart Éireann]] a dtugtar [[Na Trioblóidí]] orthu. Tá na rialtais ag cur aontú síochána do Thuaisceart Éireann, [[Comhaontú Aoine an Chéasta|Comhaontú Bhéal Feirste]], lenar aontaigh an Phoblacht agus an Tuaisceart i [[1998]] i reifrinn, i bhfeidhm faoi láthair, cé go bhfuil moilliú air de bharr easaontais, go háirithe i measca na nAontachóirí.
 
== Polaitíocht ==
[[Íomhá:Éire_léarscáil.png|right|thumb|280px|Léarscáil Éireann]]
Is [[poblacht]] í Éire, le córas parlaiminte mar rialtas aici. Toghtar [[Uachtarán na hÉireann]], a freastalaíonn mar cheann stáit, i gcomhair tréimhse 7 mbliana, le cead seasaimh arís uair amháin eile. Is post ainmniúil é an tUachtarán don chuid is mó, ach tá roinnt smacht agus feidhmeanna aige de réir an bhunreachta, le cabhair ó [[Comhairle an Stáit|Chomhairle an Stáit]], ionad comhairleora. Ceaptar an [[príomhaire]], an [[Taoiseach]], ag an Uachtarán tar éis moladh na [[Dáil Éireann|Dála]]. Go hiondúil, is ceannaire páirtí polaitíoch é an Taoiseach, nó ceannaire [[comhrialtas]] a bhuann an méid is mó suíochán sna toghcháin náisiúnta.
 
Is iad an seanad, [[Seanad Éireann]], agus an teach ionadaithe, [[Dáil Éireann]], dá sheomra an [[parlaimint|pharlaimint]], an [[Oireachtas]]. Tá 60 sa Seanad; 11 molta ag an Taoiseach, 6 tofa ag na hollscoileanna náisiúnta, agus 43 tofa ó chláranna iarrthóirí atá bunaithe de réir córas gairmiúil. Sa Dáil tá 166 [[Teachta Dála|Teachtaí Dála]], nó sa Bhéarla – ''Deputies'', tofa mar ionadaithe dáilcheantair ilsuíocháine, de réir [[ionadaíocht chionmhar]] cruthaithe ag úsáid an [[Vóta Aonair Inaistrithe]]. Faoi [[Bunreacht na hÉireann|Bhunreacht na hÉireann]], 7 mbliana an tréimhse is faide atá ceadaithe idir thoghcháin parlaiminte – ach is féidir tréimhse níos giorra a chur i ndlí. Faoi láthair, is í 5 bliana an tréimhse is faide atá ceadaithe idir thoghcháin.
 
De réir na bunreachta, tá teorann de 15 duine sa Rialtas. Ní féidir le níos mó na dhá fheisire den Rialtas a bheith ón Seanad, agus is gá don Taoiseach, an [[Tánaiste]] (leas-phríomhaire) agus an tAire Airgeadais a bheith ón Dáil. Faoi láthair, tá comhrialtas dhá pháirtí sa rialtas; [[Fine Gael]] faoin Taoiseach [[Éanna Ó Coinnigh]] agus [[Páirtí an Lucht Oibre (Éire)|Páirtí an Lucht Oibre]] faoi [[Joan Burton]].
[[Íomhá:Four Courts, Dublin.jpg|clé|mion|233x233px|[[Na Ceithre Cúirteanna]]]]
 
=== Dlí ===
An córas dlí atá i bhfeidhm in Eirinn ná an [[Dlí Coiteann]]. Is éard atá sa chóras cuirte ná [[An Chúirt Uachtarach]], an [[Chúirt Achomhaire Choiriúil]], an [[Ard-Chúirt]], an [[Chúirt Chuarda]] agus an [[Chúirt Dúiche]].
 
=== Fórsaí cosanta ===
: Príomhalt: ''[[Óglaigh na hÉireann (Fórsaí Cosanta na hÉireann)|Óglaigh na hÉireann]]''
 
[[Íomhá:Oglaigh na heireann.png|mion|177x177px|Óglaigh na hÉireann]]
Tá an Phoblacht á chosaint ag [[Óglaigh na hÉireann (Fórsaí Cosanta na hÉireann)|Óglaigh na hÉireann]] (nó Fórsaí Cosanta na hÉireann) a chuimsíonn [[Arm na hÉireann]], [[an tSeirbhís Chabhlaigh]], [[an tAerchór]] agus na h[[Óglaigh Chúltaca]]. Fórsa réasúnta beag ach deatrealmhach atá ann, ós rud é gur tír neodracht í Éire.
 
== Contaetha ==
: ''Príomhalt: [[Contaetha na hÉireann]]''
[[Íomhá:Ladys View County Kerry Ireland.jpg|thumb|260px|''Radharc na mBan'' – Contae Chiarraí]]
Déantar cur síos ar 32 [[Contaetha na hÉireann|contaetha]] go tradisiúnta sa tír, agus 26 i bPoblacht na hÉireann – úsáidtear fós iad i ngnónna cultúrtha, stairiúla agus spóirt. I dtaobh rialtais áitiúla de, deineadh roinnt deighilt, le contae Átha Cliath briste suas i dtrí chontae nua sna [[1990í|nóchaidí]], agus [[contae Thiobraid Árann]] roinnte i leath leis na glúnta, rud a fhágann 29 roinn sa Phoblacht:
 
<table><tr valign=top><td>
* [[Contae Átha Cliath]]
**[[Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin|Contae Dhún Laoghaire – Ráth an Dúin]]
** [[Contae Fhine Ghall]]
** [[Contae Átha Cliath Theas]]
* [[Contae an Chabháin]]
* [[Contae Cheatharlach]]
* [[Contae Chiarraí]]
* [[Contae Chill Chainnigh]]
* [[Contae Chill Dara]]
* [[Contae Chill Mhantáin]]
* [[Contae an Chláir]]
* [[Contae Chorcaí]]
* [[Contae Dhún na nGall]]
* [[Contae na Gaillimhe]]
* [[Contae na hIarmhí]]
<td>
* [[Contae Laoise]]
* [[Contae Liatroma]]
* [[Contae Loch Garman]]
* [[Contae an Longfoirt]]
* [[Contae Lú]]
* [[Contae Luimnigh]]
* [[Contae Mhaigh Eo]]
* [[Contae na Mí]]
* [[Contae Mhuineacháin]]
* [[Contae Phort Láirge]]
* [[Contae Ros Comáin]]
* [[Contae Shligigh]]
* [[Contae Thiobraid Árann]]
** [[Contae Thiobraid Árann Thuaidh|Tiobrad Árann Thuaidh]]
** [[Contae Thiobraid Árann Theas|Tiobrad Árann Theas]]
* [[Contae Uíbh Fhailí]]
</table>
 
== Tíreolaíocht ==
[[Íomhá:Ireland from space edit.jpg|thumb|280px|Éire]]
Tá achar níos mó ná 84,421 km&sup2; ag [[oileán na hÉireann]] – le cúig séú chuid den oileán sa Phoblacht agus an chuid eile i d[[Tuaisceart Éireann]]. San iarthar, is é [[an tAigéan Atlantach]] a thugtar ar an muir. San oirthuaisceart, ritheann sí isteach i [[Sruth na Maoile]]. Amach ón oirthear luíonn [[Muir Éireann]] a cheanglaíonn arís leis an Aigéan trí [[Muir na Breataine|Mhuir na Breataine]] agus an [[Muir Cheilteach|Mhuir Cheilteach]]. Tá aillte, cnoic agus sléibhte beaga sa tír (is é an tsliabh is airde ná [[Corrán Tuathail]] atá 1,041 m ar airde). I lár na tíre tá portaigh, agus roinnt talún oiriúnach do churadóireacht, go háirithe san oirthear. Sruthann roinnt mhaith abhainn trí lár na tíre – mar shampla, an t[[Sionainn]], agus tá roinnt locha móra ann chomh maith.
 
=== Aeráid ===
{{Príomhalt|Aeráid na hÉireann}}
Athraíonn [[Sruth an Atlantaigh Thuaidh]] an aeráid measartha áitiúil, atá éadrom go leor. Is annamh a bhíonn na samhraidh ró-the, ach ní go minic a bhíonn an tír feannta ina hiomlán sa geimhridh. Bíonn [[báisteach]] ann go minic, le suas le 275 laethanta le bháisteach i roinnt ceantair den tír. Is iad na príomh chathracha ná an phríomhchathair[[Baile Átha Cliath]] ar an gcósta thoir, cathair [[Corcaigh|Chorcaí]] sa deisceart, [[Gaillimh]] agus [[Luimneach]] ar an gcósta thiar, agus [[Port Láirge]] san oir-dheisceart.
 
== Eacnamaíocht ==
{{Príomhalt|Eacnamaíocht na hÉireann}}
 
[[Íomhá:THE CENTRAL BANK OF IRELAND (NEW HEADQUARTER BUILDING ON NORTH WALL QUAY)- ALONG BOTANIC AVENUE (JANUARY 2018)-135334 (25763494838).jpg|mion|[[Banc Ceannais na hÉireann]]]]
Is tír ag cleachtadh 'comórtais cánaigh' í Éire; tá ceann de na hualaí cánaí is ísle san AE aici. Tá a pá íosta i measc na gceann is airde san Aontas Eorpach, é ag €8.65 in aghaidh na huaire. Baineann Éire leas mór as infheistíocht eachtrach, go h-áirithe óna [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]], agus tá mórán gnólachtaí ríomhaireachta idirnáisiúntaí a dhéanann cuid dá ngníomhaíochtaí inti. Tá an tionscal airgeadais (go háirithe cistí frithpháirteacha) an-fhorbaithe; tá sé ó roinnt blianta ar cheann de na inneall gluaiste is mó fáis na hÉireann, agus meastar gur é 60,000 líon na bpost a chruthaíonn sé in Éirinn go díreach agus go hindíreach.
[[Íomhá:IFSC Dublin.JPG|clé|mion|220x220px|IFSC]]
Faightear na poist seo den chuid is mó i gcomharsanacht na ghnó Bhaile Átha Cliath, an LSAI (Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta). I gcomparáid le méid mhór an tionscail i dtéarmaí a luach airgeadais, ní fhostaíonn an tionscal airgeadais ach beag duine: sa bhliain 2002, níor fhostaigh sí ach 29% den daonra gníomhach, ach chuir sé 46% ar an [[Olltáirgeacht intíre|OTI]] náisiúnta. Dá réir sin, tá postanna sa tionscal airgeadais níos fearr íoctha tríd is tríd ná an meán; ar thaobh eile, tá tionscail mar an [[talmhaíocht]] agus an próiseáil bia nach bhfuil luach airgeadais chomh mór acu, ach a fhostaíonn níos mó daoine i bpostanna atá níos measa íoctha i gcomparáid.<ref>{{Cite news|teideal=Ireland’s food industries would be worst hit by a hard Brexit|url=https://www.economist.com/finance-and-economics/2017/04/06/irelands-food-industries-would-be-worst-hit-by-a-hard-brexit|work=The Economist|dáta=2017-04-06|dátarochtana=2019-01-27}}</ref>
 
I Mí na Samhna 2018, bhí ráta dífhostaithe na hÉireann ar 5.3%, an 14ú fhigiúr is fearr as 28 tír an [[An tAontas Eorpach|Aontais Eorpaigh]].<ref>{{Lua idirlín|url=https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Unemployment_statistics|teideal=Unemployment statistics - Statistics Explained|work=ec.europa.eu|dátarochtana=2019-01-26}}</ref> Dar le ''hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime'' na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]], is an 11ú tír is forbartha ar domhan í Éire, as 151 ceann a thomhaiseadh, agus mar sin an séú tír is forbartha san Aontas Eorpach.<ref>{{Lua idirlín|url=http://hdr.undp.org/en/composite/IHDI|teideal={{!}} Human Development Reports|work=hdr.undp.org|dátarochtana=2019-01-27}}</ref> I ''dTuarascáil Sonais Domhanda'' 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í Éire an 14ú tír is sona, as 156 thír.
 
=== Iompar ===
[[Íomhá:Aer Lingus De Havilland DH-84 Dragon 2 EI-ABI OTT 2013 03.jpg|mion|[[Aer Lingus]] De Havilland DH-84 Dragon, 1936]]
Tá trí aerfort idirnáisiúnta ag frreastal ar an tír: [[Aerfort Bhaile Átha Cliath]], [[Aerfort na Sionainne]] agus [[Aerfort Chorcaí]]. Is í [[Aer Lingus]] aerlíne náisiunta na tíre, cé go bhfuil an aerlíne ísealchostais [[Ryanair]] ar an ceann is mó.
 
Tá seirbhísí iarnróid na tíre á chur ar fáil ag [[Iarnród Éireann]] agus is i mBaile Átha Cliath atá na príomh-stáisiúin [[Stáisiún Heuston]] agus [[Stáisiún Uí Chonghaile]] lonnaithe.
 
== Daoine ==
Tá 4.6 mhilliún duine i bPoblacht na hÉireann.
 
== Pobal ==
Is de bhunadh [[na Ceiltigh|Cheilteach]] an chuid is mó de mhuintir na hÉireann, ach tá mionlach de bhunadh Sasanach.
 
=== Teangacha ===
: ''Príomhalt: [[Teangacha na hÉireann]]''
Is iad an [[Gaeilge]], an teanga Cheilteach dúchasach, agus [[Béarla]], a bhfuil stádas tánaisteach aige, teangacha oifigiúla na tíre. Tá éigeantas Gaeilge a fhoghlaim sa chóras oideachais, ach labhraítear Béarla den chuid is mó. Tá comharthaí poiblí dátheangacha go forleathan, agus tá Gaeilge sna meáin chumarsáide anois chomh maith. Níl ach roinnt pobal beag, [[Gaeltacht|Gaeltachtaí]], an chuid is mó acu ar chósta iartharach na tíre, ina labhraítear Gaeilge go forleathan.
 
[[File:Percentage stating they speak Irish daily outside the education system in the 2011 census.png|thumb|250px|An céadtadán a labhair Gaeilge go laethúil taobh amuigh don córas oideachas de réir an daonáireamh 2011.]]
 
Sa daonáireamh 2011 dúirt 1,774,437 (41.4%) do daonra Poblacht na hÉireann go raibh siad ábalta [[Gaeilge]] a labhairt. Dúirt 77,185 (1.8%) go labhair siad [[Gaeilge]] go laethúil taobh amuigh don córas oideachas. Dúirt 110,642 (2.4%) go labhair siad [[Gaeilge]] ar a laghaid uair amháin sa seachtain taobh amuigh don córas oideachas. San iomlán déanann cainteoirí [[Gaeilge]] laethúil agus seachtanúil suas 4.2% (187,827) do Daonra Poblacht na hÉireann.
 
Labhair 495,679 daoine teanga eile sa bhaile seachas [[Gaeilge]] nó [[Béarla]]. Bhí [[Polainnis]] an teanga iasachta is comónta le 113,488 (2.5% do daonra Poblacht na hÉireann). Bhí [[Fraincís]] an dara teanga iasachta is comónta le 55,512 (1.2%) cainteoirí. Bhí [[Liotuáinis]] an tríú teanga iasachta is comónta le 30,389 (0.7%) cainteoirí.
 
=== Creideamh ===
: ''Príomhalt: [[Creideamh in Éirinn]]''
Go hoifigiúil, is [[Caitliceachas|Caitlicigh]] 92% den daonra. Ach tá laghdú mór tagtha ar thacaíocht don chreideamh i measc Chaitlicigh na hÉireann. Idir [[1996]] agus [[2001]], laghdaigh gnáth-fhreastal, a bhí ag laghdú cheana, ó 60% go 48% (bhí sé níos mó ná 90% i [[1973]]), agus ní raibh ach dhá chliarscoil nach raibh dúnta, nó chun dúnadh i gceann tamaill bhig. Gortaíodh an eaglais go dona chomh maith sna nóchaidí, le sraith scannal gnéasach, agus le cúiseanna d'forcheilt i gcoinne an cliarlathais. I [[1995]], tar éis cosc a lean 58 bliana, shocraigh vótálaithe colscaradh a dhéanamh dleathach arís.
 
Is í [[Eaglais na hÉireann]], a bhí ag dul i laghad ar feadh an chuid is mó don fichiú aois, an dara creideamh is mó sa tír. Tá an Eaglais sin ag méadú arís anois, de réir daonra 2002, chomh maith le sainchreidimh [[Críostaíocht|Chríostaíocha]] eile agus [[Ioslam]]. Tá an pobal beag [[Giúdachas|Giúdach]] in Éirinn ag dul i laghad fós.
[[Íomhá:State Exams Commission.png|mion]]
 
=== Oideachas ===
Roinntear oideachas in Éirinn ina thrí chéim – bunscoil, meánscoil agus ardoideachas. Tá freastal scoile éigeantach i bhfeidhm do ghasúir idir sé bliana agus cúig bliana déag d'aois. Caithfidh an [[Teastas Sóisearach]] a dhéanamh uair amháin ar a laghad roimh ocht mbliana d'aois.
[[Íomhá:Irish national anthem.jpg|mion]]
 
== Cultúr ==
 
: ''Príomhalt: [[Cultúr na hÉireann]]''
Níl cultúr amháin ag muintir oileáin na hÉireann. Is iomaí difríocht atá ann, mar shampla idir muintir na cathracha agus muintir na tuaithe, nó idir na Caitlicigh agus na Prostatúnaigh sa Tuaisceart.
 
=== Litríocht ===
: ''Príomhailt: [[Litríocht na hÉireann]], [[Litríocht na Gaeilge]]''
I n[[Gaeilge]] agus i [[Laidin]] atá '''litríocht luath na hÉireann'''. Cé gurb í [[litríocht]] Bhéarla na hÉireann an ceann is mó clú anois, is mó go mór an tábhacht atá le litríocht na Gaeilge sa tréimhse is luaithe, agus í ar na litríochtaí iarchlasaiceacha is sine san [[Eoraip]].
 
=== Spórt ===
{{Príomhalt|Cúrsaí spóirt in Éirinn}}
 
[[Íomhá:Lógó an CLG.svg|mion|Lógó an CLG]]
Cluichí traidisiúnta iad an [[pheil Ghaelach]] agus an [[iomáint]], agus iad ar na spóirt lucht féachana is mó ráchairt sa tír. Imrítear na cluichí ar bhonn uile-Éireann faoi stiúir [[Chumann Lúthchleas Gael]]. Na [[cluichí Gaelacha]] eile a imrítear ná [[liathróid láimhe]] agus [[cluiche corr]].
[[Íomhá:Camogie.jpg|clé|mion|Cluiche [[camógaíocht]]<nowiki/>a]]
Tagann [[sacar]] go gairid sna sálaí ar na cluichí dúchasacha. Is í Sraith na hÉireann an comórtas sacair náisiúnta, ach cuireann muintir na tíre suim níos mó trasna na dtonnta sa [[Príomhroinn Shasana|Phríomhroinn Shasana]]. Imríonn [[foireann sacair Phoblacht na hÉireann]] ar bhonn idirnáisiúnta, faoi stiúir [[Cumann Peile na hÉireann|Chumann Peile na hÉireann]].
 
== Naisc sheachtracha ==
 
* [http://www.irlgov.ie/Default.asp?UserLang=1 Eolas ar an stát ó Rialtas na hÉireann]
* [http://foreignaffairs.gov.ie/information/publications/facts/fai/default.asp An Roinn Gnóthaí Eachtracha: sonraí faoi Éireann]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
{{AE}}
 
{{DEFAULTSORT:Eireann, Poblacht na}}
[[Catagóir:Poblacht na hÉireann]]
[[Catagóir:Ballstáit na Náisiún Aontaithe]]