An difríocht idir athruithe ar: "An Ostair-Ungáir"

clib: Mobile edit Mobile web edit
 
Chuaigh an Démhonarcacht go domhain i bhfeidhm ar a muintir, agus nuair a bhí a ré thart, is iomaí scríbhneoir a chuaigh i mbun pinn le cultúr sainiúil measctha na Démhonarcachta a chur os cionn an tsaoil mhóir. Bhí an-pháirt ag an Démhonarcacht sna leabhair seo leanas:
 
* ''Der Mann ohne Eigenschaften'' ("An Fear gan Saintréithe") le [[Robert Musil]]. Úrscéal mór millteanach é a bhfuil míle leathanach sa chuid de a chríochnaigh an scríbhneoir agus míle leathanach eile sna lámhscríbhinní a dh'fhág sé ina dhiaidh. Is minic a sciorrann an t-úrscéal óna ábhar le cur síos a thabhairt ar mheon agus ar shaol na hOstaire-Ungáire. Tá na himeachtaí suite sa bhliain 1913, agus is intleachtóir agus cineál slúiste é an laoch, Ulrich. I dtús an úrscéil cinneann sé ar bhliain amháin a chaitheamchaitheamh "ar saoire ón saol" ag ligean a scíthe, ó nach bhfuil éirithe leis gairmréim ar leith a chur ar bun.
 
* ''Radetzkymarsch'' le [[Joseph Roth]]. Tagairt é an teideal d'fhonn clúiteach mairseála le (sean-) Johann Strauss. Fonn é a aithneoidh cách, nuair a chloisfidh sé an tús, agus is é an fonn sin siombail na Démhonarcachta. Is é is ábhar don úrscéal ná scéal mhuintir Trotta. Teaghlach iad muintir Trotta a bhfuil a saol fite fuaite le saol an rítheaghlaigh Impiriúil: nuair a shábháil an fear ba sine acu an tImpire óg i gcath Solferino sa bhliain 1859, bronnadh céim uaisleachta ar an teaghlach go léir, agus rinneadh muintir "Trotta von Sipolje" díobh, ós as Sipolje, sráidbhaile beag sa tSlóivéin, don teaghlach.
2,834

edits