An difríocht idir athruithe ar: "Isaac Asimov"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 42:
Daonnachaí agus réasúnaí ab ea Isaac Asimov. Ní raibh sé ag cur in aghaidh fíor-áitiús reiligiúnda, ach d'ionsaíodh sé go fíochmhar gach sórt pisreog. Nuair a bhí sé óg, d'urramaíodh a thuismitheoirí traidisiún reiligiúnda an Ghiúdachais Cheartchreidmhigh, ach ní dhearna siad riamh aon iarracht Isaac a thógáil leis an traidisiún seo in aghaidh a thola. Mar sin, nuair a tháinig sé i mbun a mhéide, is é an tátal a bhain sé as an mBíobla gurbh í díolaim na miotas Giúdach a bhí ann, cosúil leis an Iliad, ina raibh na miotais Ghréagacha curtha ar taifead. (Ar feadh tamaill bhig, bhí a athair, Judah Asimov, ag obair sa tsionagóg áitiúil le sult a bhaint as an timpeallacht agus le tuiscint a fháil ar an scrioptúr naofa. Is beag a chuaigh an taithí seo i bhfeidhm ar Isaac óg, ach amháin gurbh ansin a d'fhoghlaim sé aibítir na h[[Eabhrais]]e.) Thar na blianta, deireadh Asimov go raibh sé ina [[aindiachaí]], ach ní raibh sé sásta leis an téarma seo, ó bhí sé inbharúla go raibh sé ag cur an iomarca béime ar an rud nár chreid sé ann, gan a dhath a rá i leith na rudaí ar chreid sé iontu. Níos deireanaí, fuair sé gurbh fhearr leis "daonnachaí" a thabhairt air féin.
 
Sa leabhar deireanach dírbheathaisnéise a tháinig óna pheann, scríobh sé: "Mura mbeinn i m'aindiachaí, chreidfinn i nDia a shábhálfadh na daoine de réir iomlán a saoil, seachas an cineál cainte a chleachtann siad. Sílim gurbh fhearr Leis an t-aindiachaí macánta cneasta ná an seanmóirí teilifíse nach bhfuil ina bhéal ach Dia, Dia, Dia, agus nach bhfuil idir lámhaibh aige ach peaca, peaca, peaca." Sa leabhar céanna, tagraíonn sé d'Ifreann mar "aisling shaobh an t[[Sádachas|Sádaí]]" agus é greamaithe ar dhóigh amscaí de Dhia atá lán trócaire. Má bhí rialtais na stát daonna féin in ann srianta a chur le pionóis chruálacha nó neamhghnácha, ar seisean, cén fáth nach gcuirfí teorainn ama leis an bpionós sa saol eile? Dhiúltaigh Asimov don smaoineamh go dtarraingeodh aon chreideamh nó gníomh daonna pionós síoraí ar an duine. Má bhí an saol eile ann agus gach duine ag fáil an rud a bhí tuillte aige thall ansin, ar seisean, nach raibh an pionós ba mheasa, ba déine agus ab fhaide ag dul dóibh siúd a bhí i ndiaidh "Ifreann a cheapadh le Dia a chlúmhilleadh"? Mar is léir óna leabhair ''Treasury of Humor'' agus ''Asimov Laughs Again'', bhí sé thar a bheith ábalta scéilíní magaidh a insint faoi Dhia an Ghiúdachais is na Críostaíochta, faoin Diabhal, faoi Pharthas agus faoi ábhar reiligiúndareiligiúnach eile, nó bhí sé den bharúil gur minic gur mhó a spreag scéilín maith magaidh ní ba mhó smaointí ná comhrá faidréiseach fadaraíonach fealsúnachta.
 
Bhí dearcadh forásach ag Asimov ar an gcuid ba mhó de cheisteanna polaitiúla a linne, agus é ag tacú go daingean leis an bPáirtí Daonlathach. Bhí sé ag cur in aghaidh [[Cogadh Vítneam|Chogadh Vítneam]] sna seascaidí, agus lá i dtús na seachtóidí, nuair a bhí sé faoi agallamh ar an teilifís, thacaigh sé le George McGovern go poiblí. Bhí sé míshásta le fás na míréasúntachta agus na pisreogachta i measc na bhforásach Meiriceánach ó dheireadh na seascaidí ar aghaidh. Sa leabhar dírbheathaisnéise ''In Joy Still Felt'', chuimhnigh sé ar an teagmháil a bhí aige le hAbbie Hoffman, fear mór an fhrithchultúir. B'é an tátal a bhain Asimov as Hoffman agus a leithéidí go raibh siad ag leanúint tonn mhór na mothúchán is na maoithneachta a d'fhág i "bhfásach spioradálta" iad, agus ní raibh sé cinnte, an bhfillfidís as an bhfásach sin choíche. An dóigh a raibh sé ag cosaint na stáisiún adamhach leictreachais fiú i ndiaidh na n-imeachtaí i Three Mile Island, Harrisburg, rinne sé dochar dá chaidreamh le cuid de na Liobrálaigh eile sna Stáit Aontaithe. I litir a cuireadh in athchló sa leabhar úd ''Yours, Isaac Asimov'', dúirt sé, siúd is gurbh fhearr leis "a shaol a chaitheamh gan dul in aon seans" ná a bheith ina chónaí in aice le himoibritheoir núicléach, go mbeadh sé ní b'fhonnmhaire é a chaitheamh in aice le himoibritheoir núicléach ná in aice le sluma, le Love Canal nó "le gléasra de chuid Union Carbide a bheadh ag táirgiú isicianáit mheitile" (tagairt ab ea é seo don olltubaiste i m[[Bhopal]] san India, a bhí díreach i mbéal an phobail). Is iomaí achainí a d'eisigh sé, leis, ag éileamh go gcuirfí srianta le ródhaonrú an domhain, agus é go mór mór faoi thionchar daoine ar nós [[Thomas Malthus]] agus [[Paul R. Ehrlich]] i leith na ceiste seo.