An difríocht idir athruithe ar: "Cinedhíothú na Ruandach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Photographs_of_Genocide_Victims_-_Genocide_Memorial_Center_-_Kigali_-_Rwanda.jpg|deas|250px|thumb|Grianghraf na íospartaigh]]
Ollsléacht mór [[Cinedhíothú|cinedhíothach]] na Tutsi a rinne an mhórchuid rialtas na Hutu ab ea '''Cinedhíothú na Ruandach'''. Bhí timpeall 500,000–1,000,000 Ruandaigh maraithe i rith 7 Aibreán go Iúil 1994.
 
== Imeachtaí ==
Bhí coimhlint ar siúl i Ruanda ó 1990. Fuair baill an RPF (Rwandan Patriotic Front) a gcuid traenála in [[Uganda]], ar comhghuaillí tábhachtach de chuid na [[An Ríocht Aontaithe|Breataine]] agus na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stát Aontaithe]] é, sula ndearna siad ionradh ar Ruanda sa bhliain 1990 – eachtra nár cháin an comhphobal idirnáisiúnta riamh<ref>{{Lua idirlín|url=http://www.beo.ie/alt-cinedhiothu-i-ruanda.aspx|teideal=Cinedhíothú i Ruanda|language=ga|work=Beo!|dátarochtana=2019-04-07}}</ref>.
 
Cuireadh tús leis an marú ar mhórscála i mí Aibreáin na bliana 1994 tar éis “aerthionóisc” inar maraíodh uachtaráin Ruanda agus na Burúine ar a mbealach abhaile ó chainteanna síochána.
[[Íomhá:Juvénal Habyarimana (1980).jpg|clé|mion|218x218px|Juvénal Habyarimana, 1980]]
Maraíodh [[Uachtarán]] Ruanda, Juvénal Habyarimana agus cuid den [[rialtas]] nuair a bhuail [[Diúracán treoraithe|diúracán dromchla go haer]] an t-[[eitleán]] ina rabhadar ag taisteal ar [[6 Aibreán]] [[1994]].
 
Lean an ghéarchéim ar aghaidh ar feadh míonna agus maraíodh 500,000–1,000,000 sa tréimhse seo.<ref>{{Cite news|teideal=Rwanda: How the genocide happened|url=https://www.bbc.com/news/world-africa-13431486|dáta=2011-05-17|dátarochtana=2019-04-07|language=en-GB}}</ref>
 
Cuireadh an milleán ar antoiscigh na Bahutu as an eitleán a leagan le lámhach. Ach dar le himscrúdaitheoir ó na Náisiúin Aontaithe, Michael Hourigan, bhí an RPF freagrach as a bhfeallmharú.
[[Íomhá:Paul Kagame 2014.jpg|mion|220x220px|Paul Kagame, 2014]]
Níor tháinig deireadh leis an cogaíocht sa bhliain 1994 ach an oiread. Rinne rialta Ruanda ionradh – i gcomhpháirt le harm Uganda – ar [[Poblacht Dhaonlathach an Chongó|Phoblacht Dhaonlathach an Chongó]] (nó [[An tSáir|an tSáír]] mar a tugadh ar an tír) sa bhliain 1996 agus arís sa bhliain 1998. Dar leis an rialtas ag an am, bhí sé ar lorg daoine de chuid phobalna Bahutu a bhí freagrach as an g[[Cinedhíothú|cineddhíothú]], nó ''génocidaires,'' mar a tugadh orthu. Ach bhí cúis leithliseach eacnamaíoch leis na hionraí ar an gCongó chomh maith, is cosúil.
[[Íomhá:Rwandan Genocide Murambi skulls.jpg|clé|mion|[[Scoil]] i Murambi]]
 
== Anailís ==
Breathnaítear ar an tragóid mar eachtra a léiríonn go mbíonn an [[An Afraic|Afraic]], go minic, faoi chrann smola an fhoréigin eitnigh.
[[Íomhá:Rwanda-demography.png|clé|mion|fás an [[daonra]]]]
Dar le daoine áirithe, bhí na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] neodrach sa choimhlint idir pobal na Bahutu agus pobal na Batutsi. Meastar go forleathan gur chuma leis na Stáit Aontaithe faoi Ruanda marnach bhfuil mórán acmhainní nádúrtha ann. Deirtear go minic go raibh drogall ar na Meiriceánaigh dul isteach i dtír Afracach eilemar gheall ar Chath [[Mogadishu]], eachtra “threampánach”, inar maraíodh ocht saighdiúir déag, a tharla sa [[An tSomáil|tSomáil]] sa bhliain roimhe sin<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.militaryhistoryonline.com/general/articles/mogadishu.aspx|teideal=Military History Online|work=www.militaryhistoryonline.com|dátarochtana=2019-04-07}}</ref>.
 
Ach b'fhéidir go bhfuil an scéal seo róshimplí agus bréagach. Maíonn Boutros-Ghali (a bhí ina Ard-Rúnaí ar na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiúin Aontaithe]] ag an am)<ref>Dar le Boutros Boutros-Ghali. Ina leabhar dar teideal ''Unvanquished: A U.S - U.N. Saga,'' “The genocide in Rwanda was 100 percent the responsibility of the Americans!''”''</ref> gur éirigh le [[rialtas]] [[Bill Clinton|Clinton]] – le cúnamh suntasach ón [[An Ríocht Aontaithe|mBreatain]] – cosc a chur ar na Náisiúin Aontaithe maidir le fórsa éifeachtach síocháiníochta a chur chun na tíre.
[[Íomhá:The Light Will Eventually Overcome the Darkness of Genocide - Sign with Commemorative Bouquets at Genocide Memorial at National University of Rwanda - Huye (Butare) - Southern Rwanda - 01 (7705560806).jpg|mion|National University of Rwanda]]
Ceannaire an RPF ba ea [[Paul Kagame]],<ref>Chuaigh oifigigh de chuid an RPF go Meiriceá le go gcuirfí traenáil speisialta orthu chomh maith agus is céimí de chuid an choláiste mhíleata in Fort Leavenworth, Kansas é Paul Kagame.</ref> a tháinig i réim i Ruanda sa bhliain 1994 agus a bhí i gcumhacht go fóill sna 2010idí.
 
== Comóradh ==
Reáchtáiltear an ''Lá Idirnáisiúnta Machnaimh ar an gCinedhíothú i Ruanda'' ag na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]] ar 7 Aibreán gach bliain.
 
== Tagairtí ==