An difríocht idir athruithe ar: "Fomhóraigh"

Content deleted Content added
Líne 28:
 
===Neimheadh===
Deirtear go raibh Éire neamháitithe le tríocha bliain tar éis bás Pharthaláin, ach nuair a tháinig ansin [[Neimheadh]] agus a mhuintir, bhuail siad leis na Fomhóraigh. Insíonn Céitinn níos eile ansin, gur fhir fharraige iad na Fomhóraigh as an Meánoirthear, sliocht de [[Chaim (mac Noah)|Caim]] mac [[Naoi (fáidh)|Naoi]]. Chloígh Neimheadh iad i roinnt cathanna, agus mharaigh sé a ríthe ''[[Sengann]]'' agus ''[[Gann]]''.<ref>Bhí ann chomh maith ríthe na bhFear Boilg dárbh ainm ''[[Sengann mac Dela|Sengann]]'' agus ''[[Gann mac Dela|Gann]]''.</ref> D'éirigh ceannairí nua na bhFomhórach aníos ina n-ionad: ''[[Conand]]'' mac ''Faebar'', a mhair i dTúr ''Conand'' ar [[Toraigh|Oileán Toraí]], [[Dún na nGall]]; agus ''[[Morc]]'' mac ''Dela'' (dúradh gur mhac ''Dela'' iad muintir an chéad ghlúin de na [[Fir BhoilgBholg]]).
 
Tar éis bás Neimhidh, chuir ''Conand'' agus ''Morc'' a mhuintir faoi smacht agus d'éiligh cáin dhian: dhá thrian dá pháistí, a gcuid gráin agus a gcuid bólachta. Chruinnigh mac Neimhidh ''[[Fergus Lethderg]]'' arm de seasca míle fear, d'éirigh in éadan na bhFomhórach agus scrios túr ''Conand''. D'ionsaigh Morc le cabhlach ollmhór, agus bhí ár mór ar gach taobh acu. Tháinig tonn tuile ansin agus bádh na hiarsmaí, a bheag nó a mhór. Níor éalaigh ach tríocha de mhuintir Neimhidh in aon long amháin, scaipthe anseo is ansiúd ar fud an domhain.