An difríocht idir athruithe ar: "Fomhóraigh"

Content deleted Content added
Líne 36:
 
===Tuatha Dé Danann===
Ba iad na Tuatha Dé Danann an chéad chine eile a rinne ionradh ar an tír. Chloígh siad na Fir BhoilgBholg sa chéad [[Cath Maighe Tuireadh|Cath Maighe Tuireadh]] agus d'éirigh ina gceannas ar Éirinn. Toisc go raibh lámh caillte ag a gceannaire ''[[Nuada]]'' sa chath, ní raibh sé fóirsteanach a thuilleadh mar rí, dá bharr ba é i ndáiríre an leath-Fhomhórach [[Breas]] an chéad rí na dTuath Dé in Éirinn. Mac ''[[Ériu]]'' na dTuatha Dé agus ''[[Elatha]]'' na bhFomhórach an ea é; tháinig Elatha chuici ar mhuir oíche amháin ar long airgid. Deirtear gurbh an-álainn iad ''Elatha'' agus Breas araon, ach sa deireadh ba dhroch-rí é Breas, a chur na Tuatha Dé faoi smacht agus iallach orthu cáin a íoc do na Fomhóraigh. Chaill sé a seasamh tar éis aoradh a rinneadh<!--?--> air as an neamhshuim a thug sé dá dhualgas ríoga na córa. Tháinig ''Nuada' i réim agus lámh nua airgid déanta dó (''Nuada'' Airgeadlámh), ach leanadh leatrom na bhFomhórach ar na Tuatha Dé.
 
Theith Breas chuig a athair, ''Elatha'', agus d'iarr sé cuidiú air chun é a chur ar ais í gcoróin. Dhiúltaigh Elatha, óir nára chóir dó bhaint amach ar ais nárbh fhéidir leis coinneáil ar éigean. Chuaigh Breas in áit sin i muinín [[Balar|Bhalair]], taoiseach Fomhórach níos cogúla a bhí ina chónaí ar Oileán Toraí, agus chruinnigh arm.