An difríocht idir athruithe ar: "Cromail in Éirinn 1649-1650"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 41:
[[Íomhá:cromwellcoin.jpg|thumb|Leathchoróin a cumadh le linn Chromail, 1658. Deir an inscríbhinn Laidine: OLIVAR.D.G.RP.ANG. - SCO.ET.HIB&cPRO (OLIVARIUS DEI GRATIA REIPUBLICAE ANGLIAE SCOTIAE ET HIBERNIAE ET CETERORUM PROTECTOR) - "Oilibhéar, Cosantóir Chomhlathas Shasana, na hAlban agus na hÉireann trí Dheonú Dé".]]
Nuair a tháinig Cromail chun na hÉireann d’ordaigh sé nach mbainfí lón de bhunadh na haiteháite mura n-íocfaí go cothrom as. Níor admhaigh sé riamh go raibh sé freagrach as marú sibhialtach in Éirinn, agus dúirt nach raibh sé dian ar aon dream seachas ar dhaoine a raibh airm ar iompar acu.<ref>Philip McKeiver, 2007, "A New History of Cromwell's Irish Campaign"</ref> Ba é an nós míleata a bhí i bhfeidhm ag an am nach dtabharfaí trócaire d’aon bhaile mór ná d’aon gharastún nach ngéillfeadh agus deis acu chuige.<ref>Woolrych, Austin (1990). "Cromwell as a soldier" as Morrill, John (eag.), ''Oliver Cromwell and the English Revolution'', Longman, lch 111; Gaunt, lch 117.</ref> Dhiúltaigh garastún Sasanach Dhroichead Átha géilleadh ar dtús.
 
Nuair a tháinig Cromail chun réitigh le bailte móra in Éirinn, leithéidí Cheatharlach agus Chluain Meala, chloígh sé leis na coinníollacha agus chosain sé beatha agus earraí na ndaoine.<ref>Gaunt, lch 116.</ref> Deir Tom Reilly, scoláire agus údar, gur sa [[19ú haois]] a cumadh an scéal faoi shléacht na sibhialtach i nDroichead Átha agus i bPort Láirge, ach tá scoláirí eile ann nach bhfuil ar aon intinn leis.<ref>John Morrill. "Rewriting Cromwell: A Case of Deafening Silences." ''Canadian Journal of History.'' December 2003: 19.</ref>