'''An tSeic''' ([[Seicis]]: ''Česko'') ['(''Poblacht na Seice'''), tá an tír suite i lár na [[An Eoraip|hEorpa]] agus ina ballstát den [[Aontas Eorpach]]. Tá teorainn aici leis an [[An Pholainn|bPolainn]] san oirthuaisceart, leis an [[An Ghearmáin|nGearmáin]] san iarthar, leis an [[An Ostair|Ostair]] sa deisceart agus leis an [[An tSlóvaic|tSlóvaic]] san oirthear. Is í [[Prág]] ([[Seicis]]: ''Praha'') príomhchathair na tíre. Tiomsaíonn an tír dhá réigiún stairiúla, mar atá an [[An Bhoihéim|Bhoihéim]] ([[Seicis]]: ''Čechy'') agus an [[An Mhoráiv|Mhoráiv]] ([[Seicis]]: ''Morava''). Tá cuid den [[An tSiléis|tSiléis]] ([[Seicis]]: ''Slezsko'') i bPoblacht na Seice chomh maith.