27,672
edits
(→Miotaseolaíocht na nGael: Typo) clib: Mobile edit Mobile web edit |
|||
==Miotaseolaíocht na nGael==
De réir [[Leabhar Gabhála na hÉireann]], ba iníon rí na Spáinne í Tailte, agus bean chéile [[Eochaid mac Eirc|Eochaí mac Eirc]], [[Ard-Rí na hÉireann]] deireanach de shliocht na [[Fir Bolg|bhFéar Bolg]], a thug a hainm dá phríomhchathair, [[Tailtin]]. Tháinig sí slán tar éis gabháil na [[Tuatha Dé Danann|dTuath Dé Danann]] agus rinneadh ina máthair altrama [[Lugh]] di.<ref name="MacKillop">MacKillop, James (1998) ''A Dictionary of Celtic Mythology''. Oxford, Oxford University Press. {{ISBN|0-19-280120-1}} ll. 309-10, 395-6, 76, 20</ref>
Deirtear go bhfuair Tailte bás le teann corthachta, tar éis di machairí na hÉireann a ghlanadh le haghaidh talmhaíochta. Bhunaigh Lugh féile fhómhair cluichíochtacluichí adhlactha ina honóir, Aonach Tailteann, a ceiliúradh chomh déanach is an 18ú haois.<ref name="MacKillop" />
|