An difríocht idir athruithe ar: "Lavr Kornilov"

Content deleted Content added
mNo edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Kornilov Lavr 1917.jpeg|thumb|Lavr Kornilov]]
Ginearál [[An Rúis|Rúiseach]] ab ea '''Lavr Georgiyevich Kornilov''' ([[Rúisis]]: ''Лавр Георгиевич Корнилов'', Lavr Georgievič Kornilov) ([[18 Lúnasa]], [[1870]] - [[13 Aibreán]] [[1918]]) a throid sa [[Chéad Chogadh Domhanda]] agus i g[[Cogadh Cathartha na Rúise]]. Coinníonn na staraithe cuimhne air, toisc go ndearna sé iarracht i rith Mhí Lúnasa agus Mhí Mheán Fómhair 1917 [[rialtas]] na [[An Rúis|Rúise]] a chosaint ar na [[Boilséivigh,]]. achAch b'é ba toradh dá iarracht ná gur scaoil [[Aleksandr Kerensky]] (a bhí i gceannas ar [[Sóivéid (comhdháil)|Shóivéid]] Petrograd) saor leo siúd.
 
== Roimh an Réabhlóid ==
[[File:Кадетъ.jpg|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:%D0%9A%D0%B0%D0%B4%D0%B5%D1%82%D1%8A.jpg|clé|mion|184x184px|Kornilov mar dhéagóir]]
[[Cosacaigh|Cosacach]] ab ea Kornilov a saolaíodh sa [[An Chasacstáin|Chasacstáin]] (nó sa [[An Turcastáin|Turcastáin]] Rúiseach, mar a thugtaí ar an gceantar san am sin). Cosacach agus fear míleata ab ea athair Kornilov, agus ba bhean áitiúil í a mháthair.
 
Cosacach ab ea Kornilov a saolaíodh sa [[An Chasacstáin|Chasacstáin]] (nó sa Turcastáin Rúiseach, mar a thugtaí ar an gceantar san am sin). Cosacach agus fear míleata ab ea athair Kornilov, agus ba bhean áitiúil í a mháthair. Chaith Kornilov na blianta fada ina oifigeach proifisiúnta in Arm [[Impireacht na Rúise|Impiriúil na Rúise]]. Sna blianta 1890-1904, bhí sé i gceannas ar mhisean taiscéalaíochta in Oirthear na Turcastáine, san Afganastáin agus sa Pheirs. D'fhoghlaim sé sraith [[Teanga (cumarsáid)|teangacha]] Lár-Áiseacha, agus bhreac sé síos tuairiscí mionchruinne faoina raibh feicthe aige. Le linn [[Cogadh na Rúise agus na Seapáine|Chogadh na Rúise agus na Seapáine]], 1904-1905, bronnadh Cros Naomh Seoirse air, chomh maith le céimíocht an choirnéil.
[[Íomhá:Kornilov1916.jpeg|mion|260x260px|1916]]
Sna blianta 1907-11, bhí Kornilov ina ''attaché'' míleata sa t[[An tSín|Sín]]. Nuair a thosaigh an [[Chéad Chogadh Domhanda]], bhí sé ina Mhaor-Ghinearál, agus rannán cos-slua faoina cheannas. I Mí Aibreáin 1915, nuair a bhí troid fhíochmhar á cur ar an gcathéadan, chaill sé an teagmháil a bhí aige leis na trúpaí Rúiseacha eile, agus rug na hOstaraigh air. Nuair a bhí sé ina chime cogaidh, tháinig an Marascal Machaire Franz Conrad von Hötzendorf ar cuairt chuige go pearsanta, ó chuala sé go raibh cime chomh tábhachtach sin aige. I Mí Iúil 1916, áfach, d'éirigh le Kornilov éalú agus filleadh go dtí an Rúis.
 
Sna blianta 1907-11, bhí Kornilov ina ''attaché'' míleata sa tSín. Nuair a thosaigh an [[Chéad Chogadh Domhanda]], bhí sé ina Mhaor-Ghinearál, agus rannán cos-slua faoina cheannas. I Mí Aibreáin 1915, nuair a bhí troid fhíochmhar á cur ar an gcathéadan, chaill sé an teagmháil a bhí aige leis na trúpaí Rúiseacha eile, agus rug na hOstaraigh air. Nuair a bhí sé ina chime cogaidh, tháinig an Marascal Machaire Franz Conrad von Hötzendorf ar cuairt chuige go pearsanta, ó chuala sé go raibh cime chomh tábhachtach sin aige. I Mí Iúil 1916, áfach, d'éirigh le Kornilov éalú agus filleadh go dtí an Rúis. Bhí dearcadh criticiúil ag Kornilov ar an [[monarcacht]] Rúiseach,. agus nuairNuair a bhí an chumhacht bainte den [[Nioclás II|tSár Nioclás a Dó]], cuireadh i gceannas Cheantar Míleata Chathair Pheadair é, i Márta 1917. I Mí an Mheithimh 1917, rinne [[Arm na Rúise]] iarracht ionsaí a theip orthu, ach b'é Kornilov an t-aon ghinearál amháin ar éirigh an t-ionsaí leis. Mar sin, cuireadh i gceannas ar an arm go léir é.
[[Íomhá:Kornilov 1917.jpg|mion|252x252px|1 Iúil 1917]]
 
== An ''Coup d'État'' nár éirigh leis ==
 
Cé go raibh Kornilov míshásta leis an Sár Nioclás, bhí sé den tuairim nár chóir don Rúis a cuid comhghuaillithe a ligean síos sa chogadh. Ar nós a lán Rúiseach, bhí sé barúlach fosta go raibh anord agus ainriail ag dul i bhfairsinge sa tír i ndiaidh [[Réabhlóid na Feabhra]], agus dá gcaillfí an cogadh, go gcaillfí an Rúis. Dúirt sé nach raibh i [[Léinín]] agus sna Boilséivigh ach spiairí Gearmánacha agus gur chóir iad a chur chun báis. D'éiligh sé freisin go gcuirfí an disciplín mhíleata i bhfeidhm ar an arm arís, go gcuirfí deireadh le comhairlí an lucht oibre agus na saighdiúirí (na sóivéidí), agus go n-"athstruchtúrófaí" an Rialtas Sealadach féin.

Chreid sé go raibh údarás ó Kerensky aige an tsíocháin a chur ar bun arís sa phríomhchathair agus an rialtas a athstruchtúrú. Mar sin, d'ordaigh sé do Thríú Cór an Airm máirseáil go [[Cathair Pheadair]] agus an dlí míleata a chur i bhfeidhm ar an áit. Maidir le Kerensky, áfach, scoir sé Kornilov de phost an Ard-Cheannasaí ar an 9 Meán Fómhair, agus é á chur ina leith go raibh sé ag iarraidh deachtóireacht mhíleata a chur ar bun.

Chreid Kornilov go raibh Kerensky cimithe ag na Boilséivigh, agus gur chuir siadsan d'fhiachaibh air a leithéid d'ordú a thabhairt don Ghinearál. Is é an freagra a thug Kornilov ná gur eisigh sé gairm shlógtha do na Rúisigh go léir, agus é ag áitiú orthu "teacht chun tarrthála don tír seo againne atá ag saothrú an bháis cheana féin".
[[File:Kornilostsy_standard_bearer.jpg|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:Kornilostsy_standard_bearer.jpg|clé|mion|270x270px|lucht a leanúna, 1917]]
[[File:Знак_Корниловского_полка.jpg|link=https://en.wikipedia.org/wiki/File:%D0%97%D0%BD%D0%B0%D0%BA_%D0%9A%D0%BE%D1%80%D0%BD%D0%B8%D0%BB%D0%BE%D0%B2%D1%81%D0%BA%D0%BE%D0%B3%D0%BE_%D0%BF%D0%BE%D0%BB%D0%BA%D0%B0.jpg|deas|mion|211x211px|ionchomhartha Kornilov]]
 
== I nDiaidh an ''Choup d'État'' ==
 
Nuair a theip ar an g''[[coup d'état]]'', cuireadh Kornilov agus lucht a leanúna faoi choimhéad i bpríosúnb[[príosún]] Bikhov. Go gairid ina dhiaidh sin, shealbhaigh na Boilséivigh an chumhacht. D'éirigh le Kornilov an príosún a thréigean, ós rud é go raibh lucht tacaíochta dá chuid féin i measc na séiléirí.

Rinne Kornilov a bhealach go dtí réigiún [[Abhainn Don]], agus chabhraigh sé leis an nGinearál Mikhail Alekseyev arm frith-Bhoilséiveach a shlógadh i [[Novocherkassk]]. Cé go raibh na Boilséivigh i bhfad ní ba líonmhaire, d'éirigh le Kornilov agus lena dhíorma beag an-chath a chur orthu.

Fuair Kornilov bás i Mí Aibreáin 1918, le linn an chatha faoi Ekaterinodar. Nuair a bhí a chuid [[Saighdiúir|saighdiúirí]] ag cur léigir ar an gcathairg[[Cathair (lonnaíocht)|cathair,]] mharaigh sliogán de chuid na nDearg é.

Cuireadh é i gceann de na [[Sráidbhaile|sráidbhailte]] máguaird. Cúpla lá ina dhiaidh sin, tháinig na Boilséivigh go dtí an sráidbhaile. Dhí-adhlaic siad corpán an Ghinearál agus náirigh siad go poiblí é. Ina dhiaidh sin, d'ainmnigh ginearáil an Airm Bháin ceann de rannáin an Airm as Kornilov.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
[[Catagóir:Stair na Rúise|Kornilov, Lavr]]
[[Catagóir:Cosacaigh|Kornilov, Lavr]]