An difríocht idir athruithe ar: "Cois Fharraige"

Content deleted Content added
No edit summary
Dowlinme (plé | dréachtaí)
ag cur iomhá leis
Líne 1:
[[Íomhá:Gaeltachtai le hainmneacha2.svg|mion|Léarscáil de cheantair Gaeltachta, Cois Fharraige le feicéail air]]
Is ceantar é '''Cois Fharraige''' atá in iarthar [[Contae na Gaillimhe|Chontae na Gaillimhe]] agus é ag síneadh siar ó chathair na [[Gaillimh]]e go [[Casla]]. Is cuid de [[Conamara|Chonamara]] é an ceantar seo freisin (síneann Conamara i bhfad níos faide siar agus ó thuaidh). I measc na mbailte i gCois Fharraige tá [[Bearna]], [[na Forbacha]], [[an Spidéal]], [[Indreabhán]], [[An Tulach (Cois Fharraige)|An Tulach]] agus [[Ros an Mhíl]] . Tá ceantar Chois Fharraige ar cheann de na ceantair [[Gaeltacht|Ghaeltachta]] is láidre sa tír. Bíodh sin mar atá, tá an teanga faoi bhrú ón mBéarla sna bailte seo, go háirithe na cinn is gaire den chathair. Tá go leor tógála ar bun sa cheantar agus is minic gur daoine gan [[Gaeilge]] ó thaobh amuigh den cheantar a cheannaíonns na tithe. Ach is iad muintir na háite a bhfuil an t-iarann déanta acu á dtógáil! Le blianta beaga anuas tá díospóireacht go leor ar siúl mar gheall ar an gceist seo agus tá alt faoi ráiteas tionchair teanga curtha i bplean an chontae dá bharr.