An difríocht idir athruithe ar: "Stáit Aontaithe Mheiriceá"

Content deleted Content added
nasc
Líne 60:
I 1492, shroich an taiscéalaí [[Genova]]ch [[Criostóir Colambas]], a bhí faoi chonradh don [[Choróin Spáinneach]], roinnt oileán Cairibe. Deirtear gurbh é an chéad Eorpach a tháinig go Meiriceá, cé go ndeirtear freisin gur tháinig Gaeil, mar shampla Naomh Breandán, agus Lochlannaigh, ann roimhe ón Eoraip. Sna blianta a leanas, maraíodh formhór na ndaoine dúchasacha de réir eipidéimí na ngalar Eoráiseach.
 
Ar 2 Aibreán, 1513, tháinig an ''[[conquistador]]'' Spáinneach, [[Juan Ponce de León]], i dtír ar "[[La Florida]]," mar a ghlaoigh sé air. Ba é sin an chéad teacht Eorpach ar mórthír na Stát Aontaithe atá doiciméadaithe. As na coilíneachtaí bunaithe sa réigiún leis [[An Spáinn]], ní mhaireann ach St. Augustine, a bunaíodh sa bhliain 1565, sa lá atá inniu ann. Chruthaigh trádálaithe Francacha na bhfionnaigh urphoist timpeall na [[Locha Móra|Lochanna Móra]]; sa deireadh d’éiligh an Fhrainc an chuid is mó de Mheiriceá Thuaidh go dtí [[Murascaill Mheicsiceo|Murascaill na Meicsiceo]] sa deisceart. Ba iad Coilíneacht Virgina, a bunaíodh i [[Jamestown]] i 1607, agus Coilíneacht Plymouth na n-oilithreach, a bunaíodh i 1620, ceann de céad áiteanna lonnuithe rathúla na Sasanach. Bhí a lán [[inimirce]] de thoradh chairtfhostú na Coilíneachta [[Bhá Mhassachusetts]] i 1628. Thairis sin, bhí Nua Sasana lonnaithe le timpeall 10,000 [[Puritanaigh]] i 1634. Idir deireadh na 1610-idí agus [[Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá]], chuir timpeall 50,000 ciontaigh go dtí na coilíneachtaí a bhí ag Sasana, agus níos moille an Bhreatain Mhór, i Meiriceá. Thosaigh [[muintir na hOllainne]] ag bunú áite lonnaithe feadh theorainn theas [[Abhainn an Hudson|Abhann Hudson]], Amsterdam Nua ar [[Manhattan|Oileán Manhattan]] san áireamh. Bunaíodh áit lonnaithe beag le taobh na [[nAbhann Delaware]] i 1638, dár n-ainm An tSualainn Nua, ach glacadh an áit sin ar láimh leis na hOllannaigh i 1655.
I 1674, bhí na Sasanaigh i gceannas ar na sean-choilíneachtaí Ollannaigh; mar sin, athraíodh ainm chúige Nua Ísiltír go dtí Nua-Eabhrac. Tháinig a lán seirbhísigh féichiúnaigh go dtí an tír – go háirithe sa deisceart. Idir 1630 agus 1680 bhí dhá thrian de na hinimircigh ina seirbhísigh féichiúnaigh. Ag críoch na haoise, bhí sclábhaithe Afracacha ag éiriú príomh-fhoinse an saothair banna. Chruthaigh na 13 coilíneacht Bhriotanacha, a n-éireodh Stáit Aontaithe Mheiriceá, le deighilt na Carolinas i 1729 agus coilíneachas Georgia i 1732. Bhí rialtais áitiúla ag gach coilíneacht agus chomh maith leis sin bhí ciall an fhéin-rialtas acu le tacaíocht do phoblachtachas. Bhí [[Sclábhaíocht|trádáil na sclábhaithe Afracach]] dleathach sna 13 coilíneacht, leis. Le rátaí beireatais ard, rátaí báis íseal agus inimirce seasta, dhúbail na coilíneachtaí gach 25 bliain. Ag 1770, bhí 3 milliún daoine ina gcónaí sna coilíneachtaí – timpeall leath dhaonra na Breataine. Cé go ngearrfaí cánacha díobh, ní raibh aon ionadaithe féin acu sa [[Parlaimint|Pharlaimint]] i [[Londain]] - "diabhal cánacha gan ionadaíocht", mar a dúirt na ceannairceoirí féin.