An difríocht idir athruithe ar: "Stáit Aontaithe Mheiriceá"

Content deleted Content added
Líne 178:
Tá an t-ionchas saoil i Meiriceá (77.8 bliain) níos ísle ná an uimhir iomlán in Iarthar na hEorpa; tá an uimhir trí nó ceithre bliana níos ísle ná san [[an Iorua|Iorua]], san [[an Eilvéis|Eilvéis]] agus i g[[Ceanada]]. D’ísligh céimíocht na tíre maidir leis an ionchas saoil thar fiche bliain, ón 11ú áit go dtí an 42ra háit sa domhan. Tá an ráta mortlaíochta (6.37 as gach 1,000 daoine) sa 42ra háit as 221 tír, ar chúl gach tíre in [[Iarthar na hEorpa]]. Tá na rátaí marthanais maidir le [[ailse|hailse]] sna Stáit Aontaithe ar na rátaí is airde ar domhan. Tá timpeall is an tríú cuid de dhaonra aosach Mheiriceá [[otracht|murtallach]] agus tríú cuid breise róthrom; is é sin an ráta is airde sa domhan tionsclaithe agus dhúbháil an ráta sa deireadh 25 bliain. Measann gairmí sláinte gur eipidéim is ea [[diaibéiteas]] chineál 2 a bhaineann leis an otracht. Tá an ráta [[toircheas|toirchis]] i measc déagóirí sna Stáit Aontaithe (79,8 as gach 1000) cheithre oiread níos mó ná san Fhrainc agus a chúig oiread níos mó ná sa Ghearmáin. Is féidir [[ginmhilleadh]] dlíthiúil a fháil sna Stáit Aontaithe ach is conspóid mhór pholaitiúil í. Cuireann a lán stát cosc ar chistiúchán poiblí don ghinmhilleadh. Tá roinnt dlíthe ann sna stáit chomh maith a chuireann cosc ar ghinmhilleadh san iarthéarma, ní foláir an ginmhilleadh a chur in iúl do thuismitheoirí maidir le déagóirí, agus uaireanta tá tréimhse feithimh ann sar is féidir an ginmhilleadh a fháil. Cé go bhfuil an ráta ginmhilltí ag laghdú, tá coibhneas ginmhilltí Mheiriceá (241 as gach 1000 breith beo agus 15 as gach 1000 bean idir 15-44) níos airde ná formhór na tíre in Iarthar na hEorpa.
 
Caitear níos mó ar an gcóras sláinte sna Stát Aontaithe ná mar in aon náisiún eile má tomhaistear é i gcaitheamh an duine agus i gcéatadán an OTN. Níl córas sláinte na Stát Aontaithe uilíoch murab ionann agus tíortha forbartha eile. Baineann an córas níos mó feidhm as cistiúcháin phríobháideacha. Sa bhliain 2004, d’íoc árachas príobháideach as 36% den chaiteachas sláinte pearsanta, íocaíochtaí-as-póca príobháideacha ar 15% agus rialtais feidearálacha, stáit agus áitiúla ar 44%. Sa bhliain 2000 chuir an [[Eagraíocht Dhomhanda Sláinte]] córas sláinte na Stát Aontaithe sa chéad áit ar domhan maidir le freagrachas, ach sa 37ú áit maidir le feidhmiú ginearálta. Is ceannaire iad na Stáit Aontaithe i nuála sláinte. I 2004, chaith earnáil neamhthionsclaíoch na Stát Aontaithe a trí oiread an duine ná an Eoraip ar thaighde bithleighis. Is iad billí leighis príomhchúis féimheachta pearsanta sna Stáit Aontaithe. I 2005, ní raibh árachas ag 46,6 milliún de Mheiriceánaigh, sin é 15,% den dhaonra. Is í príomhchúis an meathlú sin ná an laghdú in árachas sláinte atá urraithe ag fostóirí, a thit ó 62,6% i 2001 go 59,5% i 2005. Bhí amuigh agus istigh an tríú cuid de na daoine gan árachas ina gcónaí i líon tí le hioncaim bliantúla níos mó ná $50,000 agus leath na ndaoine sin le hioncam thar $75,000. Bhí tríú cuid eile de dhaoine i dteideal árachais sláinte poiblí ach ní raibh siad cláraithe. I 2006, d’éirigh Massachusetts an chéad stát chun árachas sláinte a shainordú; sa bhliain 2010 cuireadh tús le hiarracht le córas sláinte uilíoch a chur ar bun (American Care Act). Níor baineadh an cuspóir sin amach go hiomlán agusCaliforniaiarracht leanúnach ar siúl ag machnamhan arpháirtí reachtaíochtatá i seilbh an Tí Bháin agus an tSeanaid chun an córas nua seo a chur ar samhailcheal.
 
== Cultúr ==