An difríocht idir athruithe ar: "Stáit Aontaithe Mheiriceá"

Content deleted Content added
Líne 179:
 
Caitear níos mó ar an gcóras sláinte sna Stát Aontaithe ná mar in aon náisiún eile má tomhaistear é i gcaitheamh an duine agus i gcéatadán an OTN. Níl córas sláinte na Stát Aontaithe uilíoch murab ionann agus tíortha forbartha eile. Baineann an córas níos mó feidhm as cistiúcháin phríobháideacha. Sa bhliain 2004, d’íoc árachas príobháideach as 36% den chaiteachas sláinte pearsanta, íocaíochtaí-as-póca príobháideacha ar 15% agus rialtais feidearálacha, stáit agus áitiúla ar 44%. Sa bhliain 2000 chuir an [[Eagraíocht Dhomhanda Sláinte]] córas sláinte na Stát Aontaithe sa chéad áit ar domhan maidir le freagrachas, ach sa 37ú áit maidir le feidhmiú ginearálta. Is ceannaire iad na Stáit Aontaithe i nuála sláinte. I 2004, chaith earnáil neamhthionsclaíoch na Stát Aontaithe a trí oiread an duine ná an Eoraip ar thaighde bithleighis. Is iad billí leighis príomhchúis féimheachta pearsanta sna Stáit Aontaithe. I 2005, ní raibh árachas ag 46,6 milliún de Mheiriceánaigh, sin é 15,% den dhaonra. Is í príomhchúis an meathlú sin ná an laghdú in árachas sláinte atá urraithe ag fostóirí, a thit ó 62,6% i 2001 go 59,5% i 2005. Bhí amuigh agus istigh an tríú cuid de na daoine gan árachas ina gcónaí i líon tí le hioncaim bliantúla níos mó ná $50,000 agus leath na ndaoine sin le hioncam thar $75,000. Bhí tríú cuid eile de dhaoine i dteideal árachais sláinte poiblí ach ní raibh siad cláraithe. I 2006, d’éirigh Massachusetts an chéad stát chun árachas sláinte a shainordú; sa bhliain 2010 cuireadh tús le hiarracht le córas sláinte uilíoch a chur ar bun (Affordable Care Act, nó Obamacare, go comónta). Níor baineadh an cuspóir sin amach go hiomlán agus tá iarracht leanúnach ar siúl ag an pháirtí atá i seilbh an Tí Bháin agus an tSeanaid chun an córas nua seo a chur ar cheal.
 
===Cúrsaí teaghlaigh===
I ndiaidh do roinnt stát [[Pósadh|póstaí]] comhghnéis a aithin, chuaigh an cás dlí ''[[Obergefell v. Hodges]]'' go dtí [[Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe]] agus thug an chúirt cead dó ar leibhéal náisiúnta (2015).<ref name=quietly>{{cite news |url=https://www.npr.org/templates/story/story.php?storyId=90857818 |title=Some Muslims in U.S. Quietly Engage in Polygamy |publisher=National Public Radio: ''[[All Things Considered]]'' |accessdate=July 23, 2009 |date=May 27, 2008 |first=Barbara Bradley |last=Hagerty}}</ref>
 
== Cultúr ==