An difríocht idir athruithe ar: "Tiobóid na Long de Búrca, 1ú Bíocunta Mhaigh Eo"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 2:
 
== Muintir ==
Rugadh Tiobóid de Búrca ar bord loinge sa bhliain 1567, díreach roimh chath i gcoinne foghlaithe mara de réir na scéalta. Ba í [[Gráinne Ní Mháille]], (1530-1603), "banríon na bhfoghlaithe mara", a mháthair, agus ba é [[Risteárd an Iarainn]] ("mac Emainn mic Uillicc"), <ref>http://www.ucc.ie/celt/online/G100005F/text011.html</ref>, a athair. Ba eiseané siúd an dara fear céile ag Gráinne.
 
Phós Tiobóid Méadhbh, iníon Dhónaill Úi Chonchúir Shligigh, sa bhliain 1584 agus rugadh ochtar clainne dóibh.
 
== Saol ==
Bhí Tiobóid mar ghiall ag na Gaill sna blianta 1585-1586. D'fhoghlaim sé roinnt [[Béarla]] agus é ina phríosúnach, agus bhí sé páirteach i gcathanna i gcoinne na [[Sasanach]] sna 1580í agus sna 1590í. Níor throid sé ar son na n[[Gael]], áfach, i g[[Cogadh na Naoi mBliana]]. GhaibhGhabh na Sasanaigh é i dtús an chogaidh, rud a lig do Ó Dónaill neartú le fear eile mar thaoiseach na mBúrcach. Bhí cloch sa mhuinchille ag Tiobóid do Ó Dónaill dá bharr.
 
Fuair Tiobóid cúiteamh i ndiaidh an chogaidh: rinneadh "Sir Tibbot ne Longe Bourke" de sa bhliain 1604 agus rinneadh "Viscount Mayo" de sa bhliain 1627.