An difríocht idir athruithe ar: "Leabhar Bhaile an Mhóta"
Content deleted Content added
→Táirgeadh agus stair: Typo clib: Mobile edit Mobile web edit |
clib: Mobile edit Mobile web edit |
||
Líne 46:
Ar an gcéad leathanach, faightear léaráid den [[Áirc Naoi]] mar a mheas an scríobhaí mar a bhí. Tá an chéad leathanach scríofa ar iarraidh, agus tosaíonn an dara le cur síos ar aoiseanna an domhain.
Faightear sa leabhar tráchtais ar stair na gciní Giúdacha; Naomh Pádraig agus a theaghlach; treoracha ó Chormac do rí; agus suirbhéireacht fhisiciúil agus gheolaíoch ar Éirinn. Tá cuid mhaith den tsaothar curtha leis [[An Fhiannaíocht|An bhFiannaíocht]] agus le [[Brian Bóramha]], agus le [[Leabhar na gCeart]]. Tá ann chomh maith tráchtais ar ghairm an fhile, ar mheadaracht éigse, ar scríbhneoireacht [[Ogham|Oghaim]] agus ar theangeolaíocht. Ag deireadh an leabhar, tá aistriúcháin ón nGréigis:
Maraon le cuid mhaith dá leithéid, tá clú agus cáil bainte amach ag Leabhar Bhaile an Mhóta de bharr a fhánaíochta. Le céad bhliain anuas, bhí sé ar na nithe is luachmhaire ar domhan leis an gclann Mhic Dhonnchadha de Chorran. Ag tús na 16ú haoise, ba é muintir Uí Dhomhnaill a bhí ina sheilbh, agus choinnigh siad é go dtí [[Imeacht na nIarlaí|Teitheadh na nIarlaí]] sa bhliain 1603. Bhí sé sa leabharlann i Coláiste na Tríonóide ó 1620 go 1767. D'imigh sé ar iarraidh ón leabharlann agus fuarthas níos déanaí é i mBurgúin na Fraince. Sa bhliain 1785, tógadh ar ais go hÉirinn é, chuig [[Acadamh Ríoga na hÉireann]], áit a bhfuil sé fós mar thaisce anois. Tógadh griangrafanna de in 1887 agus rinneadh dhá chéad chóip díobh.
|