An difríocht idir athruithe ar: "Cath Chluain Tarbh"

Content deleted Content added
→‎1013: Fixed typo
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
Líne 18:
|taismigh2 =~6,000
|}}
Ag '''Cath Chluain Tarbh''', a troideadh ar [[Aoine an Chéasta]] [[23 Aibreán]] [[1014]] i g[[Cluain Tarbh]] atá inniu i gcathairg[[Cathair (lonnaíocht)|cathair]] [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]], chloígh na [[Gaeil]] slua [[Lochlannaigh|Lochlann]] go hiomlán ar deireadh. Maraíodh [[Brian Bóirmhe]], ceannaire na nGael, áfach, ag deireadh an chatha, agus é ag guigh ina théalta.
 
== Cúlra ==
Bhí na [[Lochlannaigh]] is na [[Danair]] ag teacht i dtír in Éirinn ón [[9ú haois|9ú aois]], agus rinneadar an-réabadh ar bhailte agus [[Mainistir|mainistreacha]] na [[Éire|hÉireann]]. Bhí an chuid ba mhó den [[oileán]] faoi [[Rialtas|riail]] ag Brian Bóirmhe ón bhliain 1002, ach ní tír aontaithe a bhí ann ar chor ar bith, cé go raibh an teideal [[Ard-Rí na hÉireann]] bronnta air. Mar thoradh, bhí sé de sprioc ag Brian Bóirmhe talamh an oileáin ar fad a aontú faoina cheannas féin.
 
Bhuail Brian Bóirmhe agus a chéile comhraic [[Máel Sechnaill mac Domnaill]] - Rí na Mí agus Ard-Rí na hÉireann roimh Bhrian - le chéile i g[[Cluain Fearta]] sa bhliain 997. D'aontaigh an bheirt go dtabharfaidís aitheantas don chuid den [[oileán]] a bhí á rialú acu ag an bpointe seo. Bhíodh Brian Bóirmhe ag ionsaí thalún Mháel Sechnaill ar bhun leanúnach, agus ghéill sé a chuid dóibh dá bharr.
 
==== 1012 ====
Líne 35:
== Tús an chatha ==
Gheall Sigurd Hlodvisson cabhair do Ghormlaith, agus thóg sé Brodir ó [[Oileán Mhanainn]] ina éineacht mar chomhluadar. Bhí sé de phlean ag an bheirt an fear eile a mharú tar éis an chatha, agus [[coróin]] na hÉireann a thógáil dó féin.
[[Íomhá:Www.wesleyjohnston.com-users-ireland-maps-historical-map1014-es.svg|clé|mion]]
 
Sa bhliain 1014, d'éirigh arm Bhrian chun troda agus chuaigh siad amach i dtreo Bhaile Átha Cliath. Agus iad gar don chathair, tugadh buille do Mháel Sechnaill - iar-Rí na tíre - nuair a dhiúltaigh Gaeil na Mí dul i mbun troda le Gaeil Bhrian. Mar thoradh, ní raibh ag Sitric ach míle fear, i gcomparáid leis an ceithre go leith a bhí ag Brian. Shroich Brian an balla taobh amuigh den chathair, agus shocraíodar anseo don [[oíche]].
 
Ar an oíche seo, fuair Brian an nuacht go raibh na Lochlannaigh imithe amach ar [[Farraige|fharraige]] sna [[long]]<nowiki/>a, ag fágáil Sitric ina ndiaidh. Ní raibh ann ach bob, áfach. Faoi dorchadas na hoíche, thiontaigh na Lochlannaigh thart agus tháinig siad i dtír ar an trá i gCluain Tarbh, míle ó thuaidh ón chathair, chun a bheith ann i ngan fhios d'éinne an lá dár gcion.
 
 
Sna laethanta seo, bhí an chathair ar thaobh theas na Life amháin, agus ní raibh idir Cluain Tarbh ar an taobh thuaidh ach droichead amháin. Mar gheall ar seo, bhí na Lochlannaigh in ann teacht i dtír chun prapáil gan phriacail ar bith.
 
Sna laethanta seo, bhí an chathair ar thaobh theas na [[An Life|Life]] amháin, agus ní raibh idir Cluain Tarbh ar an taobh thuaidh ach droichead amháin. Mar gheall ar seo, bhí na Lochlannaigh in ann teacht i dtír chun prapáil gan phriacail ar bith.
[[Íomhá:Vikings at Clontarf re-enactment.png|mion|299x299px]]
 
== An cath ==
Line 46 ⟶ 49:
 
Bhí Gaeil Bhrian eagraithe beagnach mar an gcéanna. Ar dheis (clé na Lochlannach), bhí míle saighdiúir tuarastail agus Lochlannaigh ón Oileán Mhanainn. Go díreach in aice leo, bhí míle go leith fear agus a ríthe as clanna [[Connacht|Chonnacht]], dhá mhíle laoch [[Mumhan]] faoi cheannas Mhurchad, mac Bhrian, chun tosaigh, míle agus ceithre chéad de Dál Cais ar chlé faoi cheannas [[Toirdhealbhach Ua Briain]] mhic Mhurchad cúig bhliain déag, agus deartháir Bhrian Cuduiligh.
[[Íomhá:Map of Battle of Clontarf.png|clé|mion|308x308px]]
 
Cuireadh tús leis an troid féin le roinnt maslaí pearsanta óna fir ón dá thaobh, agus beirt nó triúr dóibh ag dul amach i mbun troda pearsanta in amharc a chéile, leis na sluaite ag screadáil agus ag béiceadh. De réir a chéile, thosaigh na fórsaí ag druidim níos giorra dá gcéile, agus bhris an cogadh ceart amach go luath ar maidin.
 
Line 55 ⟶ 58:
I lár an chatha, áfach, b'iad na Lochlannaigh a bhí chun tosaigh, le Sigurd agus Máel Mórda ag déanamh slad ceart ar fhórsaí Mumhan. De réir an finscéal, thóg Sigurd bratach draíochtúil isteach sa chath leis, ceann a mheall na Gaeil chuig an té a bhí á iompar, chun é a mharú é sa deireadh. Ceapadh go mbainfeadh an bratach an bua amach don té seo, ach go marófaí é chomh maith. Mar gheall ar an scéal seo, níor phioc éinne eile é suas, agus maraíodh Sigurd láithreach bonn nuair a rinne seisean amhlaidh.
 
Agus an lá ag druidim chun deiridh, agus roinnt shosanna tógtha, bhí droch-chuma ar an scéal do na Lochlannaigh. Bhí Sigurd marbh, bhí na fir ag teipeadh ar an dá eite agus bhí gach duine traochta. Ghlac na Gaeil seilbh ar na dtránna os comhair na longa, agus bhí ar roinnt Lochlannaigh snámh ar ais i dtreo na longa eile a bhí ag fanacht níos faide amach san fharraige. Fuair cuid mhaith dóibh bás san iarracht seo.
[[Íomhá:Brian Boru, King of Munster.jpg|clé|mion|[[Brian Bóramha]]]]
Bhí sé sach soiléir gurb ag Brian a bhí an lámh in uachtar, agus shocraigh na Lochlannaigh éalú siar chuig an chathair. Bhain Máel Sechnaill fiedhm as an pointe seo chun teacht ar ais sa throid, agus dhún sé an bealach chuig an droichead agus sábhailteacht na cathrach. Leis na Lochlainnaigh sáinnithe, cuireadh gach uile duine dóibh chun báis.
 
SaSam idirlinn, tháinig Brodir ar Bhrian ag guí ina phuball, agus é faoi cheilt sna choillte gar do Bhaile Átha Cliath. Bhailigh Brodir roinnt dá fhir le chéile gan mhoill agus d'ionsaigh siad agus mharaigh siad an Rí agus a fhoireann. D'éalaigh siad láithreach, agus Brodir ag béiceadh "Anois, inis do gach fear gurb é Brodir a mharaigh Brian". De réir thuairiscí na Lochlannach, gabhadh Brodir faoi deireadh agus fuair sé [[bás]] uafásach ag lámha Ulf, an laoch a bhuail sé leis níos luaithe ar pháirc an áir.
 
As an sé mhíle go leith agus seacht míle de Lochlannaigh agus a gcomhghuaillithe, meastar gur maraíodh sé mhíle dóibh, beagnach gach duine de na taoisigh san áireamh. Ó thaobh na nGael de, cailleadh timpeall ceithre mhíle, an Rí Brian agus an chuid ba mhó dá mhic.