An difríocht idir athruithe ar: "Teileascóp"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
Dowlinme (plé | dréachtaí)
ag cur grianghraf leis
Líne 1:
[[Íomhá:Paris, Eiffelturm -- 2014 -- 1272.jpg|mion|Teileascóp i bPáras]]
Ionstraim optúil chun íomhánna formhéadaithe a dhéanamh de réada cianda. Seans go raibh a leithéid ann níos luaithe, ach tháinig sé in úsáid fhorleathan san [[An Eoraip|Eoraip]] go luath sa [[17ú haois|17ú céad]] tar éis do [[Galileo Galilei|Galileo]] is Lippershey samplaí rathúla a dhéanamh timpeall [[1608]]. Cruthaíonn teileascóp réalteolaíoch íomhá inbhéartaithe den fhrithne ach le réimse níos mó radhairc is [[formhéadú]] níos mó ná teileascóip dhomhanda (le híomhá ingearach). I dteileascóp athraonta, úsáidtear lionsa chun na gathanna [[Solas|solais]] a fhócasú, modh oibre a d'usáid Galileo den chéad uair sa [[réalteolaíocht]]. Ina fhoirm nua-aoiseach le [[Iomrall (optaic)|hiomrall]] crómatach na lionsaí ceartaithe, bíonn an teileascóp seo in úsáid fhorleathan, i measc amaitéarach go háirithe. I dteileascóp frithchaiteach, is le [[scáthán]] parabóileach a fhócasaítear na gathanna solais, modh oibre a d'úsáid [[Isaac Newton|Newton]] sa réalteolaíocht den chéad uair, de bhrí gur thuig sé gur réiteach é ar iomrall crómatach na lionsaí. D'fhorbair [[William Herschel]] ([[1738]]-[[1822]]) bealaí chun scátháin mhóra phríomhúla a theilgean i [[1783]]. Is teileascóip mar seo na teileascóip is mó ar [[An Domhan|Domhan]] go léir. Nuair a bhíonn gnóthaí ar leith le déanamh, cosúil le [[grianghrafadóireacht]], bíonn córas lionsaí is scáthán in úsáid, mar áta i [[Ceamara|gceamara]] Schmidt. Bailíonn radaiteileascóip astaíochtaí [[raidió]] cosmacha ó fhoinsí neamhaí agus déanann anailís orthu. Mias pharabólóideach bhailithe instiúrtha a bhíonn sa teileascóp seo, le brathadóir lárnach atá ceangailte le haimplitheoirí. Is féidir foinsí na [[Tonnta raidió|dtonnta raidió]] a léiriú trí chóras anailíse íomhánna mar phictiúir cosúil le grianghrafanna. I radathrasnamhéadar bíonn grúpa [[Aeróg (leictreonaic)|aeróg]] instiúrtha a tharchuireann a gcomharthaí chuig comhghlacadóir, agus is féidir íomhánna d'fhoinsí tonnta raidió sa chosmas le híogaire is cruinneas níos fearr a fháil leis seo. Bíonn teileascóip do shaghsanna eile radaíochta ([[Radaíocht infridhearg|infridhearg]], ultraivialait, X-ghathach is eile) in úsáid freisin, cuid acu ar shaitilítí os cionn [[atmaisféar an Domhain]].