An difríocht idir athruithe ar: "Rith fola"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Cailliúint fola ó fhuileadán éigin taobh amuigh nó istigh den cholainn. Tarlaíonn sé mar thoradh ar ghortú don fhuileadán nó téachtéalang de shagha...'
 
Dowlinme (plé | dréachtaí)
ag cur grianghraf leis
Líne 1:
[[Íomhá:Bleeding finger.jpg|mion|Méar ag cur fola]]
Cailliúint [[Fuil|fola]] ó fhuileadán éigin taobh amuigh nó istigh den cholainn. Tarlaíonn sé mar thoradh ar ghortú don fhuileadán nó téachtéalang de shaghas haemifile. Féadfaidh an gortú don fhuileadán tarlú de bharr tráma, ionfhabhtaithe nó galair éigin. Tarlaíonn cur fola artairí ina rúchlaí, agus bíonn sé géar de bhrí go mbíonn an brú artaireach ard i gcomparáid leis an mbrú sna féitheacha is na ribeadáin. I rith fola féitheach nó ribeadánach, púscadh mall fola ón [[Craiceann|gcraiceann]] nó go hinmheánach idir plánaí na [[Fíochán|bhfíochán]] a tharlaíonn. Is féidir leis an gcolainn an ceann is fearr a fháil ar chailliúint bheag fola. Má ritheann an fhuil de réir a chéile ar feadh i bhfad, tarlóidh [[anaemacht]]. Má tharlaíonn rith tobann trom fola, seans maith go dtarlóidh [[turraing]] is go bhfaighidh duine bás muna dtugtar [[fuilaistriú]] dó go tapa.