An difríocht idir athruithe ar: "Taom croí"

Content deleted Content added
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
No edit summary
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 1:
[[File|AMI scheme.png|alt=|thumb]]
Bás chealla matánacha an chroí, ag réigiún áitiúil ann de ghnáth, a tharlaíonn nuair a choinnítear [[ocsaigin]] uathu. Is féidir go dtarlóidh ionsaithe [[aingíne chléibh]] roimhe. Is é an siomtóm is suntasaí ná pian sa [[Cliabhrach|chliabhrach]] nach dtránn ar feadh tréimhse fhada uaireanta, fiú nuair a ghlacann an duine suaimhneas, ní hionann is aingíne, a laghdaíonn nuair a luíonn duine síos ar a shuaimhneas. Go minic tarlaíonn giorra anála, cur allais, agus urlacan. Feictear athruithe suntasacha diagnóiseacha ar an leictreacardagram. Braitheann na hiarmhairtí ar ionad an damáiste don chroí agus méid an mhatáin atá millte. Más beag é, is féidir nach gcuirfidh sé isteach an oiread sin ar dhuine: lá nó dhó tuirse nó mar sin, agus tagann sé chuige féin go tapa. Ach más mór é, féadfaidh cliseadh croí, suaitheadh mór i rithim an chroí, stad cairdiach, agus bás tarlú. Tá raon leathan cóireálacha éigeandála ann, ina measc [[instealladh]] drugaí chun bac a chur ar [[Téachtadh|théachtadh]] na [[Fuil|fola]] sna hartairí corónacha is cabhrú le matán sláintiúil an chroí, dífhibriliú an chroí le [[dífhibrilitheoir]], cúram cairdiascamhógach, agus eile.