An difríocht idir athruithe ar: "Gleannta Aontroma"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q912837 (translate me)
Dowlinme (plé | dréachtaí)
ag cur iomhá leis
Líne 1:
[[Íomhá:Glenariff. County Antrim, Ireland LOC 4427447306.jpg|mion|Gleannta Aontroma]]
Tá naoi ngleann i nGleannta [[Contae Aontroma|Aontroma]], nó i n'''Glinntí Aontroma''', mar a fhuaimnítear an logainm i gcanúint an tuaiscirt. Tá siad suite in oirthuaisceart an chontae, ar an gcósta thoir, in [[Cúige Uladh|Ultaibh]]. Tagann go leor turasóirí go dtí na gleannta, ó tá an ceantar ag cur thar maoil le cuimhní na staire Gaelaí, agus tírdhreach cuidsúlach le feiceáil ansin. Níl an [[Gaeilge|Ghaeilge]] chomh beo agus a bhí sí tráth den tsaol, ach faoin am ar bunaíodh [[Conradh na Gaeilge]], bhí cuid mhaith cainteoirí líofa dúchais fágtha sna Gleannta go fóill, agus d'fhoghlaim daoine de sheanfhondúirí an Chonartha an teanga ansin. Is é [[Baile an Chaistil]] an áit is láidre ó thaobh na Gaeilge de ar na saolta seo. Tá Naíscoil agus Gaelscoil ann anois, agus neart imeachtaí, ranganna Gaeilge agus araile ar fáil sa sráidbhaile. Bhí [[Feis na nGleann]] ag cur na Gaeilge chun cinn go láidir uair den tsaol, ach inniu, is mó a dhíríonn an Fheis ar chúrsaí staire na háite, in áit an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail.