An difríocht idir athruithe ar: "An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Cover_of_An_Hobad,_Irish_translation_of_The_Hobbit.png|175px|thumb|Clúdach an leabhair ''An Hobad'' (2012)]]
[[Úrscéal]] eipiciúil [[fantaisíocht]]a is ea '''''An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís''''' ([[An Béarla|Béarla]]: ''The Hobbit, or There and Back Again'') leis an [[Ollamh]] le Léann na Meánaoiseanna[[An Mheánaois|Meánaois]]<nowiki/>eanna [[J. R. R. Tolkien]]. Foilsíodh an [[leabhar]] ar dtús as Béarla sa bhliain 1937, agus is leabhar é a bhfuil moladh faighte aige ó léirmheastóirí[[Léirmheas Leabhar|léirmheas]]<nowiki/>tóirí. Ainmníodh an leabhar do bhonn Carnagie agus bhí bua ag an scéal i ngradam an New York ''Herald Tribune'' sa rannóg Ficsean D’Ógánaighd’Ógánaigh <ref>http://www.smithsonianmag.com/smart-news/the-hobbit-you-grew-up-with-isnt-quite-the-same-as-the-original-published-75-years-ago-today-45448681/?no-ist</ref>. Is leabhar é a bhfuil éileamh mór air go fóill agus aithnítear mar shaothar clasaiceach de [[litríocht]] na bpáistí é, agus tá an leabhar aistrithe go 50 teanga <ref name="telegraph">http://www.telegraph.co.uk/culture/books/booknews/9555838/The-Hobbit-What-has-made-the-book-such-an-enduring-success.html</ref>.
 
Tá an leabhar suite san aois roimh eachtraí [[Tiarna na bhFáinní |Thiarna na bhFáinní]], agus is scéal eachtraíochta bunaithe ar thóraíocht Bhiolbó Baigín é, chun scair de shaibhris an Dragan Smóg a fháil. Cabhraíonn Biolbó le Gandalf Draoi agus Toirín an t-abhac, ceannaire dosaen abhac teifeach agus ról an ghadaí aige sa chomplacht.
Líne 8:
== Achoimre an Phlota ==
 
Tosaíonn an [[leabhar]] le cuairt an draoi Gandalf ar Bhiolbó Baigín, hobad de chuid an Chnoic, agus tugtar cuireadh do Bhiolbó tabhairt faoi thóraíocht, ach diúltaíonn Biolbó, atá sona agus compordach lena shaol. An lá dardár gcionn, tagann Tóirín agus a chompánaigh, dosaen abhac, ar cuairt chuig Biolbó agus iad ag ceapadh go bhféadfadh sé cabhrú leo ar a dtóraíocht chuig an Sliabh Uaigneach chun a saibhreas dúchasach a fháil ar ais ó Smóg an dragan.
 
Tuigeann Bhiolbó gurb é Gandalf atá taobh thiar den tóraíocht seo agus gur tugadh le fios chuig na habhaic go ndéanfadh Biolbó gadaí den scoth. Go drogallach agus mar thoradh comhairle Gandalf, téann Biolbó leo. Teann an grúpa amach sa domhan mór, ag taisteal trasna Críocha na Hobad i dtreo an tSléibhe Uaignigh. Bíonn Biolbó go síoraí ag machnamh ar an gcinneadh a rinne sé faoi dheifir, i ndiaidh léargas a fháil ar fhiántas an domhain. Sna Críocha Uaigneacha tagann said ar throill, a ghabhann na habhaic agus a chuireann i málaí iad, agus é i gceist acu iad a róstáil agus a ithe. Éiríonn le Biolbó agus Gandalf iad a shábháil agus faigheann siad claimhte i bpoll na dtroll, i ndiaidh cuardaigh.
Líne 14:
[[File:Over Hill - Bilbo and Gandalf by Joel Lee.jpg|thumb|Biolbó Baigín]]
 
Taistealaíonn siad ar aghaidh go Gleann na Scoilte, daingean na nEalbh, atá faoi cheannaireacht Elrond. Aistríonn Elrond na rúnscríbhínní atá ar na claímhte; má ghlactar le, is cinn sean-ealbha iad. Aistríonn sé léarscáil Thóirín freisin, ag léiriú tábhacht Lá Dhúirín, an chéad lá den athbhliain Abhaic, don tóraíocht seo. I ndiaidh coicíse, tosaíonn an taisteal arís, ach i gcaitheamh stoirme agus iad ag dul tríd na sléibhte ó thuaidh téann siad ar fhothain in uachais na bPúcaí, agus gabhtar iad. Ag úsáid Glamdring (ceann de na claímhte), maraíonn Gandalf rí na bPúcaí agus scaoileann sé saor na habhaic, ach cailleann Biolbó a mhothú. Nuair a dhúisíonn sé, tagann sé ar fháinne agus bualann sé le Golam, créatúr an dorchadais.

Bíonn comórtas ceisteanna acu agus tagann tuiscint ar Gholam go bhfuil an fáinne, ‘a stóirín’, ag Biolbó. Cuireann Biolbó an fáinne air agus feiceann sé go bhfuil cumhacht draíochta aige mar go bhfuil sé dofheicthe. I ndiaidh éalú ó Gholam, tagann sé ar a chompánaigh arís. Ritheann siad ón sliabh chun bheith saor ó na púcaí agus cabhraíonn na hIolair, cairde Ghandalf, leo agus iad ionsaithe ag mic tíre na foraoise. Caitheann siad an oíche i dteach Béorn, cabhraíonn seisean leo agus ansin tá orthu dul isteach sa Mhodarchoill, foraois na nEalbh. Fágann Gandalf iad agus i ndiaidh dóibh troid a dhéanamh in aghaidh damháin alla na foraoise cuirtear na habhaic faoi ghlas, gabhlaithe ag an rí Ealbh ina halla. Baineann Biolbó úsáid as cumhacht an fháinne agus éiríonn leis na habhaic a scaoileadh saor tríd iad a chur i mbairillí fíona agus a chur isteach san abhainn.
 
[[File:Dale Erebor.jpg|thumb|Baile an Locha - ealaíon leantóra]]
 
Baineann siad Baile an Locha amach, baile atá plódaithe ag an gcine daonna. Caitheann an grúpa roinnt ama ansin ach bogann siad ar aghaidh chuig an Sliabh Uaigneach, ar an taobh eile den Loch. Agus Lá Dhúirín tagtha, tagann Biolbó ar fhreagra na ceiste ag leac an dorais, castar an eochair agus téann na habhaic isteach sa sliabh. Is anseo a bhuaileann Biolbó le Smóg ina aonar, agus bíonn comhrá acu. Is mór an fhearg a thagann ar Smóg nuair a thógann Biolbó cupán óir, ach tuigeann Biolbó go bhfuil laige éigin i gcraiceann an dragain ón gcomhrá. Tagann Biolbó freisin ar an Lómharchloch, cloch rí na n-Abhac. Spréachta le fearg, fágann Smóg an sliabh agus scriosann sé Baile an Locha. Maraíonn Bard, boghdóir an bhaile, Smóg, trí shaighead a chur ina chraiceann san áit is laige. AnoisA

nois agus saibhris Smóg gan chosaint, tagann airm éagsúla chuig an Sliabh Uaigneach, idir ealbha na Modarchoille, na fír ó Bhaile an Locha, abhaic ó na sléibhte, atá ag tacú le Tóirín, agus púcaí, chomh maith leis na mic tíre. Is ansin bíonn cath na gcúig arm, agus bíonn an bua ag na hAbhaic, Ealbha agus fír. Tógtar Biolbó go Tóirín, mar go bhfuil Tóirín ag fáil bháis, agus tar éis a bhás socraítear an Lómharchloch agus claíomh Ealbha a chur in uaimh leis. Roinntear saibhris an tsléibhe agus réitíonn Biolbó é féin lena bhealach a dhéanamh ar ais chuig an gCnoc, agus é ag taistil le Gandalf, Rí na nEalbh agus Béorn. Caitheann siad cuid den gheimhreadh le Béorn, agus nuair a thagann sé abhaile tá sé níos saibhre ná riamh.
 
== Téamaí an leabhair ==