An difríocht idir athruithe ar: "Cath Lios Cearúill"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Castles of Munster, Liscarroll, Cork - geograph.org.uk - 1392828.jpg|mion|255x255px|Lios Cearúill]]
Tharla '''[[Cath]] Lios Cearúill''' i g[[Contae Chorcaí]] sa bhliain [[1642]]. Bhuaigh an ceannasaí [[An Protastúnachas|Protastúnach]] [[Murchadh Ó Briain (Murchadh an Dóiteáin)|Murchadh Ó Briain, Barún Inse Uí Chuinn]], ar arm Caitliceach de chuid [[Lucht na Comhdhála]] a raibh [[Gearóid de Barra]], saighdiúir gairmiúil, i gceannas air.
Is éard a bhí i arm na Comhdhála mílistí a thóg tiarnaí áitiúla tar éis Éirí Amach na bliana 1641. Saighdiúirí Sasanacha agus Protastúnaigh áitiúla a bhí in arm an Bhrianaigh.
 
Ghabh de Barra [[Caisleán Lios Cearúill]], daingean ar bhruach na hAbhann Bige, agus é ag iarraidh smacht a fháil ar Chorcaigh. Thosaigh an t-imshuí ar 20 Lúnasa. Bhí páirceanna laisteas agus laistiar den chaisleán, agus portaigh nó coillte thuaidh agus thoir. An Sáirsint Thomas Ryeman a bhí i gceannas ann, tríocha fear aige agus armlón go leor, ach shuigh de Barra a chuid gunnaí móra ar chnocán agus ghéill Ryeman Dé hAoine 2 Meán Fómhair.
[[Íomhá:Irish Confederation.png|mion|Armas, an Chónaidhm Éireannach]]
 
== An Comhrac ==
Line 9 ⟶ 11:
Thug an t-ionad seo buntáiste d’fhórsaí na Comhdhála, agus d’iarr an Brianach na hÉireannaigh a mhealladh amach le hamas bréige. Theip air: chosain na hÉireannaigh an áit le muscaedóirí, agus bheartaigh an Brianach ar iad a ionsaí i gceart. Bhí a chuid coisithe lag le cruatan, agus ba mhó an éifeacht a bhí lena mharcra. Bhí gunnaí móra na nÉireannach suite ró-ard chun mórán díobhála a dhéanamh.
[[Íomhá:Charles II when Prince of Wales by William Dobson, 1642.jpg|clé|mion|Charles II le William Dobson, 1642]]
 
Sheas na hÉireannaigh an fód go maith ar dtús. Oilibhéar Stevenson, Caitliceach de shliocht Sasanach, a bhí i gceannas ar mharcra na Comhdhála. Thug siad fogha faoin namhaid agus scaip iad. Ghabh siad an Brianach féin, ach d'éirigh le deartháir an Bhrianaigh Stevenson a mharú le urchar áidh, rud a chuir beaguchtach ar na hÉireannaigh. Tar éis comhrac dian chúlaigh siad, agus ní raibh an cos-slua Éireannach cleachtach a ndóthain chun seasamh in éadan mharcra an Bhrianaigh. Ba í an eite chlé ba righne a sheas, ach thug siad an portach orthu féin faoi dheireadh. Rugadh corp Stevenson ó Lios Cearúill go dtí mainistir [[Eas Géitine]], agus adhlacadh é le hais uaigh a athar sa tseaneaglais ann.
 
Maraíodh os cionn 700 saighdiúir de chuid na Comhdhála, agus a lán oifigeach san áireamh. Is iomaí fear d'uaisle Chaitliceach na háite a maraíodh: chaill Gearaltaigh Dheasmhumhan ocht bhfear déag, agus cuireadh iad go léir i ráth a bhí in aice na háite. Chroch an Brianach caoga oifigeach ar maidin an lá dardár gcionn, agus d'fhan Corcaigh i seilbh na Sasanach.
 
== Tagairtí ==