An difríocht idir athruithe ar: "Napoléon Bonaparte"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Napoléon Bonaparte par Paul Delaroche.jpg|220px|mion|deas|Napoléon Bonaparte]]
Bhí '''Napoléon Bonaparte''', nó '''Napóilean''' mar a thugtar air i nGaeilge ([[15 Lúnasa]] [[1769]] – [[5 Bealtaine]] [[1821]]), nó '''Bónaí''' i nGaeilge Thír Chonaill fadó, ar dhuine de na ginearáil a d’fhear [[cogadh]] ar son [[Réabhlóid na Fraince|Réabhlóide na Fraince]].
 
Bhí sé ina cheannaire ar an bh[[An Fhrainc|Frainc]] ó dheireadh na bliana [[1799]] ar aghaidh, agus ina Impire ar na Francaigh (''Empereur des Français'') is ina Rí ar [[an Iodáil]] ón mbliain [[1804]] go dtí an bhliain [[1814]], agus arís sa bhliain [[1815]], faoin ainm '''Napoléon I'''.
Líne 21:
[[Íomhá:Paul Barras directeur.jpg|220px|mion|deas|Paul Barras]]
Ar an 13 Vendémiaire, Bliain IV (5 Méan Fomhar 1795), chuaigh ríogaithe chun ceannairce i bPáras in éadán na Stiúrthóireachta (''la Directoire''), rialtas réabhlóideach na tíre ag an am. Paul Barras a bhí i gceannas ar na trúpaí a bhí dílis don Stiúrthóireacht, agus chuir seisean Napoléon i bhfeighil na n-oibríochtaí. D'iarr Napóilean ar Joachim Murat gunnaí móra a bhailiú le chéile agus suíodh iad ag ceann na sráideanna ar aghaidh na Comhdhála Náisiúnta amach sna ''Tuileries''. Ruaigeadh na ceannaircigh le grán, maraíodh mórán acu, agus tugadh suntas do Napoléon mar oifigeach cumasach.
 
[[Íomhá:Attaque de la Convention nationale (1790).jpg|300px|mion|clé|Eglise St. Roch]]
 
=== An Céad Fheachtas Iodálach ===
Line 28 ⟶ 26:
 
Bhí an Iodáil faoi smacht na hOstaire, ach i gceann bliana nó mar sin bhí an lámh uachtair faighte aige ar chúig arm Ostaireacha, agus gan ach a leath-oiread fear aige go minic. Bhí clú air agus tionchar aige ag filleadh abhaile dó; ar a chomhairle féin (agus é faoi anáil an pholaiteora stuama [[Charles-Maurice de Talleyrand-Périgord|Talleyrand]]) d'éirigh an Stiúrthóireacht as an ionradh a bhíothas le déanamh ar an mBreatain, scéim a bhí á beartú acu le tamall. Socraíodh ar Napoléon a chur chun na hÉigipte, mar a mbeadh sé in ann bealach na nIndiacha a chosc ar na Briotanaigh. I ndáiríre, b’áil leis an rialtas é a chur as an mbealach toisc gnaoi na ndaoine a bheith air.
 
[[Íomhá:Attaque de la Convention nationale (1790).jpg|300px|mion|clé|Eglise St. Roch]]
 
=== Feachtas Éigipteach ===
Líne 38:
 
Bhí suim ag teacht aige i Meiriceá; bhí fonn ar an bhFrainc leas a bhaint as limistéar leathan Louisiana, agus ba ghá greim a choinneáil ar oileán Saint-Domingue (Haití) chuige. B’éigean tairbhe a bhaint as daoir ghorma chun na coilíneachtaí a chur chun cinn, fiú agus an daoirse cealaithe, ach ceileadh an t-eolas sin. Chuaigh na Francaigh i ngleic leis an nGinearál gorm [[Toussaint Louverture]]; ba dhian an cogadh é, agus fiú nuair a gabhadh Toussaint lean an comhrac. Ba é an fiabhras ba mhó a lagaigh na Francaigh, agus buaileadh iad faoi dheireadh. D’éirigh Napoléon tuirseach den scéal agus dhíol Louisiana leis na Stáit Aontaithe sa bhliain 1803.
[[Íomhá:Bodleian Libraries, Complements congees or little Boney's surrender to the tars of England- Napoleon Bonaparte premier consul s'est rendu à.jpg|mion|Ghéill Napoleon don Bhreatain faoi dheireadh]]
 
== Impire ==
Line 46 ⟶ 47:
Bhí éirim thar cách i Napoléon mar cheannaire míleata. Tá cáil air de bharr an ratha agus an míratha a tháinig ar a chuid feachtas. I gceann deich mbliana nó beagán os a chionn, smachtaigh Napoléon an chuid is mó d’iarthar agus de lár na hIlchríocha le gabháltais agus le comhaontais, nó go ndearna sé ionradh tubaisteach ar [[an Rúis]] i ngeimhreadh na bliana 1812, tubaiste ar tháinig díomua eile ar a muin: ''Cath na Náisiún'', a tharla gar do Leipzig i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1813.
 
I gceann cúpla mí chuir comhghuaillíocht a naimhde brú air an choróin a thabhairt suas, agus gan de rogha aige ach imeacht ina dheoraí chuig Oileán [[Elba|Eilbe]]. D’éirigh leis teacht ar ais ina shean-neart, éacht a dtugtar “an céad lá” (''les cent jours'') air, ach buadh air i gcath Waterloo [[An Bheilg|sa Bheilg]] ar 18 [[Meitheamh]] 1815. Ghéill sé don Bhreatain agus cuireadh ar deoraíocht é chuig oileán Naomh Léan, áit a bhfuair sé bás.
[[Íomhá:Napoleon's Grave on St Helena Island.jpg|mion]]
Ghéill sé don Bhreatain. Cuireadh ar deoraíocht é chuig oileán [[San Héilin]], áit a bhfuair sé bás. [[Othras peipteach]] agus [[ailse ghoile]] ba thrúig bháis dó, is cosúil.<ref>Cullen, William (2008). Is Arsenic an Aphrodisiac?. Royal Society of Chemistry. <nowiki>ISBN 978-0-85404-363-7</nowiki>.</ref>
 
== Oidhreacht ==
{{Forbair}}Lasmuigh dá ndearna sé de ghaisce cogaidh, cuimhnítear ar Napoléon mar an té a bheartaigh an Cód Napóileanach, córas cuimsitheach [[dlí]] a tháinig in ionad seanreachtaíocht na Fraince.
 
Is iomaí tuairim atá ag staraithe agus eile de Napoléon: [[Monarcacht|monarc]] meabhrach tuisceanach, tíoránach, duine a choisc an [[Réabhlóid]] (dúirt sé féin go raibh sí “curtha i gcrích”), creachadóir a bhí ciontach as bás na dtáinte, riarthóir a chuir bonn leis an bhFrainc atá anois ann: duine neamhchoitianta, mar sin, a thuill idir mholadh agus dhímholadh.
[[Íomhá:Longwood House (16311222817).jpg|clé|mion|Longwood, an teach ar oileán San Héiln inar chaith Napoléon Bonaparte 5 go leith bliana ar deoraíocht]]
 
Cheap Napoléon gaolta dá chuid mar mhonarcaí i dtíortha difriúla. Níor bhuan i réim iad, ach bhí nia leis [[Napoleon III]], ina Impire ar an bhFrainc agus ar a cuid coilíneachtaí amach sa [[19ú haois]].