An difríocht idir athruithe ar: "Pàrlamaid na h-Alba"

Content deleted Content added
AdamLibh (plé | dréachtaí)
AdamLibh (plé | dréachtaí)
Stair
Líne 2:
Is í comhdháil reachtúil na [[Albain|hAlban]] í '''Párlamaid na h-Alba''', nó '''Parlaimint na hAlban''' as Gaeilge na hÉireann. Tá sí lonnaithe i bhFoirgneamh na Parlaiminte, i gceantar Theach an Róid i [[Dún Éideann|nDún Éideann]], príomhchathair na hAlban, agus is minic a thugtar 'Teach an Róid' uirthi go neamhfhoirmeálta. Tá an pharlaimint déanta de 129 ball tofa, ar a dtugtar 'Baill Pharlaimint na hAlban', nó BPAnna.
 
== Stair ==
<br />
Bhí parlaimint ag an Albain roimh 1707, ach cuireadh as di le hAcht an Aontais na bliana sin, a d'aontaigh Albain le Sasana isteach sa [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. I ndiaidh méid mhór chaibidle i rith na 20ú haoise ar cheist logánú cumhachtaí go hAlban, chuir Acht na hAlban 1998, acht de chuid Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, parlaimint nua logánta ar bun. Tharla an chéad toghchán chun Pharlaimint na hAlban i Mí na Bealtaine 1999, agus thosaigh sí ag obair Mí Iúil na bliana céanna.
 
== Cumhachtaí ==
Roghnaíonn an pharlaimint an príomh-aire, a stiúrann sise nó seisean Rialtas na hAlban.
 
Tig le Parlaimint na hAlban dlíthe a dhéanamh in iomaí réimsí a bhaineann le gnóthaí na tíre, agus tig léi céim bhunúsach na gcánach tuarastail a ardú nó ísliú suas go dtí trí phingin sa phunt ón ráta a shocraíonn rialtas na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] don chuid eile den ríocht. Tugann Acht na hAlban 2012 agus Acht na hAlban 2016, achtanna de chuid Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, chumhachtaí leasaithe cánach do Pharlaimint na hAlban, agus tháinig siad seo i bhfeidhm go hiomlán sa bhliain 2017.
 
Tá cumhacht ag Parlaimint na hAlban dlíthe a dhéanamh ar raon ghnóthaí ar a thugtar “cúrsaí tiomnaithe”. Ina n-áireamh seo, tá: