An difríocht idir athruithe ar: "Stáit Aontaithe Mheiriceá"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 202:
 
=== Litríocht, fealsúnacht agus na healaíona ===
I rith an 18ú haois agus i dtús an 19ú haois, ba iad ealaíon agus litríocht na hEorpa a bhí i gcion ar ardchultúr agus mheon Mheiriceá. Ach i lár an 19ú haois bhí scríbhneoirí nua ann mar [[Nathaniel Hawthorne]], [[Edgar Allan Poe]] agus [[Henry David Thoreau]], agus mar sin bhí stíl liteartha shoiléir Mheiriceánach ann. Príomhphearsana sa litríocht ag an am ab ea [[Mark Twain]] agus [[Walt Whitman]], file. File suntasach eile ab ea [[Emily Dickinson]]—file a bhí beagnach anaithnid i rith a saoil. D’fhéadfadh "Úrscéal Mór Meiriceánach" a thabhairt ar úrscéal a chuireann síos ar ghné bhunúsach an charachtair agus an fhiontair náisiúnta, mar shampla: ''[[Moby-Dick]]'' le [[Herman Melville]] (1851), ''[[The Adventures of Huckleberry Finn]]'' le Mark Twain (1885) agus ''[[The Great Gatsby]]'' le [[F. Scott Fitzgerald]] (1925).
 
Tá [[Duais Nobel na Litríochta]] bronnta ar 11 saoránach Meiriceánach—an buaiteoir is déanaí ná [[Toni Morrison]] sa bhliain 1993. Ainmnítear [[Ernest Hemingway]], a bhuaigh [[Duais Nobel]] i 1954, go minic mar dhuine de na scríbhneoirí is tábhachtaí sa 20ú haois. Tháinig seánraí liteartha coitianta mar leabhair [[buachaillí bó]] agus [[ficsean coir]] ar an saol. Chruthaigh scríbhneoirí an Beat Generation seánraí liteartha nua chomh maith le húdair iar-nua-aimseartha mar [[John Barth]], [[Thomas Pynchon]] agus [[Don DeLillo]].